‘Uaigneas, faitíos, éiginnteacht’ – rabhadh tugtha faoi ghéarchéim sláinte intinne

Tá rabhadh tugtha ag WHO go bhféadfadh nach “n-imeodh an coróinvíreas go deo” agus go raibh géarchéim sláinte intinne i ndán dúinn

‘Uaigneas, faitíos, éiginnteacht’ – rabhadh tugtha faoi ghéarchéim sláinte intinne

Michael Ryan

Tá rabhadh tugtha ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go bhféadfadh nach “n-imeodh an coróinvíreas go deo” agus go raibh géarchéim sláinte intinne i ndán dúinn ar fud an domhain de bharr na paindéime.

“Tá sé tábhachtach go bpléifí an t-ábhar seo. D’fhéadfadh gur víreas eile é an ceann seo a bheidh forleathan sa phobal agus d’fhéadfadh gur víreas é nach n-imeodh leis go deo,” a deir Michael Ryan, ceannasaí éigeandálacha an WHO.

“Ní dóigh liomsa gur féidir aon gheallúintí ná aon dátaí a thabhairt faoi. D’fhéadfadh gur fadhb é an galar seo a bheidh linn go ceann tamall fada nó d’fhéadfadh nárbh ea,” a dúirt sé.

Tháinig rabhadh ó na Náisiúin Aontaithe go bhfuil a lán daoine buartha de bharr na paindéime agus fadhbanna sláinte intinne forleathan, go háirithe i dtíortha nach ndéantar dóthain infheistíochta i gcúram sláinte intinne.

Mhol na NA do rialtais freastal a dhéanamh ar an tsláinte intinne agus iad ag déileáil leis an bpaindéim seo.

D’eisigh rannóg sláinte intinne an WHO rabhadh faoi iarmhairtí na paindéime.

Uaigneas, faitíos, éiginnteacht, cíor thuathail eacnamaíochta – d’fhéadfadh buairt shíceolaíochta teacht as aon cheann acu sin,” a dúirt stiúrthóir na rannóige, Devora Kestel. 

De réir an áirimh atá déanta ag Ollscoil Johns Hopkins nach mór 300,000 duine ar a laghad atá curtha den saol go dtí seo ag an gcoróinvíreas agus tá sé deimhnithe gur bhuail an galar breis is 4.3milliún duine ar fud na cruinne.

Fág freagra ar '‘Uaigneas, faitíos, éiginnteacht’ – rabhadh tugtha faoi ghéarchéim sláinte intinne'