Vóta caite ag parlaimint na Breataine ar son ‘socrú eile’ seachas an cúlstop

Tabharfaidh vóta na hoíche anocht deis do Theresa May filleadh ar an mBruiséil agus éileamh soiléir aici ó pharlaimint Westminster, cé go bhfuil diúltaithe cheana ag an AE don éileamh sin

Vóta caite ag parlaimint na Breataine ar son ‘socrú eile’ seachas an cúlstop

Vótáil Parlaimint Westminster anocht ar son socrú eile seachas an cúlstop a lorg ón AE agus ar son glacadh le margadh imeachta Theresa May dá bhfaighfí a leithéid.

Cé go bhfuil socrú eile in áit an chúlstop curtha as an áireamh go minic ag an Aontas Eorpach, tabharfaidh vóta na hoíche anocht deis do Theresa May filleadh ar an mBruiséil agus teachtaireacht láidir aici i dtaobh mhianta pharlaimint Westminster.

Ba é leasú Graham Brady, Cathaoirleach Coiste 1922 na dTóraithe, an iarracht is déanaí ruainnín meala a chur ar cheist an chúlstop do chúlbhinseoirí an pháirtí agus é ag moladh go dtiocfaí ar shocrú eile chun teorainn chrua in Éirinn a sheachaint.

Bhí an lá le leasú Brady, 317 vóta in aghaidh 301 vóta, toisc gur thacaigh an ERG agus na Breatimeachtóirí is diongbháilte i gcoinne mhargadh May i measc na dTóraithe leis an moladh.

Thug an AE le fios arís i ndiaidh na vótála nach mbeadh aon ath-idirbheartaíocht á déanamh acu maidir leis an meagadh imeachta a bhí aontaithe cheana ná an cúlstop atá mar chuid den mhargadh sin.

Dúirt ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Jeremy Corbyn anocht go raibh a pháirtí sásta anois bualadh leis an bPríomh-Aire chun cúrsa an Bhreatimeachta a phlé.

Cé gur faoiseamh do Theresa May a bhí i vóta na hoíche anocht, meastar má sheasann an tAE an fód maidir leis an gcúlstop gur amhlaidh go gcuirfidh leasú Brady leis an seans gur Breatimeacht gan mhargadh a bheidh ann.

Vótáil móramh ochtair anocht – 318 i gcoinne 310 – ar son leasú i gcoinne an AE a fhágáil gan aon mhargadh a bheith déanta. Ní bheidh aon cheangal dlí ag baint leis an vóta sin, áfach, cé gur léiriú oifigiúil é go bhfuil móramh i gcoinne an Bhreatimeachta gan mhargadh.

Dúirt Theresa May níos túisce tráthnóna go gcuirfeadh sí tús le babhta idirbheartaíochta eile faoin margadh imeachta a rinne sí leis an AE. Thacaigh May le leasú Brady agus dúirt sí go bhfillfeadh sí ar an mBruiséil chun athruithe ar an gcúlstop a mbeadh ceangal dlí ag baint leo a lorg arís.

Dar le May go bhfuil údarás an tromlaigh sa pharlaimint anois aici le dul i mbun idirbheartaíochta arís leis an AE, in ainneoin go ndúirt sí cheana gur brionglóidí a bhí ann a bheith ag súil go mbeadh lucht na hEorpa sásta aon athrú a dhéanamh ar an gcúlstop, an ‘polasaí árachais’ i dtaobh na teorann a aontaíodh tar éis dhá bhliain cainte.

Dúirt sí nach “babhta eile malartaithe litreach” a bhí i gceist aici ach athrú “suntasach agus dlíthiúil ar an socrú imeachta”.

Ní bheadh an idirbheartaíocht éasca, a dúirt sí, toisc gur beag fonn atá ar an AE dul i mbun cainte athuair faoi athruithe a dhéanamh ar an margadh.

Dúirt Príomh-Aire na Breataine go raibh a fhios ag an saol mór cad nár theastaigh ó fheisirí na parlaiminte – olltoghchán nó Breatimeacht gan mhargadh – agus go raibh sé in am anois a fhógairt go soiléir cad go díreach a theastaigh uathu.

Dúirt ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Jeremy Corbyn gurb é May agus a rialtas an bac is mó dáiríre ar réiteach na faidhbe.

“Thugadar an chuid is mó den dá bhliain seo caite ag troid eatarthu féin seachas a bheith i mbun margaíochta leis an AE, agus fós tá siad ag argóint eatarthu féin agus ag teip orthu teacht ar réiteach,” arsa Corbyn.

Diúltaíodh d’fhormhór na leasuithe a moladh anocht, ag áireamh leasú Yvette Cooper, a mhol go mbeadh am ar fáil sa pharlaimint do bhille a chuirfeadh Alt 50 siar go dtí deireadh na bliana 2019 sa chás nach mbeadh margadh faighte ag May roimh an 26 Feabhra.

Vótáladh i gcoinne an leasuithe sin, 322 vóta in aghaidh 290 vóta.

Níos luaithe inniu rinne an tAire Airgeadais Paschal Donohoe cur síos ar léamh lucht a Roinne ar na fadhbanna a chruthódh Breatimeacht gan mhargadh. Dúirt Donohoe nár fachthas a leithéid d’eachtra riamh cheana agus go bhféadfadh laghdú 4.25% a bheith ar an bhfás eacnamaíochta a bhí á thuar idir seo agus 2023 má imíonn an Bhreatain ón AE gan aon mhargadh a bheith déanta acu.

Thiocfadh laghdú 6% ar an ngeilleagar agus d’fhéadfadh ardú dhá phointe céatadáin teacht ar an ráta dífhostaíochta, a dúirt Donohoe. Cé go mbeadh 178,000 duine ag obair in 2023, b’ionann sin agus 55,000 duine níos lú ná mar a bhí á thuar i mBuiséad 2019.

Fág freagra ar 'Vóta caite ag parlaimint na Breataine ar son ‘socrú eile’ seachas an cúlstop'