Uosis an laoch ag Pobalscoil Chorca Dhuibhne agus Craobh na hÉireann buaite sa chispheil acu

Fuair Pobalscoil Chorca Dhuibhne an ceann is fearr ar Ghaelcholáiste Cheatharlach sa chluiche ceannais

Uosis an laoch ag Pobalscoil Chorca Dhuibhne agus Craobh na hÉireann buaite sa chispheil acu

Imreoirí na Pobalscoile, Aivaras Uosis (sa lár) agus Kiernan Ó Moráin ag ceiliúradh. Pic: Harry Murphy/Sportsfile

Tá iarbhunscoil Ghaeltachta ag ceiliúradh craobh náisiúnta cispheile tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar scoil lán-Ghaeilge eile i gcluiche ceannais na hÉireann inné.

Is iad buachaillí Phobalscoil Chorca Dhuibhne seaimpíní Chraobh Faoi 19 C Cispheile na hÉireann tar éis dóibh Gaelcholáiste Cheatharlach a shárú, 57-34.

Ba é Aivaras Uosis laoch na himeartha do scoil an Daingin agus 36 pointe sa chluiche ceannais aige. Roghnaíodh Uosis roimhe seo ar fhoireann cispheile faoi 18 na hÉireann agus deartháir leis é Deividas Uosis atá ag imirt do na Brisbane Lions san AFL.

Bhí Pobalscoil Chorca Dhuibhne chun tosaigh d’fhormhór an chluiche ceannais a imríodh sa Láthair Náisiúnta Chispheile i dTamhlacht. Bhí buachaillí na Gaeltachta 13-2 chun cinn tar éis an chéad cheathrú ach tháinig Gaelcholáiste Cheatharlach ar ais ina dhiaidh sin agus chuaigh siad chun cinn den chéad uair – 22-21 –a bhuíochas cuid mhór do Bhen Caomhánach agus Conor Ó Duinneacháin a fuair formhór a gcuid scór.

Ben Caomhánach ó Ghaelcholáiste Cheatharlach faoi bhrú ag Oisín Ó Treasaigh (8) agus Alex Buchanon (9) ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne. Pictiúr: Harry Murphy/Sportsfile

Bhí Pobalscoil Chorca Dhuibhne chun cinn arís faoin mbriseadh leath ama, 31-26, agus 17 pointe scóráilte ag Uosis. D’aimsigh an fear óg céanna dhá iarracht trí phointe ag tús an tríú ceathrú chun an bhearna a mhéadú agus bhí foireann na Pobalscoile 46-31 chun tosaigh agus gan ach ceathrú amháin fágtha. Níor éirigh le Gaelcholáiste Cheatharlach aon teacht aniar eile a dhéanamh agus bhí bua cumasach ag scoil an Daingin.

Bhí craobh náisiúnta á ceiliúradh ag scoil lán-Ghaeilge eile níos túisce sa tseachtain agus Craobh Cispheile Faoi 19 B na hÉireann buaite ag cailíní Choláiste Ailigh. Fuair scoil Leitir Ceanainn an ceann is fearr ar scoil lán-Ghaeilge eile, Cnoc na Labhras as Luimneach.

Bronnadh gradam Laoch na hImeartha ar Shannon Ní Chuinneagáin a fuair 33 pointe do Choláiste Ailigh sa chluiche a bhuaigh siad, 48-27. Tá clú bainte amach ag Ní Chuinneagáin as a cumas cispheile le roinnt seachtainí anuas agus ainmníodh í mar Imreoir na Míosa i Roinn 1 den tSraith Náisiúnta an mhí seo caite as a cuid gaiscí le LYIT Donegal.

Shannon Ní Chuinneagáin ó Choláiste Ailigh san iomaíocht le Angel Alfred (ar chúl), agus Alexa Mc Inerney ó Laurel Hill. Pictiúr: Ben McShane/Sportsfile

Bhí Coláiste Ailigh 26-8 chun tosaigh ag leath ama sa chluiche ceannais a imríodh Dé Máirt ach rinne Laurel Hill teacht aniar láidir agus ní raibh ach ocht bpointe idir na foirne ag deireadh an tríú ceathrú. Níor ghéill cailíní Thír Chonaill, áfach, agus thugadar leo an chraobh faoi 19.

Fág freagra ar 'Uosis an laoch ag Pobalscoil Chorca Dhuibhne agus Craobh na hÉireann buaite sa chispheil acu'