‘Foilsítear dhá Chaighdeán – ceann don reachtaíocht agus ceann don scríbhneoir Gaeilge’

Moladh déanta ag saineolaithe teanga go gcuirfí i gcló dhá ‘Chaighdeán’ – ceann do chúrsaí reachtaíochta agus ceann don scríbhneoir agus don fhoghlaimeoir Gaeilge

Language Teanga

Tá molta ag beirt saineolaithe teanga go gcuirfí i gcló dhá ‘Chaighdéan’ – ceann do chúrsaí reachtaíochta agus ceann don scríbhneoir agus don fhoghlaimeoir Gaeilge.

Ag labhairt dó ag seoladh An Séimhiú, leabhar nua leis an aistritheoir Micheál Ó Cearúil, d’aontaigh an tOllamh Dónall Ó Baoill le moladh an údair go gcuirfí dhá leagan den Chaighdeán ar fáil.

D’aontaigh an tOllamh Ó Baoill chomh maith leis an moladh go gcuirfí An Caighdeán Oifigiúil nua ar fáil roimh a fhoilsiú le go gcuirfeadh an pobal a gcuid tuairimí faoi in iúl.

“Is léir gurb é an rud is ciallmhaire a dhéanamh anois dar leis [Mícheál Ó Cearúil] agus tá mé ag teacht go hiomlán leis – a mholadh go gcuirfí dréacht de na rialacha atá le bheith sa Chaighdeán Oifigiúil a mbeidh feidhm dlí leis feasta a chur ar fáil ar an idirlíon, sa dóigh go mbeidh seans agus deis ag pobal na Gaeilge a dtuairimí faoi a chur in iúl – rud a chinnteodh gur ‘chomhchomhairle fhírinneach’ a bheadh ann i dtaca leis an Chaighdeán Oifigiúil sin. 

“Ba cheart, ach an dréacht sin a bheith á chur ar fáil don phobal, go gcuirfí Gramadach na Gaeilge – An Caighdeán Oifigiúil do Scríobh na Gaeilge (2011) ar fáil ar an idirlíon, chomh maith céanna.  Bhéarfadh an méid sin seans don phobal amharc agus scrúdú a dhéanamh ar an  Chaighdeán neamhfhoilsithe sin agus é a bheith ina ábhar comparáide acu agus iad ag déanamh scrúdú  ar an dréacht-Chaighdeán Úr,” a dúirt an tOllamh Ó Baoill, a bhí ina bhall den choiste a chuir an Caighdeán Oifigiúil do Scríobh na Gaeilge (2011) le chéile.

Dúirt an tOllamh Ó Baoill gur “cinnte” gur “comhtharlúint” a bhí ann “go raibh dhá leagan éagsúla den Chaighdeán Oifigiúil ar fáil ceithre bliana ó shin”, ach gur chun leas na teanga a bheadh sé an dá ‘Chaighdeán’ a chur ar fáil. 

“D’fhéadfaí leas níos mó a bhaint as an méid sin ná mar a rinneadh, ach ceann amháin a bheith dírithe go sonrach ar réimse na reachtaíochta agus an ceann eile ar na réimsí úsáide taobh amuigh den reachtaíocht,” a dúirt an tOllamh Ó Baoill agus saothar nua Mhichíl Uí Chearúil á sheoladh le déanaí aige.

Thug Vivian Uíbh Eachach le fios do Tuairisc.ie, áfach, nach bhféadfaí ceachtar den dá mholadh a chur i bhfeidhm.

“Ní fada uainn foilsiú An Caighdeán Oifigiúil athbhreithnithe agus is de réir fhorálacha na reachtaíochta a rith Tithe an Oireachtais a rinneadh an t-athbhreithniú,” a dúirt sé.

Ba í Rannóg an Aistriúcháin i dTithe an Oireachtais a cheap an Caighdeán Oifigiúil an chéad lá riamh agus a d’fhoilsigh sa bhliain 1958 é. Bhí conspóid ann roinnt blianta ó shin nuair a bhunaigh an tIar-Aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív coiste athbhreithnithe chun Caighdeán nua a aontú.

Dhiúltaigh Rannóg an Aistriúcháin páirt a bheith acu sa phróiseas sin ó tharla gur orthusan a bhí an dualgas an Caighdeán a chur ar fáil ó 1958.

Sa bhliain 2012, d’fhoilsigh an Rannóg leagan athbhreithnithe den Chaighdeán agus gealladh sa réamhrá leis an eagrán sin go ndéanfaí athbhreithniú air i gceann trí bliana.

Bhí an leagan nua den Chaighdeán le foilsiú an Márta seo caite ach fógraíodh anuraidh go raibh moill ar chúrsaí agus go mbeadh sé réitithe roimh dheireadh na bliana. Tugadh le fios do Tuairisc.ie gur imigh an leagan is deireanaí de An Caighdeán Oifigiúil chuig na clódóirí an mhí seo caite.