Má bhí Uachtarán Mheiriceá, Donald Trump, den tuairim go mbeadh bua éasca tobann aige in aghaidh na hIaráine le buille mór trom amháin, is léir anois go raibh an-dul amú air.
Tá an Iaráin buailte cinnte, ach tá sí ag seasamh an fhóid, ag leanacht uirthi ag troid ar ais, agus níos tábhachtaí ná rud ar bith eile, fós in ann Caolas Hormuz a dhúnadh.
Ag deireadh thiar is é dúnadh an Chaolais an uirlis is láidre atá ag an Iaráin, mar tá tionchar mór aige sin ar gheilleagar an domhain, ar phraghas na hola is ar dhearcadh mhuintir Mheiriceá féin, nach bhfuil sásta fulaingt san fhadtéarma.
Sin é, ar ndóigh, straitéis na hIaráine: fós a bheith ann i ndiaidh na mbuamaí is eile agus an Caolas a choinneáil dúnta. Tá praghas ard á íoc ag muintir na hIaráine cinnte, ach tá Donald Trump i sáinn freisin.
Feictear domsa go bhfuil trí rogha ag Trump ag an bpointe seo. Uimhir a haon: is féidir leis a fhógairt go bhfuil bua faighte aige agus stop a chur leis an gcogadh taobh istigh den amfhráma sé seachtaine a luaigh sé. D’fhágfadh an rogha sin an réimeas i gceannas agus Caolas Hormuz i lámha na hIaráine.
Uimhir a dó: leanacht leis an gcogadh go dtí go mbeidh Caolas Hormuz faoina smacht, ach an réimeas fós ann. Sa gcás sin bheadh sé dodhéanta smacht Mheiriceá ar an gCaolas a chinntiú mar bheadh baol ann i gcónaí d’aon loingeas a dhéanfadh iarracht dul tríd.
Agus uimhir a trí: filleadh ar an sprioc go gcuirfí deireadh leis an réimeas, ach níl sé sin indéanta gan saighdiúirí a chur isteach ar an talamh, agus glacadh le han-chuid taismeach. Ní tharlódh a leithéid thar oíche agus bheadh sé beagnach cinnte go mbeadh Meiriceá ansin gafa i gcogadh buan, díreach an cineál cogaidh a gheall Trump nach ndéanfadh sé go deo.
Níl comhartha dá laghad ann go mbeidh éirí amach de chineál ar bith san Iaráin, is níl ag éirí go maith ach an oiread leis na hiarrachtaí na Coirdínigh nó mionlaigh eile a mhealladh le cogadh inmheánach a fhearadh.
I bhfianaise na bolscaireachta ina leith, níl sé éasca a thuiscint go bhfuil bunús láidir tacaíochta fós ag an réimeas i measc an phobail. Tá sé deacair é seo a mheas ón taobh amuigh, go háirithe toisc go gcoinnítear an freasúra faoi smacht.
Ach rinne taighdeoir Meiriceánach meastachán faoin scéal ar fiú é a lua. Bhí sise den tuairim go raibh ar a laghad 30%, nó b’fhéidir suas le 40% den daonra, ar son an réimis. Bhí 20% nó 25% in aghaidh an réimis, daoine a raibh a ndearcadh ar an eite chlé (cumannaigh, ceardchumannaigh is eile) ach iad glan in aghaidh Mheiriceá is Iosrael freisin.
Ansin, 25% nó mar sin ón meánaicme atá sásta is iad ag iarraidh socrú a dhéanamh leis an Iarthar. Níor mheas sí go raibh ach 5% ag iarraidh réimeas an Shah a thabhairt ar ais.
Seo tuairimíocht nach féidir a chruthú ar ndóigh, ach ní fhaca mise aon mheastachán eile má tá a leithéid ann. Agus tuairiscítear go bhfuil maoithneachas náisiúnach ag dul i méad, ní nach ionadh agus buamaí á scaoileadh leo.
Cibé rogha lena nglacann Trump beidh dochar déanta dá chlú, dá thacaíocht is dá íomhá de féin.
Is í an fhadhb ná gur faoi brú ó Iosrael a cuireadh tús leis an gcogadh seo is nach raibh aon sprioc shoiléir chinnte oibrithe amach ag Trump roimh ré. Chreid sé, is cosúil, go mbeadh sé in ann an cineál socrú a dhein sé i Veiniséala a dhéanamh leis an Iaráin agus bua a bheith aige gan mhoill.
Go deimhin tá an iomad ar siúl ag Meiriceá ar fud an domhain. Sa gcomhthéacs sin, cé go dtuairiscítear go bhfuil an Rúis ag cur eolas faisnéise ar fáil don Iaráin, lorg Trump cúnamh na Rúise trí na smachtbhannaí ar ola na Rúise a mhaolú.
Tá sé sin ag teacht salach ar fad ar ról Mheiriceá i gcogadh na hÚcráine (agus an cúnamh faisnéise atá Meiriceá a chur ar fáil don Úcráin) ach treisíonn sé an Rúis gan aon rud a ghéilleadh mar chúiteamh.
Ní haon ionadh go bhfuil an leasuachtarán, JD Vance, ag fanacht ina thost faoin gcogadh seo. Is eisean ar ndóigh a chaithfidh feachtas toghchánaíochta a throid sa todhchaí.
Ar aon chuma, is fútsa, a léitheoir, a mheas an iad mo chuid réamhchlaonta nó fíricí atá bunaithe ar an réadúlacht an scéal atá san alt seo.
Pádraig
…”faoi bhrú ó Iosrael a cuireadh tús leis an gcogadh seo”.
Fíor dhuit.
Tá a mhian ag Netanyahu anois ag deireadh thiar thall: fórsaí SAM lena ais féin i ngleic leis an Sátan Mór.
Beart a bhí sé ag iarraidh a thabhairt i gcrích le fada fianach an lá.
“Ní raibh aon Uachtarán eile sásta é a dhéanamh,” a mhaígh Trump.
Ní raibh cinnte ach is cinnte go raibh na hUachtaráin eile sin faoi bhrú ollmhór ó Iosrael freisin ach ní raibh siad sásta géilleadh mar bhí eagla orthu gur léim sa duibheagán a bheadh ann.
Níor ghéill Trump féin le linn a chéad théarma ach oiread, bíodh go raibh an brú damanta céanna air.
Ach d’athraigh rud éigin, d’athraigh rud éigin.
Arbh fhéidir go bhfuair Mossad eolas rúnda éigin mar gheall air idir an dá linn…freisin?
Físeán, abair?
Gur CHAITH sé géilleadh??
Cé a chreideann go raibh an Iaráin mar bhagairt ar SAM?
Tá Trump i ngreim idir an dá bhruach anois, ní thig leis bua a fhógairt, mar,
má dhéanann, ní hamháin go ndéanfaidh sé “dochar dá íomhá de féin” ach déanfaidh sé stúmpa mór asail de féin agus é ag grágaíl go faon os comhair an tsaoil.
Trúmpa gan teanga!