Tá urraíocht á déanamh ag TG4 ar ócáid atá á hóstáil ag óstán de chuid grúpa a chuireann bia, lóistín, agus tacaíocht eile ar fáil do shaighdiúirí Iosrael.
Tá an stáisiún teilifíse luaite i measc phríomhurraitheoirí an WCOS (Comhdháil Dhomhanda na Scríbhneoirí Scripte) a reáchtálfar in Óstán an G ar Sheanbhóthar Bhaile Átha Cliath ar an taobh thoir de chathair na Gaillimhe an tseachtain seo.
Is leis ngrúpa óstán Fattal Hotels Óstán an G ó ceannaíodh níos túisce i mbliana é. Is é David Fattal bunaitheoir agus príomhfheidhmeannach Fattal Hotels, atá lonnaithe in Iosrael. Tá go leor tacaíochta tugtha ag Fattal Hotels do shaighdiúirí Iosrael agus Fórsaí Cosanta Iosrael (IDF) trí chéile ó tosaíodh an cogadh is déanaí sa Mheánoirthear.
Is é Cuallacht Scríbhneoirí na hÉireann atá ag eagrú an comhdhála i nGaillimh, agus tá ráite acu gur roghnaíodh Óstán an G sular cheannaigh Fattal Hotels é.
Tá comhfhreagras de chuid Chuallacht Scríbhneoirí na hÉireann feicthe ag Tuairisc ina maítear go bhfuil an eagraíocht “tiomanta do chearta agóide…agus do shaoirse cainte” ach gur “comhdháil mhór idirnáisiúnta” í an WCOS agus go bhfuil siad “dírithe ar leas gairmiúil [a] mball”.
Tá ráiteas iarrtha ag Tuairisc ar TG4 faoin scéala go bhfuil siad i measc lucht urraíochta na comhdhála in Óstán an G.
Dúirt Aindriú de Buitléir, ó IPSC (Feachtas na hÉireann ar son Dlúthpháirtíocht leis an bPalaistín) na Gaillimhe gur chóir do TG4 tarraingt siar as an gcomhdháil atá ag tosú inniu.
“I bhfianaise an chinedhíothaithe atá á dhéanamh ag an IDF sna Críocha Palaistíneacha faoi Fhorghabháil agus anois sa Liobáin, ní mór dúinn ar fad a bheith ar an airdeall faoi cá bhfuil ár gcuid airgid á chaitheamh againn,” arsa de Buitléier i ríomhphost a sheol sé chuig an stáisiún.
“Ní mór baghcat a dhéanamh ar an G agus ar Leonardos ag an Áirse Chaoch agus ní leor na leithscéalta leamha a tháinig ón Writer’s Guild. Tharraing Breast Cancer Ireland siar as an ócáid tiomsaithe airgid ‘Tea at the G’ a bhí le bheith acu le déanaí nuair a cuireadh ar an eolas iad faoi úinéir an óstáin. Mar stáisiún atá fréamhaithe i gcearta an mhionlaigh, agus a thug guth do na Gaeil, dream a d’fhulaing cos ar bolg agus ar déanadh forghabháil ar a gcríocha, ní mór do TG4 comhpháirtíocht dhlúth a thaispeáint le muintir na Palaistíne, agus impím oraibh tarraingt siar as an gcomhdháil.”
Nuair d’ionsaigh Hamas Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair 2023 chuir Fattal Hotels lóistín ar fáil do bhreis agus 22,000 teifeach in Iosrael. Anuas ar an méid sin, áfach, seolann Fattal Hotels bia agus earraí eile dála braillíní, earraí níocháin, agus gineadóirí go brollach an chatha. Cuireann óstáin de chuid Fattal Hotels in Iosrael lóistín ar fáil do shaighdiúirí an IDF agus tá béilí curtha ar fáil acu do chathláin iomlána.
Bhí agóid ag lucht frithchogaíochta taobh amuigh d’Óstán an G an mhí seo caite mar gheall ar an nasc atá ag an óstán le hIosrael agus an cogadh atá ar bun in Gaza. Is le Leonardo Hotels Óstán an G, fo-roinn Fattal Hotels san Eoraip.
Deir Comhghuaillíocht na Gaillimhe in Aghaidh na Cogaíochta go leanfar lena feachtas le haird a tharraingt “ar an nasc atá idir an t-óstán agus an cinedhíothú i nGáza”. Cháin an ghluaiseacht an tacaíocht atá tugtha ag David Fattal don IDF, go háirithe an deireadh seachtaine ceiliúrtha a eagraíodh in Óstán an Leonard Plaza in Iarúsailéim do shaighdiúirí Chathlán Netzah Yehuda le deireanas, cathlán a bhfuil sé curtha ina leith go bhfuil ainghníomhartha in aghaidh na bPalaistíneach déanta acu.
Tá 294 óstán faoi bhrat Fattal Hotels ar domhan, 47 acu sin in Iosrael féin agus ocht gcinn acu in Éirinn.
Tá an dara hóstán dá gcuid, Leonardo Galway, i gcathair na Gaillimhe freisin.
Pat agus Olive Butler
Bheinn fíorbhuíoch de ‘Tuairisc’ dá bhfoilseofaí ainmneacha na nÓstán go léir in Éirinn atá fá choimirce, nó in úinéireacht Fattel Hotels.
Tá baghcat curtha agam féin is ag mo bhean ar comhluchtaí Iosraelacha. Ina measc, an comhlucht soláthar drugaí cineálacha Teva. Is seanóirí sinne atá ar Scéim Drugaí an rialtais agus bhí dhá phacáiste drugaí cineálacha de chuid Teva á soláthar dúinn in aghaidh na míosa nó gur thugamar treoir – bheul – órdú, i ndáiríre, don poitigéir iad a athrú dúinne.
Má tá smút den bprionsabal in TG4 beinn ag súil go ndéanfaidís an rud ceart, anois go dtuigeann síad scéal úinéireachta – agus níos tábhachtaí ná sin – tacaíocht Fattel Hotels don IDF.
Seán Ó Broin
Aontaím 100% lena bhfuil ráite ag Pat agus Olive Butler. Mar fhreagra ar a gceist, tá na hóstáin Éireannacha seo a leanas (ar a laghad) faoi úinéireacht David Fattal: Leonardos (a bhíodh mar Jury’s) i nGaillimh, Corcaigh, Baile Átha Cliath agus Béal Feirste, óstáin NYX i mBaile Átha Cliath, mar aon leis an g Hotel i nGaillimh. Ní miste a lua nach bhfuil ganntanas ar bith óstán Éireannacha ann nach bhfuil ag tacú leis an gcinedhíothú arbh fhiú go mór ár ngnó a thabhairt dóibh.