Uaireanta is fiú suí síos agus an caisleán lego a thógáil…

Ní chuimhníonn muid go bhfuil an spraoi tábhachtach, ní hamháin don pháiste ach don duine fásta chomh maith…

Uaireanta is fiú suí síos agus an caisleán lego a thógáil…

‘An ndéanfaidh tú comórtas dathaithe liom, Mamaí?’ a d’iarr an Babaí orm an lá cheana.

‘Tabharfaidh mé cead duit buachtáil.’

Bhí mé thuas ag an mbáisín sa gcistineach ag níochán na soithí agus shílfeá go mbeinn níos sciobtha acu faoin am seo.

‘Théis nóiméid,’ a deir mé, ‘caithfidh mé na soithí a níocháin, is caithfidh mé éadaí a chur sa mheaisín, is cuirfidh mé tús leis an dinnéar agus imreoidh mé cluiche ansin leat.’

Bhreathnaigh sé orm amhail is go raibh scail éicint orm. Is dóigh go raibh.

‘Ach sin é a deireann tú i gcónaí nuair a iarraim ort cluiche a imirt liom.’

D’airigh mé go dona. ‘Ní cheapaim go ndeirim i gcónaí é,’ a deir mé.

‘Deireann, agus ansin ní imríonn tú an cluiche ach an oiread, mar go mbeidh tú ag déanamh rud éicint eile ar ball.’


Bhí a fhios agam go raibh an ceart aige. Beidh fáth maith i gcónaí agam leis: beidh soithí le níochán, nó éadaí le cur chun bealaigh, nó roinnt oibre le déanamh.

Rith sé liom an lá cheana go bhfuil an cur chuige droim ar ais agam. I leaba tús áite a thabhairt don obair tí nó eile i gcónaí, ba cheart tús áite a thabhairt don spraoi, uair sa ló ar aon chaoi.  

Sílim gur dhúirt duine éicint, uair éicint, nach ar arán amháin a mhaireann an duine.

An fhadhb atá ann, agus seans go bhfuil sé seo tugtha faoi deara agat féin, ná nach ionann tosaíochtaí an tuismitheora agus tosaíochtaí an pháiste.

Is maith leis an bpáiste a bheith ag spraoi agus a n-am a thógáil, agus, i gcomórtas leis sin, tá súil ag an tuismitheoir ar an gclog i gcónaí. Anois, breathnaigh, tá gal tosaithe ag teacht amach as a cluasa ag cuimhneamh go mbeidh chuile dhuine deireanach.

Cuir i gcás go bhfuil sé in am bricfeasta a ithe ach tá siad ag iarraidh caisleán lego a thógáil?

‘Ná caill d’fhoighid,’ a deirim liom féin.

Tá sé faighte amach agam, gur fearr scaití suí síos ar feadh cúpla nóiméad i lár an aicsin agus tús a chur leis an gcaisleán lego agus sásamh a bhaint as an saol le chéile.

Déanann an duine fásta dearmad ar thábhacht an spraoi. Ní chuimhníonn muid go bhfuil an spraoi tábhachtach, ní hamháin don pháiste ach don duine fásta chomh maith.

Caithfear an teach a choinneáil ag imeacht, tá a fhios agam é sin, ach is tábhachtaí fós iad na nóiméid bheaga anseo is ansiúd a chaitheann muid le chéile ag déanamh…tada.

An lón anama ná an chuimhne atá agam ar na hamanna sin gur shuigh mé síos chun caisleán lego a thógáil, nó m’ainm a chur sa hata don chomórtas dathaithe (fiú murar chreid mé dháiríre go dtabharfaí cead dom é a bhuachtáil).

Fág freagra ar 'Uaireanta is fiú suí síos agus an caisleán lego a thógáil…'