Uisce á tharraingt ag a muileann féin ag páirtithe an chomhrialtais

Bíonn fonn ar an uile aire agus páirtí drochscéalta a sheachaint ach is mó an fonn sin nuair a thosaíonn siad ag smaoineamh faoi chúrsaí toghcháin

Uisce á tharraingt ag a muileann féin ag páirtithe an chomhrialtais

Teannas dáiríre nó troid na mba maol? Rinneadh scéal mór de ar feadh tamaill i dtús na seachtaine go raibh sé ina chlampar ag an gcruinniú rialtais maidin Dé Máirt mar gheall ar mholtaí atá ag an Aire Lánpháirtíochta Roderic O’Gorman faoi thithíocht do theifigh ón Úcráin. Bhain an clampar leis an Tánaiste a bheith feargach faoi na moltaí mar go gcuirfeadh siad brú ar roinn eile, ceann atá i seilbh Fhianna Fáil – an Roinn Tithíochta.

Sna laethanta ó shin tá iarrachtaí go leor déanta an dochar a bhaint as na tuairiscí. Míthuiscint a bhí sa rud ar fad mar gheall go raibh fadhbanna ag an Tánaiste a bhealach a dhéanamh abhaile ó chruinniú Eorpach sa Bhruiséil, de réir na dtuairiscí is déanaí. Ó tharla go raibh sé sáinnithe i Lucsamburg níor éirigh leis freastal ar an gcruinniú a bhíonn ag triúr ceannairí páirtí an chomhrialtais tráthnóna Dé Luain. D’fhág sin go raibh míthuiscint air nuair a chuir Roderic O’Gorman a chuid moltaí i láthair na comh-aireachta ar an Mháirt. An mhíthuiscint sin a chruthaigh an teannas agus an t-easaontas.

Míniú cineál casta agus ciotach ar scéal an-simplí, más fíor. De réir cosúlachta tá na moltaí ag Roderic O’Gorman go gcuirfí teora leis an tréimhse a gcuireann an Stát lóistín ar fáil do theifigh ón Úcráin á bplé le fada ag oifigigh na roinne.

Dheimhnigh ceannaire an Chomhaontais Ghlais Eamon Ryan an méid sin ar Raidió 1 Déardaoin. Cén chaoi mar sin a mbeidís ag teacht aniar aduaidh ar Airí Rialtais? B’fhéidir go raibh míthuiscint ar an Tánaiste faoi cén uair a phléifí iad ach níl aon amhras ach go bhfuil a leithéid molta.

Tá an oiread baint aige seo ar fad le hiarrachtaí na bpáirtithe drochscéalta a chur faoi smacht agus atá aige le himní faoin soláthar oideachais do na daoine a bheadh ag aistriú amach as an lóistín atá acu faoi láthair tar éis 90 lá.

Dúirt Micheál Martin go lom ag an gcruinniú rialtais, más fíor na tuairiscí, go ndéanfadh na moltaí seo dochar don Roinn Tithíochta, roinn ina bhfuil aire de chuid Fhianna Fáil i gceannas air. Níl mórán dea-scéalta ag eascairt as an Roinn chéanna agus muid i bhfoisceacht bliana d’olltoghchán, ainneoin gealltanais go leor ag an olltoghchán deiridh. Níl Fianna Fáil ag iarraidh aird a tharraingt ar an easpa dul chun cinn.

Is amhlaidh cás ag an dá pháirtí eile, ar ndóigh. Ní theastóidh ó cheachtar acu aird a tharraingt ar aon bhotúin nó laigí sna ranna atá faoina gcúram féin sna míonna seo romhainn.

Fírinne an scéil go bhfuil leathshúil acu ar fad ar an toghchán agus go bhfuil siad ag iarraidh uisce a tharraingt ag a muileann féin trí idirdhealú a dhéanamh idir iad féin agus na páirtithe eile, go háirithe sa gcás agus go mbíonn polasaí nó ceist chonspóideach le plé. Bímis ag súil le teannas go leor as seo go ceann píosa.

Fág freagra ar 'Uisce á tharraingt ag a muileann féin ag páirtithe an chomhrialtais'