Vacsaín in aghaidh Covid-19 forbartha sa Rúis – an tUachtarán Putin

Tá oiread muiníne ag Uachtarán na Rúise as an vacsaín nua go bhfuil sí tógtha ag a iníon féin

Vacsaín in aghaidh Covid-19 forbartha sa Rúis – an tUachtarán Putin

Mhaígh Uachtarán na Rúise Vladimir Putin inniu go raibh vacsaín in aghaidh Covid-19 forbartha ag eolaithe ansin agus go raibh cead oifigiúil tugtha dá húsáid tar éis dhá mhí de thástálacha ar dhaoine sa phobal.

Bheadh an vacsaín seo ar an gcéad cheann ar domhan ina aghaidh an choróinvíris ag tráth go bhfuil ar a laghad 100 grúpa eolaithe i mbun trialacha lena leithéid de vacsaín a fhorbairt.

Mar chomhartha dá mhuinín sa vacsaín nua dúirt an tUachtarán Putin go raibh sí tógtha ag a iníon féin.

Mhol an Eagraíocht Sláinte Dhomhanda (WHO) don Rúis an tseachtain seo caite gach céim de na cleachtais idirnáisiúnta ar fad a leanúint maidir le forbairt vacsaíne le cinntiú go mbeadh sí sábháilte le húsáid i measc an phobail.

Dúirt Putin inniu go raibh gach céim den tástáil críochnaithe go hiomlán i gcás an druga nua agus nach fada go mbeidh sé á tháirgeadh ar mhórscála do phobal na Rúise.

San Indinéis tá vacsaín eile atá forbartha ag an gcomhlacht Sinovac Biotech ón tSín le tástáil ar 1,620 othar. Tá an vacsaín chéanna á tástáil cheana féin ag an gcomhlacht sa Bhrasaíl.

Idir an dá linn, tá dianghlasáil curtha i bhfeidhm athuair in Auckland na Nua-Shéalainne ar ordú ón bPríomh-Aire Jacinta Arden de bharr ceithre chás nua de Covid-19 a bheith deimhnithe i dteaghlach amháin ansin. Bhí 102 lá caite gan aon chás nua sa tír sin ach dúirt an Príomh-Aire go raibh straitéis aontaithe ag a rialtas le dul i ngleic le haon chás nua a thiocfadh chun cinn.

In Éirinn, beidh cruinniú físe inniu ag an bhfochoiste Rialtais ar Covid-19 le plé a dhéanamh ar an ardú ar líon na gcásanna anseo le gairid. Tabharfaidh an Dr Ronan Glynn, an Príomhoifigeach Leighis Gníomhach tuairisc don chruinniú ar an scéal is deireanaí.

Fág freagra ar 'Vacsaín in aghaidh Covid-19 forbartha sa Rúis – an tUachtarán Putin'