TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: ‘Is ionann a bheith i do Bhrasaíleach agus lá oibre sa bhreis a chur díot gach lá.’

Tá muintir na Brasaíle dubh dóite de tharcaisne cheannaire na tíre agus a chuid iarrachtaí leanúnacha an bonn a bhaint de na beartais a cuireadh i bhfeidhm d’fhonn scaipeadh an ghalair a chosc

TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: ‘Is ionann a bheith i do Bhrasaíleach agus lá oibre sa bhreis a chur díot gach lá.’

‘Is ionann a bheith i do Bhrasaíleach agus lá oibre sa bhreis a chur díot gach lá.’

Chonaic mé an tseoid sin ag Brasaíleach ar Twitter an lá cheana.

Ní cuimhin liom a thuilleadh cé a dúirt (cén t-iontas agus an rabharta nuachta, tuairimí agus pictiúir cat níos tréine ná riamh ar an micreabhlag sin) agus ar ndóigh ní Brasaíleach mé féin, ach aontaím céad faoin gcéad leis mar ráiteas.

Samhlaigh cónaí a bheith ort i dtír atá ag streachailt le géarchéim an choróinvíris (mar atá chuile thír eile) ach ina gcaithfidh tú aghaidh a thabhairt (tar éis duit lá oibre a chur díot agus dhá uair an chloig a chaitheamh i mbus a bhí plódaithe in ainneoin na rialacha maidir leis an scaradh fisiciúil) ar neamhaird, ar éagumas agus go deimhin ar tharcaisne na n-údarás is airde.

Samhlaigh cónaí a bheith ort i dtír ina maíonn an t-uachtarán nach bhfuil in Covid-19 ach ‘slaghdán beag’.

Samhlaigh cónaí a bheith ort i dtír ina bhfreagraíonn an fear atá i gceannas mar seo nuair a cheistítear é faoi líon ard na marbh: ‘Agus? Is mór an trua é. Ach céard atá tú ag iarraidh ormsa a dhéanamh faoi?’

Samhlaigh cónaí a bheith ort i dtír ina ndeachaigh an fear céanna ag spraoi ar scairdscí an lá ar sháraigh líon iomlán na marbh 10,000 duine.

Samhlaigh, lena chois sin ar fad, cónaí a bheith ort i dtír ina bhfreastalaíonn uachtarán a toghadh go daonlathach ar léirsithe, gach deireadh seachtaine, ag a mbítear ag impí air deachtóireacht mhíleata a bhunú. (Léirsithe ag a gcroitheann an fear céanna lámh le hóg agus aosta, beag beann ar threoirlínte na hEagraíochta Domhanda Sláinte.)

Samhlaigh, ar deireadh, go bhfuil cónaí ort i dtír ina ndéanann áisíneacht chumarsáide shóisialta oifig an uachtaráin aithris chiotach ar mhana a bhíodh crochta ar gheataí isteach go campaí géibhinn na Naitsithe fadó – Arbeit macht frei – in iarracht muintir na tíre a spreagadh neamhaird a thabhairt ar na dianbheartais atá curtha i bhfeidhm ag ceannairí áitiúla agus dul ar ais ag obair, in ainneoin go bhfuil nach mór 12,000 duine tar éis bás a fháil ó Covid-19 cheana féin.

Samhlaigh anois teacht abhaile, bualadh fút ar an tolg, do mhasc aghaidhe ar leathmhaing – ar crochadh ar chluas amháin toisc gur rug tú ar do ghuthán póca agus an masc á bhaint agat – agus aghaidh a thabhairt ar an gconspóid ar líne faoin tseafóid is déanaí ó bhéal an uachtaráin, gan trácht ar an sruth teoiricí comhcheilge atá á scaipeadh ar WhatsApp ag d’aintín a bhaineann leis an 30 faoin gcéad sin den daonra a chreideann fós gurb é an fear atá i gceannas ar an mBrasaíl faoi láthair slánaitheoir na tíre.

Samhlaigh é sin ar fad agus tuigfidh tú céard a bhí ag déanamh tinnis don té a dúirt gur ionann cónaí a bheith ort sa Bhrasaíl agus lá oibre sa bhreis a chur díot gach lá.

Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: ‘Is ionann a bheith i do Bhrasaíleach agus lá oibre sa bhreis a chur díot gach lá.’'