Vlad, mac tíre na matán mór

Tá sé éasca greann a bhaint as Vladimir Putin ach ná bíodh dul amú orainn faoin bhfuadar a bhíonn faoi uachtarán na Rúise a chuid matán a thaispeáint don saol mór

Tá ag éirí go maith le Vladimir Putin sa chogadh fuar nua i gcoinne an Iarthair, an cogadh fuar úd nach dtuigeann an tIarthar féin atá ar siúl le bliain anuas nó mar sin.

Le coicís, tá céimeanna níos éifeachtaí tugtha ag an Rúis sa tSiria ná mar a thug na Stáit Aontaithe agus a gcomhghuaillithe san Eoraip ó thosaigh an an t-achrann sa tSiria breis is ceithre bliana ó shin. Tá meas mór á thuilleamh dó féin ag Vladimir Putin dá bharr, ní amháin sa bhaile ach san Iaráin, san Iaráic agus i réigiúin eile nach bhfuil faoi anáil pholaitiúil an Iarthair, leis.

Fiú san Iarthar féin, tá iarracht den ‘ar-a-laghad-tá-Vlad-ag-déanamh-rud-eicínt-eachas’ le brath ar an tráchtaireacht atá ag tionlacan aerseó seo na Rúise. Aerseó, is ea. Cinnte dearfa, tá tábhacht straitéiseach ag an tSiria don Rúis, ach is léir don dall nach ar mhaithe le pobal na Siria amháin, ach ar mhaithe le lucht féachana domhanda, atá Putin tar éis seasamh sa bhearna bhaoil a d’fhág éagumas an Iarthair cinntí deacra a a dhéanamh go hoscailte. Is breá le Vladimir a chorp déanta a thaispeáint agus é ar muin capaill, ag seilg, ag iascaireacht, ag déanamh judo, ag tumadh go domhain san uisce nó ag iomrascáil le tíogar. Is breá leis an oiread sin é go bhfuil amhras ar thráchtairí áirithe faoi chlaonadh gnéis Stail Sankt-Peterburg.

Tá sé éasca greann a bhaint as Vladimir Putin, mar sin, ach ná bíodh dul amú orainn faoin bhfuadar a bhíonn faoi a chuid matán a thaispeáint don saol mór.

Ní dóigh liom gur mé an t-aon duine amháin a bhfuil an-amhras air faoina bhfuil ar siúl taobh thiar de shúile fuara gorma uachtarán na Rúise. Ní béar a mheabhraíonn na súile sin dom ach mac tíre, ainmhí a bhíonn ag faire ar a chreach go síoraí seasta, ag smúrthacht sa leathdhorchadas, ag fanacht le huain a mbeadh a chreach gafa le mórfhadhb eile éigin (géarchéim theifeach, mar shampla) chun a dheis a thapú.

 

Fág freagra ar 'Vlad, mac tíre na matán mór'

  • Fearn

    “Tá ag éirí go maith le Vladimir Putin sa chogadh fuar nua i gcoinne an Iarthair, an cogadh fuar úd nach dtuigeann an tIarthar féin atá ar siúl le bliain anuas nó mar sin.”

    Bhal, dúirt an pápa, os cionn bliana ó shoin, go bhfuil an treas chogadh domhanda againn cheana, ach é á fhearadh ina choda. (Níor luaigh sé cén taobh ná taobh ).

    Níl i Bhladimír ach Fionn Mac Cumhail na Rúise ag seasadh onóir a athartha, ag bailiú nirt di, óir is beag air laige na Rúise, ag coinneáil na gcomharsa béil doras fé smacht: An tSéiséin, an Úcráin, agus anois sa tSír, mar ní spéis don “Iarthar” teacht roimh a treascairt ná a turnamh.

    Mar a dúirt de Búrca(?): Le fearsaingiú an oilc, níl le déanamh ach go bhfanfadh dea-dhaoine ina dtost is ina suí

  • Vitaly

    “is léir don dall nach ar mhaithe le pobal na Siria amháin, ach ar mhaithe le lucht féachana domhanda, atá Putin tar éis seasamh sa bhearna bhaoil“

    Is léir dom chomh maith nach ar mhaithe le muintir na Rúise is ea an feachtas Phutin i Siria. Géarchéim chrua eacnamaíocha atá againn anois. Dífhostaíocht ag ardú, airgeadra na tíre ag titim (chomh maith le hioncam mhuintir na Rúise), buiséad ag laghdú. Tá “aerseó” seo ródhaor do ghnáth-Rúisigh. Rud ana-chostasach is ea é an cogadh. Tá gach urchar “Rúiseach” i Siria ag tógaint an t-uafás airgid ón ar bpocaí. Tá corais sláinte, oideachais, phinsin thíos go mór le gach buama Rúiseach scaoilte i Siria. Tá sé fograithe go mbeidh buiséad na Rúise ciorraithe i 2016, agus beidh gach sort caiteachais stáit ag laghdú (ach amháin “cosaint” agus “sábháilteacht stáit”). Ni féidir don stát atá chomh bocht leis an Rúis i 2015 leithéid de “haerseónna” a eagrú míle slí ón teorainn na tíre.

    Dá mbeadh costas na “n-aerseónna” dírithe ar chúrsaí sláinte, chabhrodh sé céadta otharlainn (ata ag dúnadh ar fud na tíre) a choimead beo, ach is cuma le Putin. Ar an drochuair níl suim dá laghad ag ar n-Uachtarán i gcúrsaí ina thír féin. Tá bainistíocht na tíre ana-leadránach do. Imreoir is tábhachtaí ar domhan sa pholaitíocht idirnaisiúnta is ea é ina shúile féin. I lár an scéil agus i mbéal an domhain atá sé aris. Is é an rud a theastaíonn is mó uaidh agus a thaitníonn is mó leis.

    • Fearn

      Ach, a Bhitilí, nach fada an lá ó bhí lá ciúin ag an saighdiúr Rúiseach gach ach an tSéiséin, an tSeoirse agud an Úcráin a lua.

      Níl sa tSír ach an fiontar cogaíochta is úire.