‘Columba’ an turtar ceannramhar a tháinig i dtír i nGleann Cholm Cille básaithe

A chorp asitrithe go saotharlann taighde áit a ndéanfar scrúdú iarbháis air. Is sa Muir Chairib a fhaightear turtair cheannramhara ar nós 'Columba' de ghnáth.

 

Columba 2
An Turtar ‘Columba’ nach maireann.

Tá turtar ceannramhar (loggerhead) a tháinig i dtír ar an Trá Mhór i nGleann Cholm Cille Dé Sathairn tar éis bháis in Uisceadán Exploris i bPort an Pheire i gContae an Dúin. In aineoinn tréaniarrachtaí na maor uisceadáin ‘Columba’ a choinneáil beo, bhásaigh sé ar maidin.

Aistríodh a chorp go saotharlann taighde an uisceadáin, áit a ndéanfar scrúdú iarbháis air.

Ba í Gráinne Rua Ní Ghallchóir a d’aimsigh an turtar i nGleann Cholm Cille maidin Dé Sathairn agus í amuigh ag siúl lena madra.

“Bhí an lánmhara amuigh agus bhí sé fágtha ar an trá. Shíl muid é a bheith marbh ach ghlaoigh muid ar m’fhear céile agus chonaic muid go raibh sé beo. Thug muid isteach sa teach é agus chuir muid in umar éisc é.

“Líon muid an t-umar leis an tsáile agus gaineamh agus ghlaoigh muid ar Amanda agus Gareth Doherty ón nGrúpa Éireannacha maidir le Míolta Móra agus Deilfeanna (IWDG) agus d’aithin siad gur turtar ceannramhar a bhí ann. ‘What a find!’ a dúirt Gareth. Shíl muidine go ndeachaigh sé amú agus é ar a bhealach go hOideas Gael!” a dúirt Gráinne Rua Ní Ghallchóir le Tuairisc.ie.

Tógadh Columba, a bhí 12 bliain d’aois, go dtí an t-uisceadán i gContae an Dúin maidin Dé Domhnaigh agus coinníodh in uisce te é a fhad is a thug na maoir uisceadáin aire dó.

De réir ráitis a d’eisigh Exploris bhí sé gan aithne de bharr an fhuachta agus bhí galair anaithid air. Síltear gur mar gheall a fuacht an drochshláinte aige a tháinig sé i dtír ar chósta na hÉireann.

Is sa Muir Chairib a fhaightear turtair cheannramhara de ghnáth.

Cúpla mí ó shin, tháinig turtar eile ceannramhar, Leona Loggerhead, i dtír in Éirinn agus thug Uisceadán na Gaillimhe aire di sular cuireadh ar ais sa Muir Chairib í.

Fág freagra ar '‘Columba’ an turtar ceannramhar a tháinig i dtír i nGleann Cholm Cille básaithe'