An Queen Elizabeth Stakes? Thuas ar Bhóthar an Túir a bheas mé ag sábháil móna, ag breathnú amach ar Oileáin Árann

Níor chuir ár gcolúnaí suim riamh sa rásaíocht chapall ar an talamh réidh agus ní chuirfidh. Go deimhin is mó seans go bhfeicfidh sé ‘Lúcás an Spéir-Shiúlóir’ ar Sceilg Mhichíl ná an King George…

An Queen Elizabeth Stakes? Thuas ar Bhóthar an Túir a bheas mé ag sábháil móna, ag breathnú amach ar Oileáin Árann

INPHO/Lorraine O'Sullivan

Is é an lá inniu an lá deiridh de shéasúir léimrásaíochta na hÉireann. Tabharfaidh sé leis formhór mo shuime (agus mo chuid caiteachais!) ar na capaill go dtaga tús an gheimhridh seo chugainn. Is fíor ceart go leor go mbeidh capaill ann a bheidh ag léim thar chlaíocha thart timpeall na hÉireann agus na Breataine idir an dá linn, ach i gcead dóibhsean agus dá n-úinéirí is ‘capaill shamhraidh’ iad, ainmhithe measartha den chuid is mó a ritheann ag féilte a mbíonn oiread de bhaint acu le scléip agus turasóireacht agus a bhíonn acu le rásaíocht.

Is maith ann iad, ach is mór eatarthu agus an iomaíocht a rinne plúr na n-each atá amuigh anois ar féarach agus a fheicfidh muid arís i mBaile na Lobhar, i Cheltenham, in Aintree agus i mBaile Phúinse sa séasúr atá romhainn.

Beidh neart rásaí ar an talamh réidh ar bun ar ndóigh, ina measc Dearbaithe na tíre seo agus Shasana. Beidh €870,00 ag dul do bhuaiteoir chinn na hÉireann agus beagnach a dhá oiread le fáil ag an gcapall a bhuafaidh Dearbaí Epsom. Beidh ar a laghad leathdhosaen rásaí eile i Sasana a mbeidh duaischiste damanta astu – an King George & Queen Elizabeth Stakes in Ascot in Iúil (€1 milliún), an International Stakes i York (€700,000) agus cinn eile ar nós an St. Leger, Rása na nGiní Buí i Newmarket agus an Oaks ar fiú suas le €500,000 an ceann iad.

Ní móide go bhfeicfidh mé fiú staid amháin fhéin de cheachtar acu. Má fhágann Dia mo shláinte agus an dea-aimsir againn, thuas ar Bhóthar an Túir a bheas mé ag sábháil mo chuid móna agus ag breathnú amach ar Oileáin Árann. Ach an lá ceart a theacht, beidh feiceáil agam ar Chnoc Bhréanainn. Má thagann feabhas ar m’amharc, cé aige atá a fhios nach bhfeicfinn corrspalla ag titim i bhfarraige ó Sceilg Mhichíl, ós rud é go bhfuil siad bogtha anois ag na fulmairí, ag na broighill, ag na gainéid agus ag ‘Lúcás an Spéir-Shiúlóir’ agus a chomrádaithe.

Níor chuir mé suim riamh sa rásaíocht chapall ar an talamh réidh agus ní chuirfidh. Ní fheicim ann ach an t-airgead agus cé gur beag radharc a sháraíonn ainmhí lúfar, maorga a fheiceáil faoi lánsiúl, bíonn an t-éirí croí a bhaineann leis na léimeanna in easnamh ar an talamh réidh – chomh fada agus a bhaineann sé liomsa ar chuma ar bith.

Más é Cheltenham buaic na léimrásaíochta chuile bhliain, ní raibh sárú na Féile seo caite fós ann ó thaobh na gcapall Éireannach. Capaill atá á dtraenáil anseo a bhuaigh 19 de na 28 rása a ritheadh – ina measc an Corn Óir a bhuaigh Sizing John, an Champion Chase a bhuaigh Special Tiara agus an Ryanair a bhuaigh Un de Sceaux.

Bhuaigh Gordon Elliott agus Willie Mullins leathdhosaen rásaí an duine agus ar na traenálaithe Éireannacha eile ar bhuaigh capaill dá gcuid, bhí Jessica Harrington (3 cinn), Noel Meade, Henry de Bromhead, Pat Kelly agus Alan Fleming.

Aithneoidh tú formhór na n-ainmneacha sin, cé is moite b’fhéidir don Cheallach agus do Fleming.

In aice le Creachmhaoil atá an stábla ag Pat Kelly agus is é an scéal céanna atá aige agus atá ag mórchuid na dtraenálaithe beaga eile, gan aige ach ón lámh go dtí an béal – taobh le sé nó seacht de chapaill ina stábla faoi láthair. Éacht as cuimse dósan rás a bheith buaite aige i Cheltenham den dara bliain as a chéile.

