Margadh polaitíochta don Bhreatain tar éis na vótála Déardaoin – tuairisc ó Mhanchester

Fearacht cheannairí na bpáirtithe i Teach Laighean, níl David Cameron ná Ed Miliband toilteanach a admháil go mbeidh margadh iar-thoghcháin riachtanach. Ach beidh mura dtarlaíonn míorúilt, dar lenár gcolúnaí agus é ag tuairisciú as cathair Mhanachain sa Bhreatain

Cameron Miliband

Is léir do gach vótoir anseo an fhírinne. Teastaíonn 326 suíochán i Westminster chun rialtas aonpháirtí a bhunú. Níor foilsíodh oiread agus pobalbhreith amháin le sé mhí anuas a thug le fios go raibh seans ag na Caomhaigh ná ag an lucht Oibre os cionn 300 suíochán a ghnóthú.

Déanfar margadh, glactar leis, más gá a leithéid, tar éis na vótála Déardaoin seo chugainn; rinneadh sin in Éirinn gach uair a theastaigh sé ó tháinig Fianna Fáil ar chomhthuiscint  gan choinne leis an bPáirtí Daonlathach (nach maireann) tar éis olltoghchán 1989.

Is ag seachaint na fírinne mar sin atá Cameron agus Miliband. Dúirt Miliband le linn seisiún ceistiúcháin teilifíse Déardaoin go ndiúltódh sé do mhargadh de chineál ar bith a dhéanamh le Náisiúnaithe na hAlban, fiú mura mbeadh sé ábalta dul i mbun rialtais dá bharr sin.

Ar an gclár céanna, dúirt Cameron le gach vótóir a chuir ceist faoi mhargadh nó faoi chomhréiteach iar-thoghcháin de chineál ar bith nár theastaigh a leithéid uaidh.

“Ach mura mbeidh dul as agat…” a dúradh leis arís agus arís eile. Dúirt Cameron leo gur móramh a theastaigh uaidh agus nach raibh fonn air dul i mbun idirbheartaíochta i seomra dorcha ina gcuirfí coda d’fhorógra na gCaomhach i leataobh. Is ina dhiaidh sin a scaoil sé an cat as an mála. An seasfadh sé lena fhocal, arsa fear sa lucht éisteachta leis, maidir le reifreann ar bhallraíocht san AE?

Dúirt Cameron nach gcuirfí an gheallúint sin sa meá in aon chor chun teacht ar chomhréiteach iar-thoghcháin. I bhfocail eile: níl móran ábhar eile a thiocfadh idir comhréiteach le pairtí eile, dá mbeadh gá leis.

Scaip ceannaire na Liobrálach, Nick Clegg, ceo an chur i gcéill seo nuair a thagair sé arís don seomra dorcha a luaigh Cameron, agus drogall comhréitigh na bpríomhcheannairí á cháineadh aige: “If either of them think they’re going to win a majority, they should go and lie down in that darkened room.”

D’fhreastail scríbhneoir an cholúin seo ar ‘oíche thoghchánaíochta’ a reáchtáladh in ionad pobail i dtoghcheantar Gorton i Manchester Dé Céadaoin. Bhí thart ar 200 vótóir i láthair. Iad suite ag boird, thart ar scór ag gach bord, agus deis acu gach iarrthóir a cheistiú ar feadh deich nóiméad.

Pléadh tithíocht, cúrsaí sláinte, scoileanna, inimirce (féach thíos*),  dífhostaíocht, an feachtas in aghaidh sceimhlitheoirí ISIS, agus ballraíocht san AE – bhí thart ar leath dá raibh i láthair ina coinne agus leath i bhfabhar.

Is ar an bhfeisire Gerald Kaufman amháin a cuireadh ceisteanna faoin margadh a theastóidh i Westminster tar éis an toghcháin. Dúirt Kaufman leo go mbeadh sé glan in aghaidh a leithéid. Dúirt sé liomsa gur chóir don Lucht Oibre rialtas mionlaigh a bhunú, mar a rinne siad i 1974, agus móramh a lorg ina dhiaidh sin. Bhí sé dóchasach go mbainfeadh an Lucht Oibre móramh iomlán amach in olltoghchan eile, mar a bhaineadar amach tar éis sé mhí i mbun rialtais i 1974.

Ní maith le Gerald Kaufman (a toghadh an chéad uair i 1970) comhrialtais in aon chor. Ach níor shíl duine ar bith a d’éist leis ar labhair mise leo níos deireanaí gur cur chuige dá leithéid sin atá beartaithe dáiríre ag a pháirtí.

Cibé faoin scéal a neosfar tar éis olltoghchán na Breataine, sílim go bhfuil dhá rud soiléir roimh ré.

1.  Cothaíonn seachantacht na bpríompháirtithe maidir le hidirbheartaíocht iar-thoghcháin breis amhrais, agus drochmheas ar pholaiteoirí i gcoitinne.

2 . Mura ndéanfar socrú iar-thoghcháin de chineál éigin leis na hAlbanaigh i Westminster, agus fiú má dhéantar, neartóidh an teannas agus an t-eascairdeas atá spreagtha go háirithe ar an taobh ó dheas den teorainn,  i dtaca le cás an neamhspleáchais.

* Theastaigh srianta níos géire ar inimirce ó dhaoine áirithe, ach a mhalairt a theastaigh ó dhaoine eile. Ní raibh claonadh soiléir sa halla, ach dúirt daoine ar an dá thaobh den argóint liom go n-aontódh suas le tríocha faoin gcéad de votóirí an cheantair leis an dearcadh frith-inimirce atá ag UKIP.

Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTÉ Raidio a hAon

Fág freagra ar 'Margadh polaitíochta don Bhreatain tar éis na vótála Déardaoin – tuairisc ó Mhanchester'