Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe ag éirí as

Dúirt Ciarán Ó hÓgartaigh go raibh an deis a bhí aige an Ghaeilge a úsáid ina chuid oibre mar cheann de na rudaí is mó a thaitin leis faoina phost

Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe ag éirí as

Ciarán Ó hÓgartaigh, Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe

Tá sé fógartha ag uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, Ciarán Ó hÓgartaigh, go bhfuil sé ag éirí as a phost.

Tá Ó hÓgartaigh, ar cainteoir líofa Gaeilge é, ina uachtarán ar Ollscoil na Gaillimhe ó 2018.

I dteachtaireacht dhátheangach a sheol sé chuig foireann na hollscoile inniu, luaigh Ó hÓgartaigh an deis a bhí aige an Ghaeilge a úsáid ina chuid oibre mar cheann de na rudaí is mó a thaitin leis faoina phost.

Ar na buaicphointí a luaigh sé óna thréimhse uachtaránachta, bhí an “borradh” faoin taighde san ollscoil, an chomhpháirtíocht leis na mic léinn, cur chun cinn na hollscoile mar ollscoil “gan geataí” atá “oscailte roimh an domhan mór” agus “an cheannaireacht” a léiríodh san ollscoil “maidir le hIosrael-an Phalaistín”.

Dúirt sé go raibh go leor dúshlán le sárú le linn a thréimhse mar uachtarán.

“Nuair a thosaigh mé anseo in Eanáir 2018, ba bheag a thuig muid na dúshláin agus na héachtaí a bhí romhainn. Dúshláin ar nós COVID, a chuir isteach orainn níos mó ná mar a cheap muid, agus cibirionsaí neamhrathúil ina dhiaidh sin.

“Sháraigh muid na dúshláin sin le chéile. Glactar leis nach bhfuil a dhóthain maoinithe ar fáil don earnáil ardoideachais, a chiallaíonn go bhfuil muid ag streachailt lenár misean chun freastal ar ár mic léinn agus chun taighde, teagasc agus rannpháirtíocht pobail a dhéanamh go ginearálta. Tá na dúshláin sin romhainn i gcónaí.”

Shocraigh sé éirí as ar chúiseanna pearsanta agus dúirt gur “ag cumadh scéalta” a bheadh aon duine a déarfadh a mhalairt.

“Mé féin a rinne an cinneadh seo, agus mé féin amháin. Ar ndóigh, beidh tuairimíocht ann. Ní bhíonn an tuairimíocht bunaithe ar fhianaise riamh.

“Ní bhíonn a fhios ag na daoine a mbíonn tuairimíocht ar bun acu. Bíonn siad ag cumadh scéalta. Déarfaidh mé arís é, mar sin: mé féin a rinne an cinneadh seo, agus mé féin amháin.”

Fág freagra ar 'Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe ag éirí as'