‘Why are your speaking Irish, Mammy?’ – cás na Gaeilge sa Ghaeltacht

Ní socheolaí ná saineolaí mise ach tá dhá chluais orm agus seo mo chuid taighde faoi mheath na teanga sa Ghaeltacht

‘Why are your speaking Irish, Mammy?’ – cás na Gaeilge sa Ghaeltacht

Tharraing na sonraí ó dhaonáireamh 2022 faoi líon na ndaoine a labhraíonn Gaeilge chuile lá taobh amuigh den scoil sna Limistéir Pleanála Teanga go leor cainte is tuairimíochta. Ní hé a laghad is mó a chuir iontas orm ach a laghad a bhí le rá fúthu ag na daoine arb í a ngairm nó a saineolas an scéal sin a scrúdú agus réiteach nó comhairle a thabhairt dúinn.

Anseo i mo cheantar féin 43% a mhaígh go ndéanann siad amhlaidh, rud nach dtabharfadh mórán dóchais do dhuine. Chuile sheans gur duine fásta sa teach a líon foirm an daonáirimh ach an t-eolas is tábhachtaí d’fhorás na Gaeilge mar theanga phobail ná arb iad an óige is mó atá á labhairt nó na glúnta níos sine?

Bhíodh údar grinn ann le m’óige go dtugadh orlach de chabhantar Béarla breá don úinéir agus dá chlann. Bhíodh fear amháin acu ag maíomh nár labhair sé aon fhocal Gaeilge riamh lena chlann agus go raibh Gaeilge acu chomh maith le chuile dhuine – agus bhí. D’fhan a gcuid Béarla taobh istigh den doras mar Gaeilge amháin a bhí ina dtimpeall agus sa scoil. Ní hamhlaidh an scéal inniu.

D’imigh sin agus tháinig an Béarla chugainn thar toinn, ar an teilifís, sna hamhráin agus ar an bhfón agus d’amplaigh muid chugainn é gan dua ná anró mar earra an-áisiúil go deo a bhí ann ar deacair déanamh dá uireasa, rud nach bhféadfaí a rá faoin teanga eile.

Má bhíonn deichniúr sa gcomhluadar agus an Béarla níos nádúrtha ag seisear, fiú agus Gaeilge acu, arb iad an ceathrar a athrós teanga nó an seisear, de ghrá na cúirtéise? Cé hiad an seisear sin nach labhraíonn Gaeilge sa gceantar seo taobh amuigh den scoil agus cén t-údar?

Ní socheolaí ná saineolaí mise ach tá dhá chluais orm agus seo mo chuid taighde neamh-eolaíoch.

Ar an mbus Domhnach i dtús an tsamhraidh ar mo bhealach go Staid an Phiarsaigh bhí buíon mhór déagóirí dea-mhúinte as Cois Fharraige ag gabháil ag an gcluiche agus iad ag comhrá leo.

Mise a bhí práinneach gur Gaeilge a bhí acu agus mé ag damnú lucht cáinte na n-óg faoin meath teanga. Bhí an bus ag cur thar maoil ach thuig an tiománaí tábhacht an chluiche rud a d’fhág na fir óga ina seasamh feadh an bhealaigh agus leithscéal breá ‘taighde’ agamsa. Nach ormsa a bhí an t-iontas na Gaeilgeoirí sin a chloisteáil ag déanamh stropaí den chomhrá i mBéarla ach ar ais ansin go Gaeilge. Ba léir go raibh dátheangachas líofa ar a dtoil acu agus nárbh eol dóibh cé acu ceann a bhí á labhairt agus gur chuma leo!

An lá cheana agus mé ag déanamh aeir chas bean óg as an áit agus a mac orm agus rinneamar mionchomhrá faoin mbád pléisiúir a bhí amuigh ar an ród agus dúirt sí leis an mbuachaillín – ‘féach amuigh an bád’. ‘Why are your speaking Irish Mammy?’ a deir an putach!

Thíos le cladach san aimsir bhreá tháinig dhá theaghlach a raibh gasúir bheaga acu. Bhí na daoine fásta, muintir na háite, ag caint eatarthu féin agus linne i nGaeilge chomh craicneach le Caitríona Pháidín ach Béarla amháin a labhraíodh leis na gasúir bheaga.

Lánúin eile a tógadh i mo pharóiste féin le Gaeilge, Béarla teanga an teaghlaigh acu anois lena bpáiste agus níl siad leo féin.

Gaeilge teanga an tsiopa, Gaeilge ag na déagóirí óga atá ag obair ann ach Béarla a labhraíonn siad eatarthu féin agus Gaeilge liomsa agus mo leithéidí.

Cainteoirí dúchais meánaosta as an bparóiste as an teaghlach céanna, a gclann tógtha anois acu, Béarla a n-arm comhrá ach a saothrú ón nGaeilge.

Bhí lá ann gur cantal a chuirfeadh sin orm ach mearbhall a chuireann sé anois orm. Ní thuigim an t-údar mar ní bheidh aon duine d’uireasa Béarla feasta gan cónaí i bpluais gan nasc idirlín.  Nach bhfuil an Ghaeilge sa bhfaisean? Nach mórtas seachas náire a chothaíonn an Ghaeilge anois?

