Foclóir Manainnis-Gaeilge foilsithe ar líne ag an Ollamh Kevin Scannell

Níl bliain imithe tharainn ó d’fhoilsigh Kevin Scannell a fhoclóir Gáidhlig-Gaeilge agus tá an dara foclóir curtha amach aige saor in aisce ar líne. Díríthe ar Ghaeilgeoirí ar mhian leo Manainnis a fhoghlaim atá an foclóir nua

Foclóir Manainnis-Gaeilge foilsithe ar líne ag an Ollamh Kevin Scannell

Screen Shot 2016-02-04 at 20.51.48

Tá foclóir nua Manainnis-Gaeilge curtha le chéile ag an Ollamh Kevin Scannell agus leagan PDF de curtha ar fáil aige ar líne. Tá 18,994 ceannfhocal sa chéad dréacht den fhoclóir atá ar fáil anois ach tá sé i gceist ag Scannell an 20,000 a bhaint amach.

Is é seo an dara foclóir atá foilsithe ag Scannell le bliain anuas – chuir sé foclóir nua Gáidhlig-Gaeilge amach i mí Aibreáin na bliana seo caite.

Dírithe ar chainteoirí Gaeilge ar mhian leo an Mhanainnis a fhoghlaim atá an foclóir nua, mar atá an foclóir Gáidhlig-Gaeilge, agus bhí ar Scannell na céimeanna céanna, a bheag nó a mhór, a thabhairt chun an foclóir nua seo a chur le chéile. Tá súil ag Scannell go mbeidh foclóirí Gaeilge- Manainnis  agus Gaeilge-Gáidhlig ar fáil amach anseo freisin.

Mar sin féin, bhí dúshlán ar leith roimhe agus é ag iarraidh corpas dátheangach Manainnis -Gaeilge a chur le chéile ar a mbunódh sé a fhoclóir. Dúirt Scannell le Tuairisc.ie nár foilsíodh, chomh fada lena bharúil, aon fhoclóir eile Manainnis -Gaeilge go dtí seo.

“Ní dóigh liom gur foilsíodh. Ach bhain mé tairbhe as go leor acmhainní foclóireachta Manainnis -Béarla agus téacsanna a sholáthair lucht labhartha na Gaelg dom; go háirithe Adrian Cain, Rob Teare, Phil Kelly, Chris Sheard, Caoimhín Ó Donnaíle, agus Ciarán Dunbar.

“Is cuid de chultúr na hathbheochana san oileán an oscailteacht seo – gach uair a d’iarr mé sonraí, nó téacsanna, nó aistriúcháin uathu, bhí siad lánsásta iad a roinnt liom,” a dúirt sé.

Dúirt sé freisin go raibh “iontas” air faoin méid téacsanna céanna a bhí ar fáil sa dá theanga. Is mór an cúnamh a leithéid de dhátheangachas agus foclóir den chineál seo á chur le chéile. Cuirtear abairtí taobh le taobh sa dá theanga agus is ar an gcaoi sin a chuirtear an corpas le chéile ar a mbunaítear an foclóir.

“Bhí an Bíobla ann ar ndóigh, ach bhí roinnt úrscéalta nua-aimseartha chomh maith, a aistríodh ó Ghaeilge go Manainnis . Is é Brian Stowell, laoch mór ghluaiseacht na Manainnise , a d’aistrigh roinnt acu, agus cúpla ceann eile a rinne Natalie Nic Shím – aistriúcháin den chéad scoth, agus thar a bheith luachmhar mar ábhar comhthreomhar, i gcomparáid leis an mBíobla a tháinig as Béarla,” a dúirt Scannell.

Scrúdaigh an t-ollamh an 1,200 focal is coitianta sa Mhanainnis  , agus bhí 225 acu ann nach mbeadh soiléir don chainteoir Gaeilge, dar leis. Tá na focail sin marcáilte san fhoclóir, rud a chabhróidh le foghlaimeoirí a bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu cheana féin.

Ní raibh ach timpeall 100 focal ann i measc an 1,000 focal is coitianta sa Gháidhlig a mheas Scannell a bheadh ‘deacair’ don chainteoir Gaeilge. Is airde an céatadán sa Mhanainnis ná mar atá sa Gháidhlig (19% vs 10%) mar gheall ar an gcóras litrithe atá in úsáid in Oileán Mhanann.

Is teanga Ghaelach í an Mhanainnis a labhraítí in Oileán Mhanann. Cailleadh an cainteoir dúchais deireanach sa bhliain 1974 agus d’fhógair UNESCO gur ‘teanga mharbh’ a bhí inti, cé go bhfuil suas le 500 cainteoir líofa ann i gcónaí.

Úsáideann an Mhanainnis aibitír an Bhéarla seachas na litreacha ‘x’ agus ‘z’. Is minic go mbíonn dé- agus tréghrafanna in úsáid le fuaimeanna na teanga Gaelaí a chur in iúl. Tháinig an córas litrithe sin chun cinn thart ar 500 bliain ó shin agus meastar nach raibh a fhios ag lucht a cruthaithe gurbh ann don chóras Gaelach. Níl aon fhianaise ann gur úsáideadh córas nó cló Gaelach le Manainnis a scríobh riamh.

Tá an foclóir Manainnis faoi cheadúnas Creative Commons, mar a tá an foclóir Gáidhlig, agus dá bharr sin is féidir le héinne an leabhar a chóipeáil, a phriontáil, a roinnt, a fhoilsiú, a dhíol nó a úsáid mar bhunús dá chuid oibre féin.

Tá Scannell ag súil go gcabhróidh a chuid oibre sa réimse seo ‘aon mhórphobal amháin’ a dhéanamh den trí phobal teanga agus na constaicí cumarsáide a ghlanadh do lucht labhartha na dteangacha sin. Tá sé ag súil freisin go mbeidh scríbhneoirí agus údair in ann margaí nua a aimsiú tríd an aistriúchán nó trí léitheoirí a bheith ag léamh sna teangacha eile.

Fág freagra ar 'Foclóir Manainnis-Gaeilge foilsithe ar líne ag an Ollamh Kevin Scannell'

  • Tuigim

    Ar fheabhas.
    Bainfidh mé úsáid as go minic.
    Buíoch!

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Dheara, nach scríobhfaidís i gceart!
    Kunas a kwirann sheed kwaol agus lahin in ool?

  • Gearóid

    Tá Kevin Scannell ar fheabhas ar fad. Iontach a leithéid seo a bheith ar fáil.