Tús á chur le MA iriseoireachta nua trí Ghaeilge agus comhghuaillíocht bunaithe idir OÉ, Gaillimh agus RTÉ

Tá cúrsa MA nua á chur ar fáil ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh i gcomhar le RTÉ.

Tús á chur le MA iriseoireachta nua trí Ghaeilge agus comhghuaillíocht bunaithe idir OÉ, Gaillimh agus RTÉ

Cuirfear tús sa bhfómhar le MA nua san iriseoireacht trí Ghaeilge.

Tá an cúrsa nua á chur ar fáil ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh i gcomhar le RTÉ agus beidh béim san MA sa chleachtas gairmiúil sna meáin ar obair phraiticiúil iriseoireachta.

Beidh an cúrsa ar fáil mar chúrsa lánaimseartha nó páirtaimseartha agus tabharfaidh mic léinn an chláir tréimhsí foghlama in OÉ, Gaillimh, in RTÉ i nDomhnach Broc, agus i stiúideonna Gaeltachta de chuid an chraoltóra.

Deir lucht an chúrsa nua gur “clár léinn nuálach agus solúbtha é seo ina bhfuil meascán den staidéar acadúil ar líne agus tréimhsí suntasacha i mbun taithí oibre phraiticbhunaithe in RTÉ san iriseoireacht, sa chraoltóireacht agus i gcruthú ábhair don raidió, don teilifís, agus d’ardáin éagsúla ar líne”.

I measc na modúl sa chúrsa tá dhá mhodúl, sa chéad seimeastar agus sa dara sa seimeastar, i gcruinnscríobh na Gaeilge, agus roinnt modúl sa chraoltóireacht, agus san iriseoireacht, ag áireamh modúl faoi chruthú ábhair d’ardáin éagsúla.

Tabharfaidh mic léinn an chéad seimeastar ar champas na hOllscoile sa Ghaillimh agus i stiúideonna réigiúnacha agus is in RTÉ i nDomhnach Broc a chaithfear an dara seimeastar. Déanfar tionscadal taighde féinstiúrtha sa tríú seimeastar.

Dúirt Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, Rónán Mac Con Iomaire, go rabhthas “thar a bheith sásta” dul i mbun comhpháirtíochta le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh ar “an togra suntasach seo”.

“Is sprioc ar leith í ag RTÉ an chéad ghlúin eile de chraoltóirí na Gaeilge a fhorbairt agus a thabhairt chun cinn, agus tá muid á dhéanamh sin i gcomhar le hOÉ Gaillimh ar bhealach nach bhfuil feicthe in aon institiúid tríú leibhéal in Éirinn go dtí seo,” a dúirt Mac Con Iomaire.

Dúirt stiúrthóir an chláir, an Dr Uinsionn Mac Dubhghaill ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge go mbeadh “tionchar mór ag céimithe an chláir ar na meáin in Éirinn sna blianta atá romhainn” .

“Lena mheascán tomhaiste den staidéar teoiriciúil ar na meáin chumarsáide agus den fhoghlaim phraiticbhunaithe, tá an clár léinn seo ag leanacht an chleachtais is fearr go hidirnáisiúnta in oideachas na meán.

“Tá an clár léinn ag freastal ar éilimh ó mhic léinn ar chláir iarchéime a bhfuil naisc láidre acu le fostóirí agus leis an margadh. Tá sé ag teacht dá réir leis na moltaí sa Final Report in respect of a Strategy for the Development of Skills for the Audiovisual Industry in Ireland, a d’fhoilsigh na comhairleoirí Crowe Horwath i mBealtaine 2017,” a dúirt Uinsionn Mac Dubhghaill.

Fág freagra ar 'Tús á chur le MA iriseoireachta nua trí Ghaeilge agus comhghuaillíocht bunaithe idir OÉ, Gaillimh agus RTÉ'