Tá fiosrúchán curtha ar bun ag an Garda Síochána chun a fháil amach cé a sceith an t-eolas a foilsíodh i dtuairisc nuachtáin faoi líomhaintí maidir le mí-úsáid gnéis atá curtha i leith iar-aire rialtais.
Ceapadh Príomh-Cheannfort chun dul i mbun an fhiosrúcháin.
Thug an Garda Síochána le fios go bhfuil fiosrú á dhéanamh ar gach gné de sceitheadh eolais faoi chás coiriúil atá fós ag dul ar aghaidh.
D’eisigh iar-aire na Gaeltachta Pat Carey ráiteas aréir faoi líomhaintí maidir le mí-úsáid gnéis atá curtha i leith iar-aire rialtais.
Shéan sé go tréan agus go diongbháilte go raibh aon bhaint aige lena leithéid d’iompar. Dúirt sé nach raibh a fhios aige an leis féin a bhain na líomhaintí agus gur dá dheoin féin agus le ‘croí trom’ a bhí an ráiteas á thabhairt aige.
Thug sé le fios gur tuigeadh dó go raibh a ainm á lua leis na líomhaintí agus go raibh sé “trína chéile” nuair a ghlaoigh iriseoirí air faoin scéal. Bhí “imní” chomh maith air, a dúirt sé, faoi ráitis a luadh leis na Gardaí i dtuairiscí sna meáin.
Tuairiscíodh san Irish Independent Dé Céadaoin go raibh an Garda Síochána ag fiosrú líomhaintí a rinne bean mar gheall ar iar-aire rialtais.
Baineann na líomhaintí leis na hochtóidí nuair a bhí an bhean ina páiste.
Fág freagra ar 'Fiosrúchán curtha ar bun ag an Garda Síochána maidir le sceitheadh eolais faoi líomhaintí i gcoinne iar-aire rialtais'