BREXIT/TUAIRISC LE CATHAL MAC COILLE I LONDAIN: Scaipeadh na gcleití in Easaontas na hEorpa

Tá saol polaitiúil na hEorpa bunoscionn ag vótóirí na Breataine

union-jack-flag Brexit

Cathal Mac Coille i Londain

“Beidh mé ag vótáil i bhfabhar imeachta,” a dúirt fear a bhí thart ar 60 bliain d’aois le Tuairisc.ie i Londain Déardaoin, “ar dhá chúis.”

“Uimhir a haon, toisc gur mian liom dlíthe ár dtíre a bheith á ndréachtú sa tír seo amháin, gan aon chur isteach ó thíortha eile, ná ó dhaoine sa Bhruiséil nár toghadh riamh.

“Uimhir a dó, toisc nach mian liom go mbeadh saorchead isteach sa Ríocht Aontaithe ag seachtó milliún Turcach.”

Ach nach bhfuil veto iomlán ag gach ballstát san AE ar bheartais mhóra sula dtairgfí ballraíocht don Tuirc nó cearta cónaithe do mhuintir na tíre sin? a dúirt an colúnaí seo le mo dhuine.

“B’fhéidir go bhfuil veto againn,” a dúirt sé, “ach níl muinín agam as ár rialtas go n-úsáidfear é.”

Tá síol thoradh an reifrinn sa Ríocht Aontaithe sa bhfocal sin – muinín. Nó ‘easpa muiníne’ ba chirte a rá, mar is easpa muiníne a léirigh an móramh 52 faoin gcéad a vótáil i bhfabhar na Breatimeachta.

Níl muinín níos mó as an élite ag sciar mór den phobal sa Bhreatain ná i mórán tíortha eile. Cé hiad? Ceannairí agus urlabhraithe na bpríomhpháirtithe agus an chuid is mó de na húdaráis i ngach tír, chomh maith le ranna stáit, saineolaithe, iriseoirí agus baincéirí.

Tá an dá phríomhchúis leis an mímhuinín réasúnta soiléir freisin:

1. An cúlú fada eacnamaíochta a laghdaigh ioncam an mhóraimh, ach a d’fhág mionlach saibhir i gcónaí ann agus iad slán ó bhuairt.

2. Inimirce agus an imní atá ar mhórán daoine sa Bhreatain go n-athrófar nósanna, cruth agus cultúr na gceantar ina bhfuil cónaí orthu.

3. Neamhthoil agus/nó éagumas polaiteoirí plé a dhéanamh ar chúiseanna imní agus ar bheartais le dul i ngleic leo.

Ní léir aon réiteach ar na fadhbanna seo faoi láthair ach tá an dochar a rinne an reifreann sa Ríocht Aontaithe thar a bheith soiléir. Nuair a thiocfaidh ceannairí an AE le chéile sa Bhruiséil, beidh míshuaimhneas sa bhreis orthu toisc gur léir an baol go vótálfaí i bhfabhar imeachta dá reáchtálfaí reifrinn dá leithéid i dtíortha eile.

‘Hooray!’ a dúirt ceannaire Pháirtí Saoirse na hÍsiltíre Geert Wilders maidin Dé hAoine agus reifreann imeachta ina thír féin á éileamh aige, mar a d’iarr Marine Le Pen sa bhFrainc.

Is treise ná sásamh na beirte sin an míshuaimhneas a spreag toradh an reifrinn i mBaile Átha Cliath. Tá an Bhreatimeacht agus a tionchar ar gach gné de shaol na hÉireann á mbreithniú ag coiste idir-ranna le breis agus bliain. Dúirt státseirbhíseach amháin go mbeadh an cuntas ar fhadhbanna atá curtha le chéile ag an gcoiste chomh tiubh le leabhar teileafóin dá gcuirfí i gcló é.

Beidh iliomad údar contúirte agus éiginnteachta le breithniú ag an gcoiste agus ag an rialtas sna míonna atá romhainn. Seo a leanas dhá shampla.

Sampla 1: Labhair Tuairisc.ie inniu le bean as Éirinn a bhfuil cónaí uirthi i Londain. Is saoránaigh Éireannacha í féin agus a beirt pháistí, ach is an gCipir a fear céile. Tá pas Éireannach á iarraidh aige anois, ar fhaitíos na bhfaitíos, ach níl aon cheart aige pas ná saoránacht Éireannach a fháil.

Sampla 2: Tá geallúint tugtha ag an Rialtas go ndéanfaidh siad páirtmhaoiniú ar fheabhsú an A5, an príomhbhóthar trí Thuaisceart Éireann, idir Muineachán agus an Srath Bán (agus ar aghaidh go dtí tuaisceart Dhún na nGall). Bhí maoiniú geallta freisin ag an bhFeidhmeannas i Stormont agus ag an Aontas Eorpach. Ní féidir a bheith cinnte anois go gcuirfear an t-airgead Eorpach ar fáil.

Dúirt Enda Kenny inniu gur san Aontas Eorpach a bheadh an tír seo i gcónaí, agus go mbeadh dlúthchaidreamh láidir i gcónaí idir Éire agus an Ríocht Aontaithe. Dhá aidhm nach gcomhlíonfar gan stró. Tá tréimhse chorraitheach romhainn.

Fág freagra ar 'BREXIT/TUAIRISC LE CATHAL MAC COILLE I LONDAIN: Scaipeadh na gcleití in Easaontas na hEorpa'

  • padraig

    ‘1. An cúlú fada eacnamaíochta a laghdaigh ioncam an mhóraimh, ach a d’fhág mionlach saibhir i gcónaí ann agus iad slán ó bhuairt.’
    Sin e an pointe is tabhachtai, dar ndoin, agus ni miste a chur i bhfath gurb e an ‘mionlach saibhir’ sin ba chionsiocair leis an gculu, den chuid is mo. Ni hamhain gur choimead siad a gcuid saibhris ach d’eirigh a lan acu nios saibhre fos. Leirigh aparachik mor an Bhainc Cheannias Eorpaigh .i. Jean P Trichet, ce gheobhadh fen bpoll e mura n-iocfai na sealbhoiri bannai go huile is go hiomlan nuair a bhagair se buama a adhaint i mBAC. Fuaireamr spleachadh eile air sin sa leithcheal scannalach a deanadh ar mhuintir na Greige agus ar na himircigh agus san idirbheartaiocht atathar a dheanamh fe lathair maidir le TTIP agus an caibidliu ar fad ar siul ar chula tearmai agus fe run.