Ráiteas eisithe ag iar-aire na Gaeltachta Pat Carey i dtaobh líomhaintí mí-úsáid gnéis atá déanta i gcoinne iar-aire rialtais

Shéan an t-iar-aire go tréan agus go diongbháilte go raibh aon bhaint aige lena leithéid d’iompar. Dúirt sé go raibh sé i dteideal na dea-cháile ach go mbeadh sé ag seasamh ar leataobh óna ról mar Stiúrthóir Toghcháin Fhianna Fáil agus ó na cúraimí poiblí eile atá air, ina measc Cathaoirleacht Bhord Ghlór na nGael

Pat Carey

Tá ráiteas eisithe ag iar-aire na Gaeltachta Pat Carey faoi líomhaintí maidir le mí-úsáid gnéis atá curtha i leith iar-aire rialtais.

Shéan sé go tréan agus go diongbháilte go raibh aon bhaint aige lena leithéid d’iompar. Dúirt sé nach raibh a fhios aige an leis féin a bhain na líomhaintí agus gur dá dheoin féin agus le ‘croí trom’ a bhí an ráiteas á thabhairt aige.

Thug sé le fios gur tuigeadh dó go raibh a ainm á lua leis na líomhaintí agus go raibh sé “trína chéile” nuair a ghlaoigh iriseoirí air faoin scéal. Bhí “imní” chomh maith air, a dúirt sé, faoi ráitis a luadh leis na Gardaí i dtuairiscí sna meáin.

I ráiteas a d’eisigh a dhlíodóirí thar a cheann, agus atá le léamh thíos, dúirt sé go raibh sé i dteideal na dea-cháile ach go mbeadh sé ag seasamh ar leataobh óna ról mar Stiúrthóir Toghcháin Fhianna Fáil agus ó na cúraimí poiblí eile atá air, ina measc Cathaoirleacht Bhord Ghlór na nGael.

Dúirt sé go raibh sé seo á dhéanamh aige fad is a bhí an fiosrúchán faoi na líomhaintí atá déanta i leith iar-aire rialtais ag dul ar aghaidh.

Tuairiscíodh san Irish Independent Dé Céadaoin go raibh an Garda Síochána ag fiosrú líomhaintí a rinne bean mar gheall ar iar-aire rialtais.

Baineann na líomhaintí leis na hochtóidí nuair a bhí an bhean ina páiste.

Ag éirí as na líomhaintí sin, tuairiscíodh gur chuaigh na Gardaí i dteagmháil le daoine fásta eile a raibh aithne acu ar an té atá i gceist timpeall an ama chéanna agus creidtear go ndearna siad líomhaintí den chineál céanna.

Tuairiscítear go mbaineann na líomhaintí le mí-úsáid gnéis ‘at a lower scale’.

Bhí Pat Carey, ar as na Buailtíní i gCiarraí dó, ina Theachta Dála d’Fhianna Fáil i mBaile Átha Cliath Thiar Thuaidh ó 1997 go dtí 2011. Ceapadh ina Phríomhaoire é i 2008 agus ceapadh mar Aire Gaeltachta, Pobail agus Comhionannais é i 2011.

Bhí an tiar-aire go mór i mbéal an phobail le linn an reifrinn phósta agus é ag feachtasaíocht ar son Tá Comhionannas.

Ceapadh mar Stiúrthóir Toghcháin Fhianna Fáil don chéad olltoghchán eile é an mhí seo caite. Tá sé ina Chathaoirleach chomh maith ar Bhord Ghlór na nGael agus aithne mhaith air i saol na Gaeilge.

Screen Shot 2015-11-12 at 22.14.21