An laoch liathróid láimhe, Michael ‘Ducksie’ Walsh imithe ar shlí na fírinne

Ba é Walsh an t-imreoir liathróid láimhe ba rathúla riamh agus 36 bonn uile-Éireann buaite aige

An laoch liathróid láimhe, Michael ‘Ducksie’ Walsh imithe ar shlí na fírinne

Tá Michael ‘Ducksie’ Walsh, fear a aithnítear ar an imreoir liathróid láimhe is fearr riamh, imithe ar shlí na fírinne.

Bhásaigh fear Chill Chainnigh, 50, san ospidéal i mBaile Átha Cliath tráthnóna tar éis do thinneas é a bhualadh an tseachtain seo caite.

Is é Walsh an t-imreoir liathróid láimhe is rathúla maidir le Craobhacha na hÉireann a bhuachan agus 36 craobh ar fad buaite aige.

Ba é an buaiteoir craoibhe ab óige riamh é nuair a thug sé leis Craobh 60×30 na hÉireann i 1985 agus gan é ach 19 bliain. Bhuaigh sé an chraobh sin 12 uair as a chéile ina dhiaidh sin.

Ar deireadh, chríochnaigh sé le 16 Craobh 60×30 agus seacht gcinn de chraobhacha 40×20. Bhuaigh sé cuid mhaith craobhacha dúbailte chomh maith, trí cinn díobh in éineacht le laoch iomána Chill Chainnigh, DJ Carey. Bhí Walsh fós ag imirt i dtreo dheireadh a shaoil agus bhuaigh sé craobh náisiúnta 60×30 coicís ó shin.

Níos deireanaí ina shaol, bhailigh Walsh na céadta míle euro agus é ag déanamh obair charthanachta ar son grúpaí  timpeall Chill Chainnigh.

Fág freagra ar 'An laoch liathróid láimhe, Michael ‘Ducksie’ Walsh imithe ar shlí na fírinne'