Tuigtear anois cén fáth go dtig leis an gcóála duilleoga eocailipe nimhneacha a ithe

NOD DON EOLAÍ: Táthar ag súil go gcabhróidh taighde nua leis an gcóála a chosaint ó ghalair

Tuigtear anois cén fáth go dtig leis an gcóála duilleoga eocailipe nimhneacha a ithe

Ní itheann an cóála ach duilleoga eocalaipe.  Tá an oiread sin nimhe sna duilleoga seo nach mbeadh ainmhí ar bith eile in innimh brath ar na duilleoga sin mar chothú.  Ach níl fadhb ar bith ag an gcóála leis an nimh.  Anois i ndiaidh d’fhoireann taighdeoirí seicheamh DNA bhéar an chóála a aimsiú, tuigtear cén fáth go bhfuil an t-ainmhí seo in ann na duilleoga eocailipe a ithe agus gan a bheith tinn.

Bíonn an cóála ag brath ar dhuilleoga eocailipe fá choinne cothaithe.  Ní itheann siad planda ar bith eile de ghnáth.  Ach tá duilleoga eocailipe lán le ceimiceáin éagsúla, amhail féanól agus teirpéin, atá nimhiúil. Cosaint atá sna ceimiceáin seo do na duilleoga mar nach mbeidh ainmhithe éagsúla á n-ithe. 

Tá an straitéis seo coitianta i measc na bplandaí. Tá ceimiceáin mar iad in go leor plandaí agus is cosaint iad in aghaidh ainmhithe.  Ach tá líon agus éagsúlacht na gceimiceán i nduilleoga na heocailipe ná mar atá in go leor plandaí eile.

Cén fáth go dtig leis an gcóála duilleoga eocailipe a ithe nuair nach féidir le hainmhithe eile? Fiú na marsúipiaigh atá gaolta leis an gcóála, níl siad ábalta déileáil leis an nimh iontu.

Nuair a ghlacann muid ceimiceáin atá nimhiúil isteach sa chorp s’againne tagann athrú orthu san ae. I ndiaidh na n-athruithe sin, ní bhíonn siad nimhneach níos mó. Is grúpa faoi leith einsímí– na cíteacróim P450 – a athraíonn na ceimiceáin sna ae. 

Chun fáil amach cad é an dóigh a dhéileálann an cóála leis an nimh sna duilleoga eocailipe, chuardaigh na taighdeoirí DNA an cóála fá choinne géinte an chiteachróim P450.

Tháinig siad ar 32 géin do na citeachróim P450 i nDNA an chóála, géinte nach bhfuil le fáil i DNA na marsúipiach eile.   

Má tá na P450 seo sa chóála a bhíonn ag ithe duilleoga na heocailipe, agus mura mbíonn siad i marsúipiaigh nach n-itheann na duilleoga seo, tá seans ann go bhfuil baint ag na heinsímí seo le díthocsainiú na nimhe.

Chun fáil amach an raibh baint ag na cíteacróim P450 seo le díthocsainiú na nimhe i nduilleoga na heocailipe, rinneadh turgnamh chun fáil amach cén ball ina raibh na géinte seo gníomhach. 

Tá 15 de na 32 géinte seo gníomhach san ae, an ball ina mbíonn díthocsainiú ar bun sna mamaigh.  Toisc go bhfuil na cíteacróim P450 gníomhach sa bhall ina n-athraítear an nimh, síltear go bhfuil siad tábhachtach i gcomhair dhíthocsainiú na gceimiceán san eocailip.

Is féidir leis an gcóála duilleoga na heocalaipe a ithe toisc go dtig leis an nimh a díthocsainiú san ae leis an líon mór cíteacróim P450 atá gníomhach ann.

Anuas air sin, tugann an t-eolas seo léargas dúinn faoi fhadhb mhór atá ag an gcóála.

Tá an líon cóálaí san Astráil ag titim mar go bhfuil galair atá á scaipeadh ó ainmhithe feirme ag cur isteach orthu. Tá an clamaidia ar cheann de na galair sin, agus ní bhíonn na frithbheathaigh sa chóála éifeachtach ina gcoinne.

Má bhíonn clamaidia ar dhuine glacann sé frithbheathach amhail clóraimfeineacól uair amháin agus tagann biseach air.  Ach ní mór an clóraimfeineacól seo a thabhairt don chóála ar feadh 40 lá sula dtagann biseach air.   Síltear gurb é an líon mór cíteachróm P450 a athraíonn an fhrithbheathach go gasta san ae agus nach mbíonn an frithbheathach gníomhach i ndiaidh a athraithe.

Leis an eolas úr seo, táthar ag súil go mbeifear in ann díriú ar fhrithbheathaigh a fháil a mbeidh feidhm acu in aghaidh clamaidia agus galair eile atá ag cur isteach ar an ainmhí íocónach seo.

Fág freagra ar 'Tuigtear anois cén fáth go dtig leis an gcóála duilleoga eocailipe nimhneacha a ithe'