‘Bac á chur ag an Rialtas agus an tAire Oideachais ar fhorbairt an oideachais lán-Ghaeilge’

Bhí eagraíochtaí oideachais agus teanga i láthair i dTeach Laighean tráthnóna chun plé a dhéanamh ar an mbearna idir soláthar an ghaeloideachais agus an t-éileamh atá air

‘Bac á chur ag an Rialtas agus an tAire Oideachais ar fhorbairt an oideachais lán-Ghaeilge’

Tá ráite ag an bpátrún is mó ar scoileanna lán-Ghaeilge sa tír go bhfuil an Rialtas agus an tAire Oideachais ag cur bac ar ghasúir oideachas lán-Ghaeilge a fháil.

Dúirt An Foras Pátrúnachta gur fhág cinntí na Roinne Oideachais le blianta beaga anuas go bhfuil laghdú tagtha den chéad uair le 50 bliain ar líon na ndaltaí atá ag fáil oideachas lán-Gaeilge. Ag cruinniú coiste Oireachtais i dTeach Laighean inniu, dúirt Caoimhín Ó hEaghra, Ard-Rúnaí An Foras Pátrúnachta go bhfuil neamhaird á déanamh ag an Aire Oideachais Norma Foley ar na héilimh tuilleadh scoileanna lán-Ghaeilge a oscailt.

“Neamhaird a dhéanann oifigigh na Roinne agus an tAire Oideachais ar iarrachtaí na bpobal gaelcholáiste a bhunú. Níl aon fhreagra faighte againn ar an iarratas chun gaelcholáiste nua a bhunú i gCaisleán an Bharraigh, mar shampla,” arsa Ó hEaghra.

Bhí an Foras Pátrúnachta i láthair i dTeach Laighean tráthnóna, in éineacht le hionadaithe ó Ghaeloideachas agus Conradh na Gaeilge, chun plé a dhéanamh ar easpa tacaíochta an stáit maidir le scoileanna lán-Ghaeilge nua a oscailt agus an cúlú atá tarlaithe in earnáil an ghaeloideachais.

Cé gur gealladh i gclár an Rialtais go gcuirfí le líon na ndaltaí a fhaigheann a gcuid oideachais trí Ghaeilge agus go mbunófaí gaelscoileanna agus gaelcholáistí nua, dúirt Caoimhín Ó hEaghra, Ard-Rúnaí an Fhorais Phátrúnachta, nach bhfuil aon phróiseas ag an Roinn Oideachais chun scoileanna nua a bhunú agus nach bhfuil aon scoil lán-Ghaeilge nua oscailte sa stát ó 2022.

Tá an Foras Pátrúnachta ag moladh go gcuirfí sa reachtaíocht go bhfuil oideachas lán-Ghaeilge ina cheart ag gach duine sa stát agus go leagfaí dualgas reachtúil ar an Roinn Oideachais cur le líon na scoileanna lán-Ghaeilge.

Caoimhín Ó hEaghra

“Tá an bhearna idir an soláthar agus t-éileamh ag dul i méid,” a dúirt  Caoimhín Ó hEaghra.

“An fhadhb atá ann ag an leibhéal is bunúsaí ar fad ná nach bhfuil aon phróiseas ann chun scoil lán-Ghaeilge a bhunú. Tá sé dodhéanta anois mar gheall ar sheasamh an stáit an bhearna idir an soláthar agus an t-éileamh a líonadh.”

“Le blianta beaga anuas, tá líon na ndaltaí atá ag fáil oideachas lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal tite ó 8.1% go 8.0%, agus ó 3.7% go 3.5% ag an dara leibhéal,” a dúirt Ó hEaghra.

Dúirt sé nach ndéanann sé ciall go leagfadh an Rialtas sprioc síos sa reachtaíocht go mbeadh 20% d’earcaigh chuig an tseirbhís phoiblí inniúil sa Ghaeilge faoi 2030 ach ag an am céanna go mbeadh sé ag cur “bac ar rochtain ar an ngaelscolaíocht, go háirithe ag an dara leibhéal”.