Is fíorfhánach a theastaíonn Béarla uaimse anseo i gCois Fharraige – Gaeilge an teanga chumarsáide i mo thimpeall agus Gaeilge ar a dtoil ag na Béarlóirí teallaigh. Ach is cuma sa sioc cén teanga a labhraíonn mo ghlúinse – is iad na tuismitheoirí óga agus na déagóirí sin atá sa diallait anois. Má chuireann siad a smut taobh amuigh den doras ar chor ar bith, is cinnte go mbeadh sé le rá ag gach dream i mo ghrúpa taighde go labhraíonn siad Gaeilge chuile lá. Déarfainn gur sa 43% a d’áireoidís iad féin le ceart. Mar sin is measa fós an scéal?

Is é m’amhras nach easpa seirbhísí trí Ghaeilge ná fimínteacht na seirbhíse poiblí is an státchórais is cúis lena gcinneadh ach go dtuigeann siad gur féidir leo déanamh go breá réidh d’uireasa Gaeilge, go mbeidh smeadar éicint acu di ar aon nós agus gur fearr a thagann an Béarla leo ná an Ghaeilge mar go bhfuil réimsí móra dá saol nach bhfuil aon Ghaeilge acu dóibh. Is cinnte agus a bpleanáil teanga á déanamh acu nach le fonn aon leithcheal a dhéanamh ar a gclann a cheileann siad Gaeilge orthu ar an teallach.

Ach nach é mo scil ann é!

Cá bhfuil na saineolaithe is na sochtheangeolaithe is na gairmeolaithe a gheobhas amach dúinn an tsíceolaíocht a bhaineann le cinneadh teanga na ndaoine breá stuama seo? Gan siocair an ghalair a bheith ar eolas ní féidir tabhairt faoina leigheas, bíodh pleanálaithe againn nó ná bíodh. Freagra na ceiste sin ag teastáil: Why are your speaking Irish, Mammy?

Fág freagra ar '‘Why are your speaking Irish, Mammy?’ – cás na Gaeilge sa Ghaeltacht'

  • Bríd

    Lucht an chur i gcéill ag treabhadh an ghoirt i saol na Gaeilge agus ag tógáil clainne i mBéarla. Deamhan mórán taighde atá de dhíth othusan.

  • Fachtna Ó Drisceoil

    Ábhar éadóchais ach sár-alt ó Mháire.

  • Antóin

    Maidir leis an gceist, is dána an duine a labhródh Béarla leat ar do thairseach féin!

  • Colm

    Moladh ag dul do lucht na taighde ar ghéarchéim na Gaeilge sna ceantair Ghaeltachta. Cáineadh le déanamh ar roinnt scoileanna Gaeltachta, na meáin agus na heagraíochtaí Gaeilge de bharr meoin “Is cuma linn”.

  • Ciarán BXL

    Dearfaidh mé arís is arís eile: cartúin. Tá tuilleadh cartúin ag teastáil uainn. I bhfad níos mó. Agus ní amháin cartúin nua. Ach, go háirithe, go stoppan TG4 ag scriosadh na cartúin atá déanta acu cheanna.

    Is breá le páistí a bheith ag féachaint ar cartúin. Fiú mura thuigeann siad. Ach tar éis cúpla mí, tuigeann siad.

    Níl raibh agamsa ach an cúpla focail ceithre bliain ó shin ach bhí riail sa teach: “Cúla4 amháin ar an teilifís” (nó tg4.ie amháin ar an laptop).

    Is seod é anois: https://www.tg4.ie/ga/player/seinn/?pid=6307538064112

  • Bertie Ó hAinmhire

    Ráite go maith agat a Mháire – bíonn an fhírinne searbh!

  • Gabriel Rosenstock

    Tá ábhar machnaimh ansin, cinnte. Thug Tomás Mac Síomóin (RIP) ábhar machnaimh dúinn chomh maith agus scríobhas páipéar ina thaobh:
    https://www.academia.edu/42894172/THE_IRISH_PROBLEM_YOU_WONT_BELIEVE_IT
    Ní rabhas ag teacht le gach aon rud a bhí le rá ag Tomás ach is cinnte gur thug sé ábhar machnaimh dúinn.
    Ní leor machnamh, ar ndóigh. Bun agus barr an scéil, nuair a thuigtear gur gá an aigne a dhíchoilíniú, caithfear dul i mbun aicsin láithreach, i mbun feachtais, chun smál an choilíneachais a ghlanadh. Nuair a thuigtear go bhfuil ár gcroí agus ár n-anam sciobtha uainn, caithfear iad a sciobadh ar ais!

