‘Dangerous Dave’ ar fáil an athuair don iOS – agus Gaeilge bhreá aige!

Tá an cluiche ardáin Dangerous Dave ar fáil arís ar an Apple Appstore agus rogha Ghaeilge mar chuid den leagan uasdátaithe

Dangerous Dave

Tá sé ar intinn ag an dearthóir cluichí mór le rá, John Romero, leaganacha Gaeilge dá chluichí a chur ar fáil feasta.

Dúirt Romero an méid sin in agallamh nuachtáin faoin leagan nua iOS dá chluiche Dangerous Dave in the Deserted Pirate’s Hideout atá anois ar fáil san Appstore.

Tá an Ghaeilge i measc na dteangacha atá ar fáil ar an leagan nua den chluiche a rinne Romero den chéad uair sna 1980idí ach atá anois ar fáil arís mar gheall ar an éileamh mór ó imreoirí an chluiche.

Dúirt Romero, a bheidh ag aistriú go hÉirinn lena bhean agus ceathrar clainne go luath, go raibh sé tábhachtach dó go mbeadh leagan Gaeilge den chluiche ann agus go raibh sé ar intinn aige Gaeilge a chur ar na cluichí eile atá le teacht uaidh.

“Games are increasingly being used to teach kids, and having games they can play in their own language, particularly Irish, reinforces its importance in culture,” a dúirt sé leis an Irish Independent.

Is mó an cháil atá ar chluiche eile a dhear sé, Doom, ach is é an cluiche ardáin Dangerous Dave atá curtha in oiriúint don iOS ag Romero agus é ar fáil i rogha leathan teangacha.

Is í an Ghaeilge an teanga is lú cainteoirí ar liosta na gceithre theanga dhéag atá ar fáil ar Dangerous Dave, ach mhínigh bean Romero, Brenda, gur roghnaíodh an Ghaeilge a chur ar an gcluiche mar gheall ar a hoidhreacht Éireannach féin.

“Irish was a natural choice for us since we are moving to Ireland. It felt necessary to include it, even. I was also raised to appreciate Irish culture and my Irish heritage. My great grandparents were Irish, and though the language didn’t pass to me, we understand the critical importance of keeping it alive,” a dúirt Brenda Romero.

Tá fuaimrian nua agus seachghlórtha nua ar an leagan nua den chluiche agus rinneadh uasdátú ardghléine ar na grafaicí. Agus an t-alt seo á scríobh, tá corrfhrása Béarla fós le haistriú ar an leagan den chluiche a chonaic Tuairisc.ie .

Fág freagra ar '‘Dangerous Dave’ ar fáil an athuair don iOS – agus Gaeilge bhreá aige!'