Tuilleadh fianaise éiste ag an gCoiste Cróinéara atá ag fiosrú bhás Aibha Ní Chonaire

Tá na ráitis dheiridh ó dhlíodóirí ó chuile thaobh á gcur faoi bhráid an Choiste Cróinéara trathnóna inniu

Screen Shot 2015-09-23 at 11.04.27

Buaileadh tinn Aibha Ní Chonaire sa seomra ranga an chéad lá ar osclaíodh Scoil Mhuire i gCarna tar éis laetheanta saoire an tsamhraidh, 2011. An múinteoir a bhí aici, Caroline Ní Chonghaile, a thug an t-eolas sin agus í ag tabhairt fianaise don Choiste Cróinéara atá ag fiosrú bhás Aibha i mí na Nollag, 2011.

Bhásaigh Aibha, a mba as baile Ghabhla i bpobal Charna í, in Ospidéal Shráid an Teampaill i mBaile Átha Cliath ar an 14 Nollaig, 2011, go gairid tar éis di a bheith aistrithe ansin as Ospidéal na hOllscoile i nGaillimh. Sé bliana d’aois a bhí Aibha san am.

Mhínigh an múinteoir, Caroline Ní Chonghaile, don Choiste Cróinéara inné go raibh sí féin ag tosaí amach ar an bhfoireann i mbunscoil Mhuire i gCarna i mí Mheán Fómhair, 2011. Tháinig athair Aibha Ní Chonaire chuici agus d’inis sí di go bhfeilfeadh sé go mbeadh buidéal lucozade ar fáil d’Aibha sa scoil mar go n-éireodh sí tinn agus lag scaití. Dúirt an mháthair go neartódh an lucozade suas arís í as na babhtaí seo.

Dúirt Caroline Ní Chonghaile leis an gCoiste Cróinéara gur shocraigh an scoil go gcoinneofaí an buidéal lucozade i reoiteoir sa gcás seo. Tá polasaí ag an scoil go n-itheann na daltaí beatha fholláin agus ní hiondúil go gceadófaí buidéil mhianraí. Ach, sa gcás seo, tuigeadh gur socrú a bheadh ann nach mairfeadh an-fhada mar gur dhúirt máthair Aibha go rabhthas ag súil le glaoch go gairid ina dhiaidh sin go hOspidéal Chrumghlinne i mBaile Átha Cliath.

Dúirt máthair Aibha leis an múinteoir Ní Chonghaile agus le Príomhoide na Scoile go mbeadh uirthi Aibha agus a deirfiúr, Sorcha, a thabhairt amach as an scoil ar fhógra gearr mar go raibh gealltanas faighte aici go gcuirfí Aibha go hOspidéal Shráid Chrumghlinne le haghaidh tástálacha agus tuilleadh fiosrúchán. Bhí seo tuigthe aici, a deir sí, agus í ag fágáil Ospidéal na hOllscoile i nGaillimh an mhí roimhe sin nuair a ligeadh Aibha amach tar éis babhta eile tinnis.

Níor tháinig aon ghlaoch le dhul chuig Ospidéal Chrumghlinne agus tá an cheist seo ina hábhar argóna ag an gCoiste Cróinéara.

Thug Caroline Ní Chonghaile eolas don Choiste Cróinéara gur éirigh Aibha Ní Chonaire tinn an chéad lá de sheisiún scoile an fhómhair agus gur ghlaoigh sí ar a máthair. D’fheabhsaigh Aibha ar ball. Ach tháinig tinnis cinn agus tuirse uirthi trí huaire eile idir sin agus mí na Nollag agus b’éigean don mhúinteoir Ní Chonghaile an lucozade a thabhairt di.

Dúírt Caroline Ní Chonghaile go bhfaigheadh Aibha an-tuirseach nuair a thagadh na babhtai tinnis seo; bhíodh tinneas cinn uirthi, bhíodh a héadan deargaithe, teas ina cneas agus scáile uisce ar a cuid súile.

Thug an Dr Susan O’ Connell tuairisc don Choiste Cróinéara faoin scrúdú a bhí déanta aici féin ar cháipéisi agus ar thuairiscí atá curtha faoi bhráid an Choiste Cróinéara go dtí seo.

Saineolaí ar chúrsaí na bhfearóg agus an córas colna a bhaineann léi í an Dr O’ Connell. Dúirt sí nár dearnadh na tastálacha iomlána ariamh a d’fhéadfadh léargas níos fearr a thabhairt ar an gcúis a bhí leis an ísliú siúcra fola a bhí ag goilliúint ar Aibha Ní Chonaire scaití.

Dúirt sí nach raibh an lear den ábhar dextrose (ábhar a neartaíonn an siúcra sa bhfuil) a tugadh d’Aibha nuair a tugadh isteach go hOspidéal na hOllscoile i nGaillimh í ar a 11 Nollaig, 2015, sách láidir; 75% den neart ceart a bhí ann, a deir sí.

Tháinig abhcóide Fheidhmeannas na Seirbhisí Sláinte, Declan Buckley isteach ar an scéal agus dúirt gur mhéadaigh an siúcra fola i gcolainn Aibha tar éis an dextrose a tugadh di an oíche sin agus gur léirigh sin gur oibrigh sé.

Maidir leis an taom a bhuail Aibha ag tuairim is an 2 a chlog ar maidin ar an 11 Nollaig 2011, dúirt an Dr. O Connell go raibh seans láidir ann gurb é an brú a bhí curtha ag an ísliú siúcra sa bhfuil le roinnt mhaith uaireanta an chloig roimhe sin a bhí ina bhunchúis leis an dochar mór a rinneadh don inchinn. Ce gur tugadh Aibha slán as an taom sin, bhí sí ag dul chun deiridh go sciobtha agus i mbaol báis.

Tá na ráitis dheiridh ó dhlíodóirí ó chuile thaobh á gcur faoi bhráid an Choiste Cróinéara trathnóna inniu. Níl a fhios go cinnte fós cén uair a thabharfaidh an Cróinéara a bhreithiúnas faoin gcúis bháis a bhí ag Aibha.

Is é an lá inniu, Déardaoin, an t-ochtú la den Choiste Cróinéara ag scrúdú chás Aibha Ní Chonaire. Fágann seo go bhfuil sé ar cheann de na Coistí Cróinéara is faide ariamh a mhair i bPoblacht na hÉireann. Ta sé gaibhte ar aghaidh chomh fada inniu le Coiste Cróinéara Savita Halapana

Fág freagra ar 'Tuilleadh fianaise éiste ag an gCoiste Cróinéara atá ag fiosrú bhás Aibha Ní Chonaire'