An PSNI ag gníomhú ar son an phobail, le toil an phobail…B’in í an fhís…

Conas a tharla sé go bhfuil an PSNI sáite i gconspóid faoina chóras oiliúna agus cigire den bharúil gur gheall le dianchampa míleata é?

An PSNI ag gníomhú ar son an phobail, le toil an phobail…B’in í an fhís…

Pictiúr: Mark Stedman/Photocall Ireland

Is mar sheirbhís phóilíneachta pobail a bunaíodh an PSNI cúig bliana déag ó shin. Murab ionann agus an RUC, an fórsa póilíneachta a bhí ann roimhe, bheadh an PSNI ag gníomhú ar son an phobail, i measc an phobail, le toil an phobail. B’in í an fhís.

Conas a tharla sé, mar sin go bhfuil an PSNI sáite i gconspóid faoina chóras oiliúna agus cigire den bharúil gur gheall le dianchampa míleata é cúrsa traenála na bpóilíní. Bhí claonadh láidir i dtreo an mhíleatachais, nó an bréagmhíleatachas, agus suim mhífholláin i smacht peannaideach i gceist, dar le póilín as Albain a scrúdaigh an córas.

Ordaíodh an t-athbhreithniú de bharr scannail ina ndearna 54 earcach caimiléireacht sa scrúdú ceann cúrsa. Rinne an bhuíon an cúrsa an athuair ar chostas gar do leathmhilliún punt sterling.

Bhí Bord na bPóilíní an-mhíshásta leis an gcaoi ar láimhseáil an Príomh-Chonstábla, George Hamilton an scéal. Cheap baill den Bhord gur cheart na daoine a bhí i mbun caimiléireachta a bhriseadh as an tseirbhís nó, ar a laghad, nár cheart athoiliúint a sholáthar ar an toirt dóibh ar chostas an PSNI.

Bhí an Bord chomh corraithe sin faoin gcóras oiliúna gur dhiúltaigh siad freastal ar pharáid cháilithe.

Chuir an Bord cosa i dtaca agus ní raibh an dara rogha ag Hamilton ach scrúdú a ordú, faoi chigire seachtrach, Alan Gibson ó Phóilíní na hAlban.

Cuireadh oiliúint agus earcaíocht ar fionraí go dtí go mbeadh toradh an athbhreithnithe agus moltaí leasaithe ar fáil. Pléifear an tuairisc agus pleananna an PSNI ag cruinniú Boird amárach, Déardaoin.

Tuairisc phríobháideach don tseirbhís phóilíneachta is ea í, ach chonaic an BBC í agus d’fhoilsigh na príomhphointí inti. Ní hamháin go raibh an cigire buartha faoi mhíleatachas an chúrsa – druileáil, máirseáil agus ‘seópharáidí smachta’ – ach chinn sé nach raibh cultúr tairbheach foghlama san ionad traenála in oirthear Bhéal Feirste. Rinne sé leathchéad moladh chun an córas a fheabhsú.

Tá cuid de na moltaí curtha i bhfeidhm ag an PSNI cheana féin. Tá an Príomh-Chonstábla Cúnta, Alan Todd curtha i gceannas ar an gcóras a leasú agus roinnt daoine á bhfiosrú nó le smachtú. Tá deireadh curtha le máirseáil chuig ranganna agus le seópharáidí pionóis. Tá Bord na bPóilíní meáite ar scileanna do phóilíní nua-aoiseacha, proifisiúnta a theagasc.

’Siad na mórcheisteanna d’Alan Todd agus don PSNI cé chomh héifeachtach is a bheidh siad ag cur oiliúint do phóilíní pobail ar fáil? An bhfaighidh na hearcaigh oideachas críochnúil faoi chearta an duine? An bhfoghlaimeoidh siad conas déileáil le daoine seachas a bheith ag foghlaim conas freagairt láithreach d’ordú? An gcuirfear amach chuig stáisiúin iad le haghaidh taithí oibre? An gcaithfidh siad tamall ar patról? Ar ndóigh, tá ar an PSNI a dhul i ngleic le paraimíleataigh – easaontóirí poblachtacha agus na dílseoirí atá fós gníomhach – agus ní mór traenáil chuige sin a sholáthar. Ach, go bunúsach, ní mór do phóilíní a bheith in ann freagairt do riachtanais an phobail.

Údar imní é le tamall anuas an méid clamhsán faoi na póilíní a chloistear i measc ghnáthdhaoine. Céim ollmhór ab ea deireadh a chur leis an RUC agus seirbhís a chur ina áit a thuillfeadh muinín trasphobail. Duais luachmhar is ea iontaoibh den sórt sin agus ba dhíchéillí an mhaise é do cheannairí an PSNI é a chur i mbaol le drochthraenáil. Mhaígh iarchomhalta den RUC nach raibh locht ar bith ar mháirseáil nó ar oiliúint maidir le gníomhú de réir ordaithe, ach is léir don dall nach é sin an cultúr a mhol Coimisiún Patten nuair a bunaíodh Seirbhís Phóilíneachta Thuaisceart Éireann i mí na Samhna 2001.

Saothraíodh go daor é agus ba thrua é a chur i mbaol le siléig, le caitheamh i ndiaidh na sean-aimsire nó le sean-nósanna.