FÍSEÁN: Óráid bhreá Ghaeilge ag Rena Buckley…arís!

I nGaeilge amháin a labhair captaen fhoireann Chorcaí Rena Buckley i ndiaidh dá foireann Cluiche Ceannais Camógaíochta na hÉireann a bhuachan inné. Agus níorbh é an chéad uair aici é!

FÍSEÁN: Óráid bhreá Ghaeilge ag Rena Buckley…arís!

Rena Buckley, captaen Chorcaí. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

 

18 bonn uile-Éireann atá anois ag Rena Buckley, duine de mhórlaochra chluichí na nGael, rud a fhágann gur aici féin amháin anois atá an churiarracht maidir le boinn uile-Éireann.  Ba léir go raibh Buckley chomh sásta céanna leis an ngaisce is déanaí ag mná Chorcaí is a bhí sí nuair a thug sí léi a céad bhonn in 2005.

Bhí sí ina captaen ar an bhfoireann as Corcaigh a bhuaigh cluiche ceannais Pheil na mBan in 2012 agus ba i nGaeilge amháin a bhí a hóráid an lá sin chomh maith. Ba í an chéad duine a rinne a leithéid faoi dhó agus an chéad duine riamh le hóráid an bhua a thabhairt as Gaeilge i ndiaidh cluiche ceannais peile agus camógaíochta/iománaíochta.

Ní raibh aon amhras ar Buckley faoin teanga a roghnódh sí dá hóráid.

“Is maith le mo thuismitheoirí agus an teaghlach ar fad an Ghaeilge. Is dócha go bhfuil Gaeilge líofa go maith agam. Is cuimhin liom nuair a bhíomar óg, déarfaimis i gcónaí dá bhfaighfeá an seans go ndéanfá cinnte de do spiel a thabhairt as Gaeilge. Fuaireas mo sheans agus ní rachainn siar ar m’fhocal,” a dúirt sí.

Go deimhin, tá an oiread sin taithí ar a bheith ag buachan na gcluichí móra ag Buckley go ndéarfá nach mbíonn le déanamh ag gaiscíoch Inis Cara faoin tráth seo ach na dátaí agus ainm an choirn a athrú!

Bhuaigh Corcaigh inné ar Chill Chainnigh i gcluiche ceannais na hÉireann, 0-10 in aghaidh 0-9 nuair a d’éirigh le Julia White cúilín cinniúnach a aimsiú in am cúitimh. Ba é an 27ú huair ag Corcaigh cluiche ceannais camógaíochta na hÉireann.

 

 

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Óráid bhreá Ghaeilge ag Rena Buckley…arís!'

  • Seán Ó Briain

    Comhgháirdeas le foireann camógaíochta Chorcaí, agus go mór mhór le Rena Buckley as an óráid iontach a thug sí as Gaeilge. Duine cumasach í i ngach gné dá saol nach bhfuil náire uirthi ár dteanga féin a labhairt. Is urlabhraí den scoth í. Gura fada buan í. Corcaigh abú.

  • Seán Mag Leannáin

    Aontaím go hiomlán le Seán Ó Briain. Togha mná agus óráid den scoth.

  • Glór Í Eo

    Agus “Croke Park” scríofa i mBéarla amháin fúithi!

  • Cluain Sceach

    Mo ghraidhn í! Agus Corcaigh abú!

  • Braoin

    Comhghairdeachas leo uilig agus an óráid tugtha i nGaeilge bhreá ag Rena. Nár lagaí Dia go deo í. Thar cionn uilig!