Tús curtha le téarma nua Dála le nóiméad ciúnais in ómós don Bhanríon Eilís II

Dúirt an Taoiseach sa Dáil tráthnóna go dtiocfadh gáscheantar na Coiribe faoi bheartas cánach amhantair nua an Aontais Eorpaigh

Tús curtha le téarma nua Dála le nóiméad ciúnais in ómós don Bhanríon Eilís II

An ghéarchéim fuinnimh a bhí sa treis le linn ceisteanna na gceannairí sa Dáil tráthnóna nuair a d’fhill Teachtaí Dála ó shos an tsamhraidh.

Cuireadh tús le himeachtaí le nóiméad ciúnais in ómós Bhanríon Shasana Eilís II a fuair bás an tseachtain seo caite.

Dúirt Seán Ó Fearghaíl, an Ceann Comhairle, gur “ceannaire domhanda inspioráideach” a bhí sa bhanríon.

Bhí gáirí ann in áit an chiúnais tamall ina dhiaidh sin nuair a thug an Ceann Comhairle ‘An Taoiseach’ ar Mary Lou McDonald agus cuireadh chun cainte á thabhairt aige do cheannaire Shinn Féin.

Dúirt Mary Lou McDonald gur gá don Rialtas gníomh a dhéanamh láithreach chun billí leictreachais a laghdú go dtí an leibhéal a bhí ann in 2021 sular thosaigh an ghéarchéim.

Ba cheart srian a chur ar na billí ar feadh an gheimhridh, a dúirt ceannaire Shinn Féin.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go dtabharfadh a leithéid de phlean “seic bán” do na comhlachtaí fuinnimh.

D’fhiafraigh sé de cheannaire Shinn Féin cén costas a bhainfeadh lena moladh go gcuirfí srian ar na billí.

Mar fhreagra air sin, dúirt McDonald go raibh teorainn ama curtha lena moladh. Dúirt an Taoiseach nach bhféadfaí teorainn ama a chur leis an ngéarchéim.

Dúirt an Taoiseach go raibh géarchéim dhomhanda fuinnimh “an-olc” romhainn agus go gcabhródh an Rialtas le daoine lena mbillí fuinnimh go dtí deireadh mhí an Mhárta.

Dúirt ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Ivana Bacik gurb é an Buiséad a shocródh an mbeidh ar dhaoine áirithe rogha a dhéanamh idir bia agus teas.

Tá Páirtí an Lucht Oibre ag iarraidh ar an Rialtas náisiúnú sealadach a dhéanamh ar ghás na Coiribe.

Dúirt Micheál Martin go ndíreodh beartas cánach amhantair an Aontais Eorpaigh ar gháscheantar na Coiribe.

Léirigh roinnt Teachtaí Dála eile amhras faoi chur chuige an Rialtais i leith na géarchéime, ceannaire Aontú, Peadar Tóibín, ina measc

“An t-aon rud a fhanfaidh te an geimhreadh seo ná lámha an Rialtais mar go bhfuil siad ag suí chomh fada orthu,” arsa Tóibín.

Fág freagra ar 'Tús curtha le téarma nua Dála le nóiméad ciúnais in ómós don Bhanríon Eilís II'

  • Séan Ó Súilleabháin

    ***************************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059
    ***************************************************************************************

    **********************’Banríon Shasana, Eilís II, ar shlí na Fírinne’***********************

    **************GO MAIRE AN RÉABHLÓID AGUS AN PHOBLACHT NUA*****************

    **************************************************************************************

    Cen fáth nár ghlac an Dáil nóiméad ciúnais ar son a n-Iospairteach Stáit ar fud an Domhain ó hÉirinn go dtí an Aifric Theas a d’fhulaing faoina hImpireacht/Ríocht Aontaithe thar na glúnta agus a fhulaingíonn go fóill.

    Is mise
    Dónall Mór Mac Billings
    Mac na Reablóide Teanga agus Polaitíochtaí

    An Ghaeltacht,
    Bloc E
    Ardán 1

    Príosún Phort Laoise

    Éire

    ***************************************************************************************
    http://artpickle.com/Index.cfm?artpage=artistdetail&ID=11059
    ***************************************************************************************

  • Gearóid de Grás

    Ceist mhaith, a Dhónaill.
    Ceist eile agamsa.
    Ar ghlac an Dáil nóiméad ciúnais nuair a fuair Ciarán Ó Dochartaigh, Teachta Dála, bás ar stailc ocrais – ní cuimhin liom féin. Má ghlac, is ar chomhchéim ómóis i súilibh na Dála atá sé le banríon Shasana. Murar ghlac, is ar chéim níos ísle a bhí sé, de réir dealraimh.

  • Seán Ó Súilleabháin

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/Index.cfm?artpage=artistdetail&ID=11059
    *****************************************************************************************

    A Ghearóid,
    Maith thú a chara uasail,

    Níor thaispeáin siad ómós ar bith do na Stailceoirí Ocrais a d’fhulaing go mór roimh a mbás agus a d’éag ar son na Cúise. Ar dheis lámh Dé go raibh mo chairde uaisle cróga.

    Ar aghaidh chun bua,
    Dónall Mór Mac Billing(s)

    Gaeltacht Phríosún Phort Laoise
    Bloc E
    Aradán 1
    Jailteacht/Gaeltacht Phríosúin Phort Laoise

    (Gabh mo leithscéal as Gaeilge a scríobh mar ní mór domh a bheith ciúin ag caint Gaeilge i bPríosún ‘Éireannach’, áit a chloistear Béarla agus teangacha eile gan bac ná ciníochas ina n-aghaidh .)

    ****************************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059
    ****************************************************************************************