De réir rialacha an chluiche a bhí á imirt ag an ógánach, más fíor, ba chóir go mba ar gcúl a thiocfadh sé – gan ceadaithe dá chéilí comhraic dul thar an áit ar rug sé ar an liathróid nó go mbeadh sin ciceáilte aige – ‘marc’ na hAstráile. Ach thug William do na boinn é agus tháinig cluiche nua ar an saol.
Dá mba inniu a chuimhneodh William ar an bplean, seans go nach mbeadh an lá caite go mbeadh paitinn nó ‘patent’ tógtha amach aige agus é i mbun margaíochta le Sky. Ní móide ach an oiread gurb é ainm a ‘alma mater’ a bheadh baistithe ar an gcluiche, ach ainm comhluchta mór árachais nó airgeadais!
Ach, ar ndóigh, ní raibh aon saibhreas as an spórt in aimsir Webb Ellis, ná go deimhin go dtí i bhfad ina dhiaidh agus dá mbeadh féin, ní móide go mbeadh aon suim aige ann. Ba mhó é suim an fhir óig sa chruicéad, cluiche a d’imir sé nuair a d’fhág sé Rugby le dul ar Ollscoil in Oxford. Níl aon tuairisc gur imir sé an cluiche a cheap sé.
Ba mhó ná sin arís a shuim i gcúrsaí diaganta. Ornaíodh ina shagart de chuid na hEaglaise Anglacánaí é, níor phós sé riamh agus nuair a fuair sé bás sa bhliain 1872, ba ag na bochtáin a d’fhág sé a raibh aige.
Faoin am ar éag Webb Ellis, bhí an eagraíocht atá i gceannas ar chúrsaí rugbaí i Sasana, (RFU) bunaithe le bliain, ach ní amháin nach raibh aon chaidreamh eatarthu, ach ní móide go raibh a fhios ag ceachtar acu go raibh an taobh eile ann beag ná mór.
Go deimhin bhí ionann is céad bliain eile caite faoin tráth a dtángthas ar uaigh Webb Ellis i Menton i nDeisceart na Fraince agus cé go bhfuil an corn a bhronntar ar bhuaiteoirí Chraobh an Domhain ainmnithe ina ómós, tá staraithe go leor fós nach bhfuil sásta glacadh leis gur dó atá an chreidiúint ag dul.
Is í an chúis is mó atá lena n-aimhreas go bhfuiltear taobh le foinse amháin scríofa de chuid na linne sin a deireann gurb amhlaidh a bhí – fear darbh ainm Matthew Bloxam, a bhí i Scoil Rugby ag an am céanna le Webb Ellis ceart go leor, ach nár luaigh an eachtra go raibh os cionn leathchéad bliain eile caite.
Tá an cur agus an cúiteamh ar bun ó shin. Chomh fada siar leis an mbliain 1895, d’fhiosraigh cumann iarscoláirí Rugby an scéal. Chuaigh siad i dteagmháil le daltaí a bhí ann lena linn, ach i leaba a chruthú gurb é Webb Ellis a thug an cluiche ar an saol (nó a mhalairt), ba amhlaidh a fágadh cursaí níos mó ina gcíor thuathail – ní nach ionadh is dócha agus a bhformhór siúd a ceistíodh ag breith isteach ar na ceithre scór agus iad ag iarradh eachtraí a thit amach os cionn 70 bliain roimhe sin a thabhairt chun cruinnis.
Nuair a théann duine i gcomhairle leis an Ultimate Encyclopedia of Rugby, deirtear leis: “There are so many conflicting reports of how the game of rugby came into being that the only thing that is for certain is that Rugby School’s William Webb Ellis did not spontaneously invent the game when he picked up the ball and ran with it.”
Agus iad siúd a chreideann a mhalairt ag tagairt do bhunú an rugbaí, cuirtear an bhéim i gconaí, nach mór, ar an mbeart a rinne Webb Ellis nuair a rith sé leis an liathróid – ag tabhairt le fios go mba le láimhseáil agus iompar na liathróide a bhain an cluiche nua seo, seachas lena ciceáil.
Le fírinne, tá chuile sheans ann go raibh liathróidí de mhúnla, de mhéid agus de mheáchain éagsúla á gciceáil, á n-iompar agus á ngeafáil leis na mílte bliain roimhe sin agus go raibh siad na céadta agus na mílte bliain ar an bhfód sular tosaíodh fiú ag cur an bheagáin den ord agus den eagar átá inniu orthu.
Tá trácht ar a leithéid de chluichí i litríocht na Gréige. Déanann údar darbh ainm Antiphanes, a rugadh 400 bliain roimh theacht Chríost, cur síos ar “bhreith ar an liathróid, í a phasáil ag comrádaí faid agus a sheachain sé céile comhraic, … faid agus a bhí an slua ag liúraíl ‘amach thar teorainn’; ‘os a chionn’; ‘ar an talamh’; ‘san aer’; ‘pasáil ar ais chuig an gclibirt’. Tá tagairt ag an bhfead céanna do ‘phian a bheith ina mhuineál’ dá bharr seo ar fad. Rugbaí go cinnte!
Le linn Impireachta na Róimhe bhí cluiche peile ann ar a dtugtaí Harpastum, focal a chaillaigh ‘sciob’ nó ‘croch leat’ agus bhí caid á himirt in Éirinn ar a laghad chomh fada siar leis an mbliain 1308, nuair a cúisíodh duine den lucht féachana ag cluiche a bhí á imirt i gCo. an Dúin as imreoir a sháitheadh le scian – trí thimpiste. Nach mba áisiúil a bheadh an ‘slómó’ ansiúd agus an TMO ag tabhairt breithiúnais ar an gcás sin!
Go fiú go bhfaca mé teoiric in áit eicínt go mba de bhúnú na tíre seo an rugbaí, is cosúil gur chaith athair William Webb Ellis tamall ina shaighdiúir i gCo. Thiobraid Árann agus go mba ansiúd a chonaic sé an imirt a spreag a mhac ina dhiaidh sin. Is é an peaca nach bhfaca sé beagán iománaíochta freisin!
Ar aon dath, beag beann ar a bhunús, beidh neart den chluiche atá luaite le William Webb Ellis inár dtimpeall as seo go ceann cúpla seachtain agus tús á chur le Craobh 6 Náisiún na Bliana 2015. Bainigí sásamh as.
Fág freagra ar 'Arbh é Webb Ellis a thug an cluiche rugbaí ar an saol?'