“Tá ag teip ar an rialtas a spriocanna féin agus polasaithe an stáit a bhaint amach. Cad as a dtiocfaidh an 20% d’earcaigh nua sa státchóras, dlí de chuid an rialtais féin, go háirithe nuair is titim seachas fás atá ar an líon daltaí sa ghaelscolaíocht?

“Cruthaíonn dlíthe mar éan ceann sin deiseanna do dhaoine ina ngairm ach tá an stát ag ceilt ana deise seo ar dhaltaí timpeall na tíre toisc nach bhfuil teacht acu ar oideachas trí Ghaeilge.”

Dúirt Clare Spáinneach ó Ghaeloideachas ag cruinniú an lae inniu go raibh “an córas reatha ag déanamh leithcheal ar dhaltaí” ar mian leo oideachas lán-Ghaeilge a fháil.

Dúirt sí go raibh Gaeloideachas ag éileamh go mbeadh “próiseas ar leith” ann chun bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge a bhunú “lasmuigh de chóras reatha” na Roinne Oideachais.

“Bíodh buntáistí na gaelscolaíochta ar fáil mar rogha do gach páiste,” a dúirt sí.

Dúirt sí go raibh an eagraíocht ag éileamh chomh maith go gcuirfí scéim fóirdheontais ar fáil do naíonraí lán-Ghaeilge “ar bhonn práinne”.

“Tá gá le scéim a thacaíonn le naíonraí a bhunú agus a bhuanú agus a chinntíonn go mbeidh rogha lán-Ghaeilge áitiúil ar fáil do gach páiste, agus go bhfuil fáil ag tuismitheoirí ar an eolas ina leith.

“Bua éasca a bheadh ann don Stát cur le líon na gcainteoirí Gaeilge dá dtabharfaí tús maith do na leanaí agus iad ag glacadh a gcéad chéimeanna ar a dturas teanga leis an nGaeilge.”

Dúirt Clare Spáinneach gur cheart don Roinn Oideachais “deis chothrom a thabhairt do pháistí dul chun cinn a dhéanamh agus leanúint lena gcuid oideachais trí Ghaeilge”.

Luadh ag an gcruinniú inniu ocht gcinn d’fheachtais atá ar bun ag tuismitheoirí ar fud na tíre agus iad ag éileamh go mbunófaí gaelcholáiste ina gceantair féin – i mBaile Átha Cliath 2,4,6,8; i gCoill na Silíní I ndeisceart Bhaile Átha Cliath; i mBaile Átha Cliath 9 i dtuaisceart na hardchathrach; i Sord i gcontae Átha Cliath; i gCaisleán an Bharraigh i Maigh Eo; i nDroichead na Bandan in iarthar Chorcaí; agus sa Tulach Mhór i lár tíre.

Tá feachtas ar bun freisin chun gaelcholáiste a thógáil in oirdheisceart na Mí, áit ina bhfuil breis is 1,000 dalta ag freastal ar cheithre ghaelscoil sa cheantar ach gan rogha ann dóibh leanúint ar aghaidh leis an oideachas lán-Ghaeilge ag an dara leibhéal.

“Tá an t-éileamh ar ghaelcholáiste soiléir,” dúirt Cormac McCashin, Cathaoirleach Ghaelscoil na Mí. “Tá infheistíocht mór a dhóthain déanta ag an stát ag an mbunleibhéal le go mbeidh 1,200 dalta ag freastal ar na gaelscoileanna go luath.”

Ag an gcruinniú inniu, d’iarr Conradh na Gaeilge go n-éileodh Coiste Gaeilge an Oireachtais ar an Aire Foley cinneadh a dhéanamh láithreach bonn Gaelcholáiste a bhunú i ngach ceann de na hocht gceantar sin ina bhfuil feachtas ar bun.

