Tús mall a bhí ag an bpeil i nDún na nGall, ach tá sí ag dul ó neart go neart ó shin

Cé go bhfuil craobhacha peile na sinsear i bhfad níos faide ar an bhfód sna contaetha Gaeltachta eile ná tá siad i nDún nan Gall, tá éirithe níos fearr le cumainn an cheantair sin i gcomparáid lena leathbhádóirí

Tús mall a bhí ag an bpeil i nDún na nGall, ach tá sí ag dul ó neart go neart ó shin

Tá an chuid is mó againn láneolach ar an gcaoi ar scaip fréamhacha Chumann Lúthchleas Gael mar a bheadh falscaí ann sna blianta beaga a lean bunú na heagraíochta i nDurlas Éile in 1884.

In imeacht cúpla bliain bhí boird chontae ag feidhmiú i mórán chuile cheann sa tír agus craobhacha clubanna á reáchtáil iontu.

Tá Dún na nGall ar cheann de na heisceachtaí. An sacar ba threise ansiúd ag deireadh an 19ú haois. Bunaíodh coiste contae le heagar a chur ar an gcluiche sin in 1894. Bhí Corcaigh ar áit eile ina raibh tóir mhór ar an gcluiche Gallda, fós níor facthas eagraíocht mhaoirseachta ansiúd go ceann 13 bliain eile.

Scéal eile a bhain leis na cluichí Gaelacha i nDún na nGall, áit a raibh cumainn anseo agus ansiúd ag deireadh an 19ú haois, boird réigiúnda ina dhiaidh sin, ach go raibh an bhliain 1905 tagtha sular ceapadh coiste le feitheoireacht a dhéanamh ar an gcontae ina iomláine.

Aon bhliain amháin a mhair sé.

Aisteach go leor timpeall an ama sin, ba í an iománaíocht ba thréine de na cluichí Gaelacha i nDún na nGall timpeall an ama sin, í á himirt feadh an chósta ar fad. Tá tuairiscí ar fáil ar chluichí a bheith á n-imirt ó Ghort an Choirce go Bun Dobhráin, i bhFánaid, i bhFathain agus i mBeart in Inis Eoghain agus fiú ar Inis Bó Finne.

Bhí Craobh Shinsir Peile Uladh ar an bhfód ó 1888, ach níor facthas aon fhoireann as Dún na nGall istigh ar an gcomórtas go dtáinig 1906. An uair sin féin (1907 a imríodh é), ba pheileadóirí as Gaoth Dobhair agus as cúpla cumann eile a chuaigh chun páirce ar bheagán fógra, mar gur thug formhór na gclubanna tús do chluiche na fuinseoige.

Agus iad ar bheagán eagair ná ullmhú, bhuaigh an Dún orthu 0-18, 0-2.

An bhliain chéanna sin bhuaigh Dún na nGall ar Aontroim i gCluiche Ceannais Iomána Chúige Uladh agus d’imir Tiobraid Árann i mbabhta ceathrú ceannais.

Aon séasúr amháin a mhair an chéad choiste contae CLG sin i nDún na nGall nó gur thit sé as a chéile. 13 bliain a chaith sé in éag, rud a d’fhág go raibh an bhliain 1919 tagtha sula ndeachaigh foireann peile de chuid an chontae chun páirce i gcraobh shinsearach Uladh den chéad uair ariamh.

Cé nach bhfuil aon deimhniú le fáil air, tá sé ráite gur eagraigh an chéad choiste sin Craobh Shinsearach Contae sa bPeil 1905 agus go mba iad Lámh Dhearg as Leitir Ceanainn a bhuaigh.

Níl sé cláraithe sa tseoidleabhair sin a d’fhoilsigh an tAth Seán Ó Gallchóir i 1996 (The Raidió na Gaeltachta Book of Donegal GAA Facts). Bua Réalt na Mara (Bun Dobhráin) ar Chúil na gCuirridín i 1920 an ceann is túisce a bhfuil aitheantas tugtha ag Seán dó, é sin eagraithe ag an gcoiste contae a tháinig le chéile i 1919 agus a bhí ar an gceann a rinne an ceangal le Comhairle Uladh.

