ASNC: ‘Clár an-eagraithe dópála is cúis le torthaí Gaeilge dochreidte na hArdteiste’

Leanaí chomh hóg le 16 bliain á ndópáil chun go n-éireoidh leo sa Ghaeilge i gCluichí na hArdteiste

ASNC: ‘Clár an-eagraithe dópála is cúis le torthaí Gaeilge dochreidte na hArdteiste’

Tá amhras á chaitheamh ar thorthaí Gaeilge “dochreidte” na hArdteiste agus é curtha i leith na Roinne Oideachais go bhfuil leanaí chomh hóg le 16 bliain á ndópáil acu chun go n-éireoidh leo sa Ghaeilge i gCluichí na hArdteiste.

Tuigtear do Ar Son na Cúise go bhfuil sé curtha i leith na Roinne go bhfuil úsáid á baint acu as substaintí ar nós SP (sraith pictiúr) chun buntáiste éagórach a thabhairt don Ghaeilge.

Dúirt saineolaí leighis amháin le Ar Son na Cúise go bhfuil fo-iarmhairtí éagsúla ag baint le substaintí ar nós SP.

“An té a bhíonn ag gabháil do leithéid an SP, samhlaítear dó go bhfuil sé dosháraithe ó thaobh na Gaeilge de, ach faraor nochtann na fo-iarmhairtí iad féin de réir a chéile agus is minic gan aon fhocal Gaeilge ag an duine sin nuair a théann éifeacht na ndrugaí in éag,” a dúirt an saineolaí.

Deir lucht an amhrais go bhfuil an feabhas gan staonadh atá tagtha ar thorthaí na Gaeilge le roinnt blianta anuas ‘mínádúrtha’ agus gur léir go bhfuil ‘clár an-eagraithe dópála’ ar bun ag an Roinn.

Maítear go bhfuil seifteanna éagsúla á n-úsáid ag an Roinn chun go mbeadh an Ghaeilge i measc “buaiteoirí” na hArdteiste.

Dúirt foinse amháin le Ar Son na Cúise:

“Is focain cheats iad. Tá siad lofa go smior. Tá gach cineál cleas acu. Tá bealaí acu chun tanú agus uiscealú a dhéanamh ar an teanga ionas gur féidir le daltaí í a láimhseáil gan stró.

“Feiceann tú daltaí anois ag teacht amach as an scrúdú Gaeilge agus gan aon bhraon allais leo. Ba dhóigh leat orthu go mba chuma leo tiontú ar a sáil agus an rud ar fad a dhéanamh arís. Níl chun tosaigh orainn anois ach Rúisigh Phutin. Is leor nod don eolach. Níl sé ceart ná cóir.”

Idir an dá linn, dúirt Conradh na Gaeilge nach raibh i lucht an amhrais ach cníopairí aineolacha nach bhfuil aon tuiscint acu ar mhodhanna traenála teanga nua-aimseartha.

“Is údar sceitimíní agus bíse na torthaí seo. Is iontach agus is sceitimíneach an scéal é gur deacra anois do dhalta Gaeilge teip a fháil ná mar atá sé do dhornálaí Rúiseach troid a chailleadh. An dream nach bhfuil ar bís faoi na torthaí iontacha seo nó nach bhfuil sásta iad a cheiliúradh, ní thuigeann siad na bealaí nua-aoiseacha dearfacha dleathacha atá anois ann chun an Ghaeilge a chur cinn.

“Idir mé féin is tú féin, chuala mé gur cainteoirí dúchais Gaeltachta iad cuid mhaith de na daoine atá ag clamhsán,” a dúirt Leas-Bhainisteoir Feasachta agus Marginal Gains Chonradh na Gaeilge go sceitimíneach.

Labhair sceithire amháin le Ar Son na Cúise faoin scéal ar an dtuiscint nach n-ainmneofaí í.

“Mura mbeadh loike Tuairisc.ie agus an SP bheinn loike totally focáilte. Thóg mé freisin go hinfhéitheach (cheers Tearma.ie!) rud eile a dtugtar NC (nathanna cainte) air. Agus shlog mé gach oíche loike an SF (seanfhocail). Is loike cocktail lethal atá ann.

“Ach dáiríriously, tá sé loike hilarious ach fuair mé A agus ní bhfuair iníon mo bhean a tí atá literally loike ina cónaí san actual Gaeltacht ach C. Is cosúil nach raibh loike a múinteoir sásta loike to get with the programme agus go raibh loike imní uirthi go ndéanfadh an SP dochar dá sláinte.”

Dúirt urlabhraí ón Roinn nár theip riamh ar aon dalta Gaeilge i dtástáil drugaí.

Tuairiscíodh le déanaí, áfach, go raibh ‘boladh láidir Brandy Muimhneach’ ar roinnt de na samplaí a tástáladh le linn scrúdú Gaeilge na gCluichí Ardteiste i mbliana.

Dúirt urlabhraí na Roinne gurb é an t-aon chúis amháin gur éirigh chomh maith le daltaí na Gaeilge ná go raibh “obair na gcapall” déanta acu.

“Leábharaic a thabharfadh a mhalairt le fios,” a dúirt an t-urlabhraí.

Fág freagra ar 'ASNC: ‘Clár an-eagraithe dópála is cúis le torthaí Gaeilge dochreidte na hArdteiste’'

  • Fearn

    dáiríriously ar greann