Foirne Gaeltachta ag fáil réidh do chluichí ceathrú ceannais agus do chluichí dícháilithe

Tá áit bainte amach ag Oileáin Árann sna babhtaí ceathrú ceannais i gCraobh Idirmheánach na Gaillimhe

Foirne Gaeltachta ag fáil réidh do chluichí ceathrú ceannais agus do chluichí dícháilithe

Glacfaidh dhá fhoireann Ghaeltachta páirt sna babhtaí ceathrú ceannais de Chraobh Shinsir Peile na Gaillimhe an tseachtain seo chugainn ó tháinig Bearna agus Maigh Cuilinn slán óna ngrúpaí.

Rinneadh an tarraingt do na cluichí ceathrú ceannais aréir agus is in aghaidh Réalta Thuama a bheidh Bearna. Bhain Bearna áit amach sna babhtaí ceathrú ceannais tar éis dóibh Naomh Micheál a bhualadh Dé Domhnaigh, 0-13 in aghaidh 0-11. Trí chluiche as trí cinn a bhuaigh Bearna i nGrúpa 1 agus áit acu sna babhtaí ceathrú ceannais den chéad uair ó 2014.

Is i gcoinne fhoireann as an gcathair, Naomh Séamus, a bheidh Maigh Cuilinn. Thug Maigh Cuilinn taispeántas láidir uathu i gcoinne an Chreagáin-Maigh Locha Dé Domhnaigh, cé go raibh fir na Gaeltachta cáilithe do na babhtaí ceathrú ceannais roimhe. Bua ceithre phointe dhéag a bhí acu, 4-14 in aghaidh 1-9. Fuair Conor Bohan agus Eoin Ó Ceallaigh cúl an duine agus fuair Dessie Conneely péire.

Sa dá chluiche ceathrú ceannais eile, tabharfaidh Cill Aithnín aghaidh ar an gCreagán-Maigh Locha agus imreoidh Bóthar na Trá-Cnoc na Cathrach i gcoinne Chora Finne.

Bhain Cora Finne áit amach sna babhtaí ceathrú ceannais tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar an gCeathrú Rua Dé hAoine seo caite. Deich bpointe a bhí idir na foirne, 0-16 in aghaidh 0-6, ag deireadh na himeartha.

Beidh dhá fhoireann as Cois Fharraige, An Spidéal agus Micheál Breathnach, ag tabhairt aghaidh ar na babhtaí dícháilithe sa Chraobh Shinsir.

Údar díomá a bhí ag an Spidéal Dé Sathairn mar thit siad as a chéile in aghaidh Bhóthar na Trá-Cnoc na Cathrach sa dara leath den chluiche a bhí eatarthu. Bhí an Spidéal sé phointe chun tosaigh ag leath ama, 1-10 in aghaidh 0-7, ach níor aimsigh fir na Gaeltachta ach dhá scór sa dara leath. Rinne Bóthar na Trá-Cnoc na Cathrach teacht aniar sa dara leath agus ba acu a bhí an bua sa deireadh, 0-16 in aghaidh 1-12.

Is in aghaidh Mhuine Mheá-An Mhainistir a bheidh an Spidéal anois i gcluiche leathcheannais dícháilithe.

Beidh Micheál Breathnach ag tabhairt aghaidh ar Chathair Loistreáin sa chluiche dícháilithe eile. Bhí bua ag teastáil ó na Breathnaigh in aghaidh Eanach Dhúin Dé hAoine ach bhí fir na Gaeltachta ceithre phointe chun deiridh ar a gcéilí comhraic, 1-15 in aghaidh 1-11.

Sa Chraobh Idirmheánach, is iad Oileáin Árann an t-aon fhoireann Ghaeltachta a bheidh ag imirt sna babhtaí ceathrú ceannais.

Cé gur chaill na hoileánaigh in aghaidh an Dúin Mhóir ag an deireadh seachtaine, 3-10 in aghaidh 1-13, bhí áit bainte amach acu sa chéad bhabhta eile cheana féin. Is in aghaidh Chill Chóirín-Cluain Bheirn a bheidh Oileáin Árann sa chluiche ceathrú ceannais sin.

Goillfidh sé ar Naomh Anna nár bhain siad áit amach sna babhtaí ceathrú ceannais agus scata deiseanna curtha amú acu sa chluiche a bhí acu in aghaidh Chill Chonla Dé Sathairn. Bhí na seansanna ag fir Chonamara sa dara leath chun an cluiche a bhuachan ach níor thapaigh siad iad agus ag an deireadh bhí an lá le Cill Chonla, 2-10 in aghaidh 0-12.

Is sna babhtaí dícháilithe atá Carna-Caiseal anois agus bua gan choimhlint tugtha acu do Sheamróga Chortúin Dé Sathairn

Is ar an 12/13 Meán Fómhair a imreofar na cluichí i mbabhtaí ceathrú ceannais agus dícháilithe na gCraobhacha Sinsir agus Idirmheánacha.

Fág freagra ar 'Foirne Gaeltachta ag fáil réidh do chluichí ceathrú ceannais agus do chluichí dícháilithe'