Bhí Fleming ag cleachtadh na ceirde i Sasana gur fhill sé abhaile cúpla bliain ó shin agus é d’ádh air siúd go dtraenálann cuid de na capaill atá ag an úinéir Barry Connell. Trí bliana ó shin, tuairiscíodh gur thug Connell timpeall €1 milliún ar an gcapall Our Conor le súil agus go mbuafadh sé an Champion Hurdle. Faraor maraíodh é an chéad uair ar thug sé faoin rása sin in 2014.

Níorbh ar an traic beag ná mór a tharla an scéal ba mhó a bhain leis an léimrásaíocht i séasúr 2016-2017. An socrú a rinne Gigginstown agus Michael O’Leary a chuid capall a thógáil amach as stábla Willie Mullins agus iad a scaipeadh timpeall na tíre ba mhó a tharraing caint. Gordon Elliott a fuair bunáite na gcapall agus an chuid ab fhearr acu. Easaontas faoi tháillí ba chúis leis.

Ba é toradh an scéil nach raibh Craobh na dTraenálaithe socraithe gur tháinig laethanta deireanacha an tséasúir, tar éis don Mhaolánach rudaí a bheith ar a chomhairle féin aige ó 2008.

Troid go bás a bhí ceart go leor ann, ach ní thugann na €8 milliún a bhuaigh capaill Mullins agus Elliott eatarthu léargas ceart ná cruinn ar an gcaoi a bhfuil an baol ann go mbainfidh an t-airgead an snas den léimrásaíocht freisin mar a atá déanta cheana ó thaobh an talaimh réidh. De réir an chéile tá an chaoi a bhfuil an t-airgead léimrásaíochta á roinnt ag éirí níos míchothroime mar gur ag cúpla úinéir gustalach, amhail O’Leary, Connell, Rich Ricci agus J.P McManus atá na capaill is fearr.

Tóg mar shampla na €8 milliún a bhuaigh capaill a thraenáil Elliott agus Mullins an séasúr seo. Is mó é sin ná an t-iomlán a thuill na capaill atá á dtraenáil ag an 18 traenálaí eile a bhí ag teacht i ndiaidh na beirte ar an liosta fiúntais.

I bhfad níos mó capall a bheith acu is cúis leis sin. Bhí capaill a thraenálann Elliott san iomaíocht in os cionn 1,200 rás sa tír seo amháin an séasúr seo caite agus cinn an Mhaolánaigh in os cionn 500 – chríochnaigh an Déiseach John Kiely sa 19ú áit ar an ord fiúntais, €183,000 a bhí cuimsithe ag a chuid capall sa 91 rása inar rith siad – an ceathrú cuid de sin ar dhá rása.

Buaic an tséasúir dom féin ab ea Jack Kennedy a fheiceáil ag buachan i Cheltenham den chéad uair agus é sa diallait ar chapaill eile, a d’fhág gurbh é ba ghaire do Ruby Walsh i gCraobh na Marcach – €1½ buaite ag an bhfear óg 17 bliain a bhí ag iomaíocht ag Rásanna an Bhéil Bháin ina cheantar dúchais i gCorca Dhuibhne bliain nó dhó ó shin.

Ach tá an t-ádh ar an gCinnéideach deis a bheith faighte aige le leithéidí Elliott mar de réir a chéile, tá na húinéirí agus na stáblaí móra ag fáil ceannais ar an spórt.

Tá 34 léimrás Grád 1 ar fhéilire an tséasúir in Éirinn. Agus mé á scríobh seo, tá 30 acu rite agus cé is moite de cheann a thug Colin Tizzard go Sasana leis as Baile Phúinse an tseachtain seo caite agus an Drinmore Chase a bhuaigh Eddie Harty i dTeach na Sí ag deireadh na bliana seo caite, is iad Mullins, Elliott, Harrington, de Bromhead agus Noel Meade a bhuaigh na cinn eile ar fad.

Gan amhras, an scéal ba mheasa a thug an séasúr leis ná an scéal ó Sandra Hughes an tseachtain seo caite nach raibh sí in ann maireachtáil a bhaint níos mó as an traenáil. Bhí a hathair, Dessie, a fuair bás 3 bliana ó shin, ar dhuine de na traenálaithe ab fhearr – faoi thrí ón Mílaois a bhí sé sa 3ú áit i gCraobh na dTraenálaithe.

Nuair a ghlac Sandra an ceadúnas chuici féin chríochnaigh sí sa 7ú háit in 2015 agus sa 9ú háit anuraidh agus shaothraigh a cuid capall beagnach €1 milliún. An séasúr seo níor bhuaigh sí ach ocht rás, agus mar a d’fhógair Adrian Maguire, Charlie Swan, Joanna Morgan agus Colm Murphy roimhe sin, ní raibh de rogha aici ach éirí as.

Cúig chapall a bhí ina stábla ag Maguire nuair a rinne sé sin an mhí seo caite.