Cruinniú coiste rialtais faoi reachtaíocht cearta teanga curtha siar

Chuirfeadh an Bille chun leasú a dhéanamh ar an Acht Teanga  deireadh le córas na scéimeanna teanga

Cruinniú coiste rialtais faoi reachtaíocht cearta teanga curtha siar

Tá an cruinniú de choiste Gaeilge an rialtais a bhí beartaithe don Luan seo chugainn chun plé a dhéanamh ar Cheannteidil an Bhille chun leasú a dhéanamh ar an Acht Teanga curtha ar athlá, agus ní fios cathain a tharlóidh an plé sin anois.

Dheimhnigh urlabhraí de chuid Roinn na Gaeltachta do Tuairisc.ie aréir nach mbeadh an cruinniú den choiste, a bhfuil an Taoiseach ina chathaoirleach air, ag dul ar aghaidh mar a bhí beartaithe. Dúradh go raibh sé i gceist an dréachtreachtaíocht teanga a chur faoi bhráid an chéad chruinniú eile den Choiste Rialtais do na hEalaíona, don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin. 

“Tá an cruinniú a bhí beartaithe don 15 Bealtaine curtha siar. Níl dáta eile don chruinniú sin socraithe fós,” a dúirt an t-urlabhraí.

Ba é Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne a thug le fios le déanaí go gcuirfí an reachtaíocht nua faoi bhráid choiste an Rialtais Dé Luain agus go gcuirfí faoi bhráid an Rialtais í roimh dheireadh na míosa.

Tá an Bille atá dréachtaithe chun leasuithe a dhéanamh ar an Acht Teanga agus deireadh a chur le córas na scéimeanna teanga le cur faoi bhráid an Taoisigh inniu ag cruinniú de choiste Gaeilge an Rialtais.

Tá Conradh na Gaeilge agus dreamanna eile ar spéis leo cearta teanga ag súil go mbeidh an Bille nua níos láidre ná an dréachtreachtaíocht teanga a foilsíodh sa bhliain 2014 ach a caitheadh i dtraipisí nuair a dúirt an Coimisinéir Teanga, eagraíochtaí teanga agus polaiteoirí an fhreasúra araon gur beag a dhéanfadh sí chun cearta teanga an tsaoránaigh a láidriú.

ráite cheana féin Aire Stáit an Gaeltachta Seán Kyne go nglacfar sa Bhille nua le moladh an Choimisinéara Teanga deireadh a chur le córas na scéimeanna teanga, an córas maidir le cur le líon agus caighdeán na seirbhísí Gaeilge atá ar fáil ón Stát.

Ghéill an tAire Stáit ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge le déanaí “nach raibh córas na scéimeanna teanga ag obair” agus dúirt sé go dtabharfaí isteach córas nua a bheidh bunaithe ar rialacháin.

Féachfar ar an gcinneadh deireadh a chur le córas na scéimeanna teanga, atá in aimhréidh le blianta, mar chéim mhór chun tosaigh, ach ní fios go fóill cérbh iad na moltaí eile de chuid an Choimisinéara agus Chonradh na Gaeilge a bhfuil glactha leo.

Beifear ag súil, mar shampla, go dtabharfar aghaidh sa dréachtreachtaíocht ar cheist na Gaeilge i gcóras earcaíochta na státseirbhíse, córas a bhfuil ag teip glan air dóthain daoine a bhfuil Gaeilge acu a earcú.

Tá molta ag an gCoimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill go dtabharfaí polasaí nua earcaíochta isteach a dhéanfadh athchothromú ar líon na bhfostaithe stáit atá in ann seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge agus a dheimhneodh go bhfuil íosmhéid foirne le Gaeilge i ngach eagraíocht stáit a chuireann seirbhís ar fáil don phobal.

De réir na moltaí reachtaíochta a d’fhoilsigh Conradh na Gaeilge bheadh Gaeilge ag ar a laghad 20% d’fhostaithe nua sa státseirbhís amach anseo, agus cé go meastar go bhféadfadh foráil faoi chúrsaí earcaíochta a bheith sa Bhille nua, ní dócha go mbeidh sí chomh láidir sin.

Dúirt an tAire Stáit Kyne le déanaí go bhfuil sé “soiléir” go bhfuil fadhb le polasaí earcaíochta na státseirbhíse i leith na Gaeilge agus go raibh sé “dóchasach” go dtiocfaí ar réiteach leis an Roinn Caiteachais Phoiblí a chinnteodh go mbeadh “líon leordhóthanach” fostaithe le Gaeilge sa státchóras.

Ní fadhb í seo a réiteofaí thar oíche, a dúirt sé, ach ba chóir “breathnú uirthi mar chuspóir fadtéarmach”.

Beifear ag súil chomh maith go ndéanfar gníomh láidir ar son cearta teanga mhuintir na Gaeltachta sa reachtaíocht nua. Moltar i ndréachtbhille Chonradh na Gaeilge go mbeadh sé de dhualgas ar an Stát gach seirbhís phoiblí a chur ar fáil i nGaeilge do mhuintir na Gaeltachta faoin mbliain 2020 agus tá molta ag an gCoimisinéir Teanga go gcuirfí foráil sa reachtaíocht a chinnteoidh go gcaithfidh Gaeilge ar a dtoil a bheith ag oifigigh stáit a bhíonn lonnaithe sa Ghaeltacht nó ag obair inti go rialta

Ní dócha, áfach, go ngéillfear gan choinníoll don mholadh sin ach an oiread.

Táthar in amhras chomh maith go nglacfar le dhá mholadh eile de chuid Chonradh na Gaeilge: go mbeadh an Ghaeilge ar comhchéim leis an mBéarla ar chomharthaí nua bóthair amach anseo agus d’fhoilseofaí gach Bille go dátheangach.

Meastar, áfach, go nglacfar sa Bhille nua le moltaí éagsúla eile, ina measc go mbeadh foirmeacha an stáit ar fáil go dátheangach agus go mbeadh ceart de réir dlí ag gach saoránach a ainm agus á sheoladh baile Gaeilge a úsáid.

Is cinnte go bhfáilteodh pobal na teanga roimh leasú a thabharfadh ceart reachtúil dóibh a n-ainmneacha agus a seoltaí cearta a úsáid.

In 2015, fuair An Coimisinéir Teanga “an líon is mó gearán riamh faoi aon ábhar amháin”  nuair a chuir an comhlacht nua litreacha amach chuig muintir na Gaeltachta inar aistríodh ainmneacha agus logainmneacha go Béarla.

Tá sé ráite cheana féin ag an Aire Stáit chomh maith go mbeadh dualgas feasta ar an Aire Gaeltachta liosta na gcomhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla a uasdátú “gach bliain nó dhá bhliain”. Níl aon uasdátú déanta ó 2006 ar liosta na gcomhlachtaí a thagann faoi scáth an Achta.

Cáineadh ceannteidil an Bhille leasaithe a foilsíodh in 2014 toisc, i measc rudaí eile, go raibh faoi laghdú a dhéanamh ar líon teoranta na gcáipéisí a bhfuil dualgas ar chomhlachtaí poiblí iad a sholáthar i nGaeilge. Cuirfear suim dá réir sa mhéid a bheidh sa Bhille nua maidir le soláthar cáipéisí i nGaeilge.