Faoin am sin bhí go hard os cionn 30 cluiche ceannais sinsir peile imeartha sa gcuid is mó de na contaetha Gaeltachta eile – gan CLG ach bliain bunaithe nuair a thug Baile na Sagart Craobh Phort Láirge leo in 1885.

Chuir Cogaí na Saoirse agus na gCarad isteach go mór ar imeachtaí Chumann Lúthchleas Gael idir 1920 agus 1923. Ba bheag cluiche ceannais contae a imríodh ar fud na tíre le linn an achair sin. Níor imríodh aon chluiche ceannais peile i gCiarraí nó i Maigh Eo ceachtar de na trí bliana sin.

Aon bhliain amháin (1921) a cuireadh an imirt ar ceal i nDún na nGall. An uair sin féin bhíothas imithe chomh fada leis an mbabhta ceannais idir Baile Dhún na nGall agus Cúil na gCuiridín, ach go raibh imreoirí go leor dá gcuid siúd i ngéibheann nó i bpríosún.

‘Leave it in abeyance until the return of the jail birds’ an moladh a bhí ag teachta amháin nuair a pléadh an t-ábhar ag cruinniú.

A luaithe agus a bhí cúrsaí socraithe síos de bheagán tar éis na cogaíochta thosaigh an pheil agus an iomáint ag scaipeadh ar fud an chontae. Sna 1920idí a bunaíodh Caisleán na Finne, na Gleannta, Ard a Rátha, Bun Dobhráin, na Ceithre Máistrí, Naomh Adhamhnáin agus Béal Átha Seanaidh, An Clochán Liath agus Cill Chárthaigh.

Bhí an long faoi lán seoil.

Cé go bhfuil craobhacha peile na sinsear i bhfad níos faide ar an bhfód sna contaetha Gaeltachta eile ná atá siad i nDún nan Gall, tá éirithe níos fearr le cumainn an cheantair sin i gcomparáid lena leathbhádóirí i Maigh Eo, i nGaillimh, i gCiarraí, i gCorcaigh, i bPort Láirge ná i gContae na Mí.

15 uair atá an gaisce sin déanta ag Gaoth Dobhair astu féin agus seans acu ceann a chur leis sin inniu nuair a imreoidh siad féin agus Naomh Conaill a chéile i mbabhta ceannais an tséasúir seo.

Bhí an bhliain 2005 linn nuair a bhuaigh foireann na nGleanntach an chéad cheann ariamh agus ó 2010 tá cúig cinn eile curtha leis sin acu, rud a fhágann go bhfuileadar féin Ard a’ Rátha agus Cill Chárthaigh ar aon mharc.

Tá seacht gcinn ag an gClochán Liath, nár bhuaigh ó 1958.

Corn Mhig Uidhir a bhronntar ar bhuaiteoirí an chomórtais inniu. Gan amhras ní hé an fear a rugadh i nDún Mánmhaí i 1877 atá i gceist ach an Canónach Éamonn Mag Uidhir, an té a roghnaíodh mar chathaoirleach ar an gcéad choiste contae an oíche stairiúil úd i dTamhach an tSalainn i 1905.

Ba ghar do láthair ar an Inbhear a saolaíodh eisean sa mbliain 1857. Chaith sé tamall ina ollamh i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad agus ina dhiaidh sin ina shagart in áiteacha go leor ina chontae dúchais – a cheantar féin, Gaoth Dobhair agus an Charraig ina measc.

 

 

Fág freagra ar 'Tús mall a bhí ag an bpeil i nDún na nGall, ach tá sí ag dul ó neart go neart ó shin'

  • Ciaran Ó Fátharta

    An-spéisiúil ar fad. An phíosa mar is iondúil ó Mhártan.