Uisce Éireann ag impí ar mhuintir Inis Oírr agus Inis Meáin uisce a spáráil

Tá gineadóir curtha ag obair in ionad cóireála uisce Inis Oírr inniu agus aistreofar amárach go hInis Meáin é

Uisce Éireann ag impí ar mhuintir Inis Oírr agus Inis Meáin uisce a spáráil

Tá Uisce Éireann ag impí ar mhuintir Inis Oírr agus Inis Meáin uisce a spáráil an deireadh seachtaine seo sa chaoi nach dteipfidh ar an soláthar uisce ar na hoileáin mar thoradh ar an ngearradh leictreachais ar an dá oileán.

Dúnadh an t-ionad cóireála uisce in Inis Meáin mar gheall ar an bhfabht sa chóras leictreachais a tharla ar maidin. Dúirt Uisce Éireann go mbeidh “dóthain uisce sa taiscumar go ceann cúpla lá” ach go mbeidh srian san oíche ar úsáid uisce san oileán leis an uisce atá ann a chaomhnú.

Tá gineadóir ag Uisce Éireann in ionad cóireála uisce Inis Oírr agus tá siad ag réiteach leis an ngineadóir sin a aistriú go hInis Meáin amárach. Thug siad rabhadh go mb’fhéidir go gcuirfí isteach ar an soláthar uisce in Inis Meáin a fhad is atá an gineadóir á fheistiú.

Dúirt Uisce Éireann go bhfuil siad féin agus Comhairle Chontae na Gaillimhe ag obair as lámha a chéile lena chinntiú nach gcuirfear isteach rómhór ar ghnó, ar an turasóireacht ná ar ghnáthshaol an oileáin a fhad is atá an obair dheisithe ar siúl.

Ghabh an comhlacht leithscéal le muintir na n-oileán as an bhfadhb agus ghabh buíochas leo as a “dtuiscint agus a gcomhoibriú”.

Thug an Bord Soláthair Leictreachas le fios inniu go bhfuil an chuma ar an scéal anois go mbeidh Inis Oírr agus Inis Meáin gan aon chumhacht leictreachais “go ceann roinnt laethanta”.

Moladh go gcuirfeadh aon duine sna hoileáin atá ag brath ar fheistí leighis a ritheann ar leictreachas fios ar a ghairmí sláinte agus socrú eile a dhéanamh más gá.

Ba ag 4 am ar maidin a tharla an fabht ar chábla fothoinn a d’fhág trí oileán Árann gan aon chumhacht. Thug urlabhraí an BSL le fios go ndeachaigh criú ó ESB Networks i mbun oibre láithreach chun an fabht a dheisiú.

Tá an córas leictreachais ag obair arís in Inis Mór ó shin, ach d’fhéadfadh go mbeidh “roinnt laethanta” ann sula mbeidh cumhacht arís in Inis Oírr agus Inis Meáin.

Thug an BSL le fios go bhfuil an scéal amhlaidh toisc “a chasta is atá sé cáblaí faoin bhfarraige a dheisiú”. Ghabh an BSL leithscéal le muintir Inis Oírr agus Inis Meáin, mar a bhfuil 372 custaiméir ag an gcomhlacht soláthair leictreachais.

Tá eolas faoin bhfadhb chumhachta ar an dá oileán ar fáil ag www.esbpowercheck.ie.

Fág freagra ar 'Uisce Éireann ag impí ar mhuintir Inis Oírr agus Inis Meáin uisce a spáráil'