Cuntas beathaisnéise cúigear mórGhael curtha le ainm.ie

Ar an gcúigear a bhfuil cuntas nua ar a saol foilsithe ar ainm.ie, tá na scríbhneoirí Máire Mhac an tSaoi agus Joe Steve Ó Neachtain

Cuntas beathaisnéise cúigear mórGhael curtha le ainm.ie

 

PIC – Máire Mhac an tSaoi, Joe Steve, Pádraig Ó HAoláin, Caitríóna Hastings, Anders Alqvist

Tá cuntas ar shaol agus ar shaothar cúigear mórGhael eile curtha leis an nBunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge.

Ar an gcúigear a bhfuil cuntas nua ar a saol foilsithe ar ainm.ie, tá Máire Mhac an tSaoi (1922-2021), duine de mhórfhilí na hÉireann, agus an scríbhneoir Joe Steve Ó Neachtain (1942-2020), duine d’fhathaigh shaol na Gaeilge, na Gaeltachta agus chultúr na hÉireann.

Is iad an triúr Gael aitheanta eile a bhfuil cur síos ar a saol curtha leis an mbunachar ná Pádraig Ó hAoláin (1944-2021), iar-Phríomhfheidmeannach ar Údarás na Gaeltachta agus cumadóir amhrán, Caitríona Hastings (1952-2021), scríbhneoir agus iarléachtóir le Gaeilge agus Béaloideas, agus Anders Ahlqvist (1945-2018), an teangeolaí agus ollamh Fionlannach.

Tá breis is 1,800 beathaisnéis ar fáil ar ainm.ie atá faoi chúram Fiontar agus Scoil na Gaeilge, DCU, Cló Iar-Chonnacht, Diarmuid Breathnach, nach maireann, agus Máire Ní Mhurchú, údair na naoi n-imleabhar sa tsraith Beathaisnéis ar a bhfuil an bunachar bunaithe.

Eilís Ní Anluain, Micheál Ó Conghaile, Seán Mac Labhraí agus Lillis Ó Laoire a sholáthair na cúig chuntas is déanaí ar ainm.ie.

Fág freagra ar 'Cuntas beathaisnéise cúigear mórGhael curtha le ainm.ie'