Paula Melvin

“Ní haon rud nua é nach bhfuil an Stát ag freastail go sásúil ar an éileamh sa phobal d’oideachas trí mheán na Gaeilge dá bpáistí,” a dúirt Uachtarán an Chonartha, Paula Melvin, leis an gcoiste.

“Mar sin féin, níor éirigh leis an Roinn Oideachais leanúint ar aghaidh lena hinfheistíocht ag an dara leibhéal. Níl aon ghaelcholáiste sa cheantar le freastal ar an líon mór scoláirí seo agus níl ciall ar bith leis, go háirithe nuair is a mhalairt ar fad atá i mbeartas an stáit.”

Dúirt Melvin gur síleadh go raibh athrú le teacht ar mheon an stáit i leith an ghaeloideachais nuair a rinne an Rialtas reatha geallúintí ina leith ach nach bhfuil beart de réir an bhriathair déanta acu.

Mhaígh Melvin go bhfuil an Roinn Oideachais ag baint úsáid as forbairt an pholasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht mar leithscéal chun cinntí faoi bhunú scoileanna lán-Ghaeilge a chur “ar an méar fhada”.

Dúirt sí gur cheart do Rialtas na hÉireann sampla na Breataine Bige a leanúint. Dúirt sí go raibh 23 scoil nua a fheidhmeoidh trí Bhreatnais le bunú mar iarracht líon na ndaltaí a fhreastalaíonn ar scoileanna Breatnaise a mhéadú ó 23% go 40% faoi 2050.

Dúirt Melvin gur cúis “náire náisiúnta” a bhí ann go raibh céatadán na ndaltaí in Éirinn a fhaigheann oideachas lán-Ghaeilge chomh híseal sin breis is 100 bliain ó bhunú an stáit.

“Breis is 100 bliain ar aghaidh ó bunaíodh an Stát ó dheas, nach náire náisiúnta é nach bhfuil ach 6.7% de dhaltaí bunscoile sa dlínse seo ag freastal ar bhunscoileanna atá ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht agus 2.6% de dhaltaí iar-bhunscoile ag freastal ar iar-bhunscoileanna ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht in ainneoin spéis an phobail sa ghaelscolaíocht?” a dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge.

Fág freagra ar '‘Bac á chur ag an Rialtas agus an tAire Oideachais ar fhorbairt an oideachais lán-Ghaeilge’'

  • Siún De Barra

    Bíonn daoine ag úsáid Galescoileanna mar cruthúnas go bhfuil an Ghaeilge slán. Ghlacas an argóint sin i gcónaí. Ní tuismitheoir mé agus thuigeas go raibh Gaelscoileanna nua á bhunú gach bhlain ach bhí dul amú orm.
    Níor thuig mé nach bhfuil ach “2.6% de dhaltaí iar-bhunscoile ag freastal ar iar-bhunscoileanna ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht” mar a dúirt Paula Melvin.

    Tá an” athbheochaint” a bhí Mícheál Martin ag maíomh as ag ardfheis Fhianna Fáil le déanaí comh marbh le h-art nuair nach bhfuil fás leanúnach ar an Ghaeloideachas ag an dara leibhéal ach go h-áirith mar is na daltaí sin an chéad glún eile.

  • Úna Berryman

    Tá neart áiteanna eile ann a bhfuil dóthain éileamh chun gaelcholáiste a bhunú. Iarrachtaí gan toradh a bhíonn ann gach uair a thosaíonn feachtas mar gheall ar an gcóras faoi láthair. Ba bhreá liom fáil amach cé mhéad feachtas ar cuireadh tús leo sna blianta beaga anuas nach bhfuil ar an liosta atá agaibh. Ní bhíonn fonn nó an t-am breise ag daoine feachtas a bhunú nuair nach bhfuil seans ar bith aon rath a bhaint amach. Tá súil agam go mbeidh scoil dara-leibhéil trí Ghaeilge ar fáil do mo pháistí féin nuair a bheidh an aois sin acu ach faoi láthair níl aon rogha ach tiomáint uair a chloig sa ghluaisteán.