  • Eoghan Ó Néill

    Sé an dearcadh atá ag an béarlóir ná go gcaithann gach teanga eile géilleadh dó bíodh sé spáinis, fraincís nó cibé mar tá an t- ard-stadas aige. Ach ( fonn an Internationale – bain súp as …)
    Ó shléibhte maorga an Iardheiscirt
    go coillte maorga Chill Mhantáin
    Ó Ros Comáin go Gort a’ Choirce
    agus soir chuig Cois Abhn Dall
    Tá ár bpobal scaipthe fud an Oileáin
    Níl muid líonmhar mar bhí trá
    Ach in ár gcuimhne mhair an chuimhne
    ar ghuth ár sinsir linn a’ rá etc.

  • jpmorley0@gmail.com

    Cheapas go raibh comhlacht ann a dhéanann cúram ar leithligh de na cartúin sin? Is breá go léir an píosa sin ón ngarsúinín óg lánmhuiníne thall sa Bhruiséal! Thug mé tamall sa Ghailís in iarthuaisceart na Spáinne mar a bhfuil teanga imeallach dá gcuid féin acu chomh maith ach go bhfuil sí faoi bhrú ag mórtheanga na Spáinnise agus gan ach naimhdeas agus seanabhlas le fáil ag caomhnóirí na teanga bige sin ón rialtas i Maidrid. Thug mé faoi deara go mbíonn an dá theanga ar siúl acu bonn araon ag brath ar an réimse saoil a bhíonn faoi chaibidil. Más é an t-iascach nó an smuglaeracht (!), mar shampla, a bhíonn á phlé acu ní chloisfidh tú aon fhocal Spáinnise uathu. Ach más cúrsaí ríomhaireachta a bhíonn ar siúl, is Spáinnis ar fad a bheidh acu, nach mór. Ní haon nath leo sleamhnú ó theanga amháin isteach sa teanga eile. Agus tá ‘a gnó féin’ ag an dá theanga ar leith sin. Dá ndéarfadh Mamaí, ‘Féach an bád sin amuigh”, i nGaillísis ní dóigh liom go ndéarfadh ‘putach’ ar bith an ghearrchaint sin léi. Coimeádfaidh muintir na Gailíse an dá arm aigne, mar tá …agus beidh… feidhm acu leo an fhad a mhairfidh an t-iascach agus an smuglaeracht go háirithe! Dá gcasfadh muintir na ‘Gaeltachta’ ar ais ar oidhreacht Ghráinne Mhaoil an athuair b’fhéidir go mairfidh an teanga. Ach táid ró-mhór ar a gcompord chun é sin a dhéanamh agus cuid mhaith mhór acu ag diúl go sámh ar an gciste Stáit. Agus sin diúl an bháis ar gach sórt slí.

  • Siún

    Beidh na Mammys’ ag tabhairt a gcosa leo nua a chítear an t-údar ag teacht ina dtreo!

  • Brigid

    Bhí mé i nGaeltacht Thír Chonaill an bhliain seo chaite, mar bhíos ag iarraidh go gcloisfeadh m’fhear chéile gnáth daoine le Gaeilge ag caint go líofa achann lá agus ba mhaith leis í a fhoghlaim( cé go bhfuil mé fhéin as cleachtadh)- níor chualamar Gaeilge ar bith seachas i dtaxi a fuaireamar an oíche dheireanach-agus a t-aon fáth gur labhair an tiomáiní linn i nGaeilge ná go ndúirt mé leis go raibh díomá orm gan Ghaeilge a chloisteáil le trí lá anuas ag an am sin- cé go raibh soiléir go raibh sé fhéin líofa, d’fhreagair sé nach mbíonn Gaeilge á labhairt go laethúil anois ansin seachas sna scoileanna- agus nach n-éisteann muintir na h-áite le TG4 mar is í Gaeilge na Gaillimhe a bhíonn i réim ansin.

  • jpmorley0@gmail.com

    Deirtear ‘talking Irish’ coitianta ach ‘speaking English’ srl…

  • Muireann Ni Chearbhaill

    Orainn fein ar fad, Gaeilgeoiri na Galltachta agus na Gaeltachta ata an locht. Mura labhraitear an Ghaeilge go nadurtha is go laethuil ni fada a mhairfidh si. I gceann 20 bliain, ca mbeimid?

  • Giorria

    Aontaím leat a Mhuirinn. Má tá Gaeilge líofa ag duine agus iad ag iarraidh go mbeidh Gaeilge ag a gcuid gasúir ná fág faoin scoil agus faoin bpobal é bí gníomhach sa teanga a chur ar aghaidh chuig an gcéad glúin eile.

  • Mícheál Ó Flaithearta

    Ní labhartar Gaeilge ná Béarla in aon siopa, teach poist ná teach ósta i Leitir Mealláin, fíorghaeltacht más fíor. Is gearr nach mbeidh aon fhocal Gaeilge (ná Béarla) i dteach an phobail. Agus leanfaidh an scoil iad! Níl a fhios agam cén teanga a labhartar i reilig Chuigéil, b’fhéidir Gaeilge chraicneach Chaitríona Pháidín?

  • aisling

    ‘‘Why are your speaking Irish, Mammy?’
    “Mar is í mo theanga í.”
    Deis iontach a bhí ann don mháthair tábhacht na gaeilge a phlé.