An lá cheana, agus mé ag siúl suas in aghaidh an aird ar a bhfuil an bloc árasán mar a bhfuil cónaí orm, i gcathair Salvador sa Bhrasaíl, d’fhógair buachaill óg orm. Bhí sé ina sheasamh ag gabhal sa bhóithrín, mála beag scoile lena thaobh. Bhí deora ag sileadh lena leicne.
‘Tio! Tio!’ a scairt sé liom. ‘Uncail’ é gach fear fásta do ghasúir na Brasaíle. Ní fhéadfadh mórán le cois sé bliana d’aois a bheith ag an bhfeairín seo.
‘Tá eagla orm!’ a dúirt sé nuair a tháinig mé chomh fada leis.
Ní raibh dabht ar bith orm faoin gcúis a bhí leis an scéin a bhí air. Tamall gearr roimhe sin, bhí beirt oifigeach de chuid na bpóilíní míleata tar éis réabadh tharam ar ghluaisrothar, suas an cnoc, a ghunna faoi réir ina dheasóg ag an bpóilín a bhí ar chúl. Chuir mé ceist ar an mbuachaill mar sin féin, drochnós iriseora.
‘Cén fáth a bhfuil eagla ort?’
‘Tá eagla orm go maróidh siad mé.’
Ní raibh scéal chailleach an uafáis á dhéanamh ag an mbuachaill. Faigheann os cionn 60,000 duine bás go foréigneach sa Bhrasaíl gach bliain. Urchair strae is cúis le cuid mhaith de na cásanna sin. Buachaill gorm a bhí sa leaidín beag seo. Tá an seans go bhfaighidh Brasaíleach óg gorm bás de bharr foréigin a 2.5 uair níos airde ná an seans go bhfaighidh comhthíreach geal dá chuid bás de bharr an fhoréigin chéanna. Drochsheans go raibh an staitistic sin ar eolas go beacht ag an mbuachaill óg, ach ní raibh dabht ar bith orm ach gur thuig sé brí an scéil. Tuigeann gach duine sa Bhrasaíl an scéal.
‘An bhfuil cónaí ort thuas ansin?’ a d’fhiafraigh mé de, mo chorrmhéar á díriú sa treo a ndeachaigh gluaisrothar na bpóilíní míleata, isteach i favela in aice leis an scéim árasán ina bhfuil cónaí orm féin.
Chlaon sé a cheann mar chomhartha go raibh.
‘Ar aghaidh linn mar sin,’ a dúirt mé, in ainneoin gur léir gurbh fhearr an áit a sheachaint ag an nóiméad áirithe sin. Ach ní fhéadfainn an leaidín óg a fhágáil leis féin le taobh an bhóithrín.
Tharraing sé a mhála scoile ar a ghuaillí agus rug ar mo lámh. Suas linn. Ní raibh ach caoga slat agus casadh amháin curtha dínn againn nuair a chonaic muid uainn na póilíní. Bhí siad díreach tar éis fear gorm sna fichidí a tharraingt amach as a thigín. Bhí aghaidh an fhir sin leis an mballa, bhí a dhá lámh taobh thiar dá cheann, agus bhí gunna dhuine den bheirt phóilíní dírithe ar a dhroim. Bhí pócaí an fhir á gcuardach ag an bpóilín eile.
‘Cá bhfuil cónaí ort?’ a d’fhiafraigh mé den bhuachaill, de chogar.
‘Sa lána beag,’ a dúirt sé.
Thuig mé cén áit a bhí i gceist aige: lána beag a chasann ar dheis ón mbóithrín, deich méadar nó mar sin roimh an áit a raibh na póilíní agus an fear a bhí á chuardach acu.
‘Coinneoimid orainn mar sin.’
Shiúil muid linn go réidh, agus nuair a bhain muid an lána beag amach rith an leaidín beag isteach gan féachaint ina dhiaidh. Níor bhreathnaigh mé féin thar mo ghualainn ach an oiread agus mé ag siúl ar ais an bealach ar tháinig mé, chomh réidh agus a lig mo néaróga dom.
Ach ní dhearna mé dearmad air mar scéal.
Ní hionann aigne an pháiste agus aigne an duine fhásta, áfach.
An tráthnóna dár gcionn, casadh an leaidín óg orm arís ar an mbóithrín céanna.
Níor aithin sé mé ar chor ar bith.
Bhí mé sásta faoi sin.
Dá mba rud é gur éirigh leis an leaidín óg dearmad a dhéanamh ar an eachtra ar fad, nárbh amhlaidh ab fhearr é?
Mise Áine
Nuair a bhíonn aon duine ag gearán faoi staid na tíre seo (polaitíocht, eaglais, cúlú, cearta) , mé fhéin san áireamh, ritheann sé liom, i gcónaí, go bhfuil an t-ádh dearg orainn go bhfuileamar inár gcónaí anseo…tá saoirse agus saorthoil againn, ar go leor bealaí, nithe nach bhfuil ag daoine i dtíortha eile ar fud an domhain.
Maith thú, a Alex…rinne tú gníomh cineálta don leaidín sin. Ní maith liom bhur dtrioblóid..:-(