‘We are ghosts witnessing the end of the literary era’ – an raibh an ceart ag Philip Roth?

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Mheas Philip Roth, an scríbhneoir cáiliúil as Meiriceá a fuair bás an tseachtain seo, go raibh an t-úrscéal ar an dé deiridh…

‘We are ghosts witnessing the end of the literary era’ – an raibh an ceart ag Philip Roth?

Pictiúr: Chris Maluszynski

Le coicís anuas tá triúr údar iomráiteach tar éis bháis, fathaigh phinn ina ndúichí féin. Coicís ó shin cailleadh duine de mhórscríbhneoirí litríocht na hÍsiltírise Renate Dorrestein, an tseachtain seo caite chaill saol na Gaeilge Liam Ó Muirthile, agus an tseachtain seo cailleadh an mórscríbhneoir Béarla as Meiriceá, Philip Roth.

Trócaire orthu.

Faigheann scríbhneoirí bás (gnáthdhaoine iad tar éis an tsaoil), ach maireann saothar a bpeann, agus sin cuid den draíocht a bhaineann leis an scríbhneoireacht. Nuair a léimid leabhar le húdar atá ar shlí na fírinne, tá sé ar nós go bhfuil an t-údar sin fós linn.

Ar ndóigh, bítear ag tuar go tráthrialta go bhfuil an litríocht féin ar thairseach an bháis.

Tharla go raibh Philip Roth ar dhuine de na daoine is minice a thairngríodh go raibh an t-úrscéal ar an dé deiridh. Leagadh sé uaidh a pheann go tráthrialta, ag fógairt go raibh sé ‘réidh’ leis an litríocht.

In agallamh iomráiteach le Tina Brown ar an suíomh nuachta The Daily Beast, thiar in 2009, dúirt sé gur ‘cultas mionlaigh’ a bheadh san úrscéal faoi cheann 25 bliain eile, .i. faoin mbliain 2034. Seo mar a labhair sé:

I was being optimistic about 25 years really. I think it’s going to be cultic. I think always people will be reading them but it will be a small group of people. Maybe more people than now read Latin poetry, but somewhere in that range…To read a novel requires a certain amount of concentration, focus, devotion to the reading. If you read a novel in more than two weeks you don’t read the novel really. So I think that kind of concentration and focus and attentiveness is hard to come by—it’s hard to find huge numbers of people, large numbers of people, significant numbers of people, who have those qualities.

Seans gur fearr a rinne sé an pointe céanna nuair a chuir sé an líne seo i mbéal a alter ego Nathan Zuckerman san úrscéal Exit Ghost (2007):

Reading/writing people, we are finished, we are ghosts witnessing the end of the literary era.

Ní maith liom a bheith ag easaontú leis na mairbh, ach dar liom go raibh dul amú ar Roth.

Cultas mionlaigh a bhí san úrscéal riamh.

Ní léann an chuid is mó den chine daonna leabhair, agus tá an dallamullóg á cur air féin ag scríbhneoir ar bith a shiúlfadh sráideanna na cathrach ag ceapadh gur ar éigean gur féidir leis an slua anaithnid ina thimpeall fanacht go dtí go gcríochnóidh sé an chéad saothar eile aige.

Ach beidh duine nó beirt sa slua sin a léifidh a chuid leabhar lá breá éigin, agus sin an fáth nár cheart duit do pheann a leagan uait.

Is dóigh liom gur thuig Philip Roth an méid sin ina chroí istigh, nó ní bheadh a pheann pioctha suas arís aige chomh minic sin tar éis dó a fhógairt, arís eile, go raibh sé ag éirí as.

Fág freagra ar '‘We are ghosts witnessing the end of the literary era’ – an raibh an ceart ag Philip Roth?'

  • Carraig

    Múinteoir naíonra ag caint ar RnG an lá eile adúirt go mbíonn na leanaí óga a thagann isteach chuici an chéad lá ag iarraidh an leabhar a bhronnann sí orthu a ‘swipeáil’. B’fhé’ gur léargas éigin é sin ar cad atá romhainn amach.

  • Darach Ó Scolaí

    Tharlódh go raibh an ceart ag Roth, agus arís ar ais tharlódh nach raibh. Braithim beagán den rómánsachas sa gcaint sin uaidh — an t-úrscéalaí deireanach, an scríbhneoir i ndeireadh ré, an fáidh ina phluais. Nuair a chuimhnítear ar an líon leabhar a dhíol Roth is léir nach é líon na léitheoirí a bhí ag déanamh imní dó, ach an cúram a ghlacfadh na léitheoirí sin lena chuid leabhar.
    Agus maidir leis an úrscéal mar chultas mionlaigh, ní mionlach an-bheag iad na léitheoirí úrscéalta (mar is léir don tionscail idirnáisiúnta a chuireann na húrscéalta ar fáil dúinn) agus ní cultas ach an oiread iad, ach daoine atá ar fáil i ngach áit a bhfuil léitheoirí i bpobail ar fud an domhain. Agus ní beag sin.