Ceapaire an lae inniu? Úll seargtha agus greim imithe as, leathionga gairleoige agus canna fruit cocktail…

Ceapaire an lae inniu? Úll seargtha agus greim imithe as, leathchloigeann gairleoige agus canna fruit cocktail… AG TÓGÁIL CLAINNE: Buaileann scáth agus faitíos ar leith do chroí nuair a bhreathnaíonn tú isteach i mbosca an aráin ag a seacht a chlog ar maidin is nach bhfeiceann tú ach dhá chrústa agus coirnéal de cream cracker

Ceapaire an lae inniu? Úll seargtha agus greim imithe as, leathionga gairleoige agus canna fruit cocktail…

‘Cé agaibh a réitigh an lón inniu?’ a d’fhiafraigh Beainín na Naíonáin Bheaga agus í ag teacht isteach an doras tar éis na scoile. Chuir mé cruit orm féin agus chrom ar an gcóip de bhileog margaíochta siopadóireachta a bhí ar an mbord os mo chomhair.

B’fhéidir nach gcuirfeadh sí an cheist arís mura mbreathnóinn sa tsúil uirthi, a chuimhnigh mé. Margaí ar ábhar lóin ar fad a bhí sa leabhrán lonrach, snasta. Is é an feall nár bhreathnaigh mé air an lá roimhe sin sular thosaigh siad ar ais ar an scoil.

Chuimhnigh muid ar na héadaí scoile, na cóipleabhair, na saitsilí, na ‘go-gos’, na stocaí, na bróga, na riteoga. Admhaím go raibh beagán éirí in airde orm. An bhfuil sibh réitithe le haghaidh na scoile? Ó a mhac, tá.

Ach níor chuimhnigh muid ar dhúshlán síorleanúnach an lóin. Tuigim anois don rí sin sa nGréig fadó ar chuir na déithe mallacht air go gcaithfeadh sé moghlaeir a rollú suas go barr sléibhe gach lá. Tá an lón sórt cosúil leis sin.

Is measa arís é nuair a dhéanann tú dearmad glan go bhfuil a leithéid de rud agus lón ar an saol. Déarfainn nach bhfaighfeá teip iomláin i do scrúdú tuismitheoireachta, ach b’fhéidir go dtabharfaí ar leataobh thú is go n-iarrfaí ort ‘iarracht éicint’ a dhéanamh ‘as ucht Dé’.

Dá mbeifeá i do dhalta scoile arís scríobhfaí ar do chárta tuairisce go ndearna tú iarracht ‘shásúil’. Agus tá a fhios againn uilig cén chiall atá leis sin. Níl sé sásúil, ná tada mar é.

Buaileann scáth agus faitíos ar leith do chroí nuair a bhreathnaíonn tú isteach i mbosca an aráin ag a seacht a chlog ar maidin is nach bhfeiceann tú ach dhá chrústa agus coirnéal de cream cracker.  Dá mbeadh scála richter ann do thaomanna scaoill thitfeadh sé seo áit éicint idir an taom a bhuaileann duine agus a theach trí thine agus an taom a bhuailfeadh tú dá ndéarfaí leat go gcaithfeá an Ardteist a dhéanamh arís amárach.

Múineann gá seift ar ndóigh, agus ní mór a bheith seiftiúil nuair a thuigeann tú nach bhfuil sa teach do na ceapairí ach úll seargtha agus greim bainte as, leathchloigeann gairleoige agus canna fruit cocktail.

Shocraigh mé  sa deireadh go raibh sé chomh maith agam í a fhreagairt. ‘Ar thaitin an lón leat?’ a d’fhiafraigh mé di go beoga. Cá bhfios nach raibh tús curtha agam le faisean nua ceapairedóireachta?

‘Meas tú an raibh sé beagáinín aisteach?’ a d’fhiafraigh sí díom go cúramach. ‘B’fhéidir go mbeadh ceapaire cáise agam amárach, más cuma leat.’