Is ar éigean a bhí deis anála againn le linn Bhabhta 5 de Chraobh na Sé Náisiún an Satharn seo caite. Chuir cluichí spleodracha deireadh leis an gcomórtas ab fhearr a bhí againn ariamh, i mo thuairimse, comórtas a raibh leathlámh againn air, sin nó gur chuir cic chruinn Thomas Ramos na Fraince deireadh leis an mbrionglóid. Ní haon drochbhrabach an Choróin Thriarach, craobh a thug muid linn go cuimsitheach, mar sin féin.
Anois agus an suaitheadh sin curtha dínn againn, tá aird na gCúigí ar fad dírithe arís ar na sé chluiche réamhbhabhta atá fós le n-imirt sa URC. Tá tábhacht ar leith ag baint leis na cluichí seo mar go dtugann siad deis do na foirne greim a fháil ar phointí tábhachtacha roimh dheireadh an chomórtais.
Seans gur ar na Connachtaigh is mó atá an brú pointí sin, faoi láthair ar aon chaoi, agus iad suite sa naoú háit, díreach taobh amuigh den chéad leath den tábla agus áit dá réir i gCorn na gCuradh don séasúr seo chugainn.
Nach mór an trua dóibh dá bhrí sin gur i gcoinne Chúige Uladh i mBéal Feirste a bheas siad ag imirt anocht? Níl ach trí chluiche caillte ag na hUltaigh ó thús an chomórtais seo i gcomparáid leis na seacht gcinn a chaill Cúige Chonnacht. Chomh maith leis sin, is iad na hUltaigh an fhoireann is airde ón tír seo ar an tábla. Tá siad sa tríú háit, díreach chun cinn ar Chúige Laighean, ach sé áit agus aon phointe dhéag chun cinn ar Chúige Chonnacht. Is cinnte go mbeidh Cúige Uladh ar a míle dícheall ag iarraidh greim a choinneáil ar an stádas sin.
Maidir leis na Connachtaigh, tá trí chluiche as a chéile buaite acu agus stíl iontach rugbaí á himirt acu le cúpla seachtain anuas. Is cinnte go dtabharfaidh siad cluiche maith do na hUltaigh ach tá amhras orm an mbeidh siad in ann an ceann is fearr a fháil orthu. Caithfidh foireann na Gaillimhe pointe nó dhó a thabhairt abhaile leo, más leo dreapadh suas an tábla. Sea, tá sárchoimhlint i ndán dúinn anocht.
Má tá dúshlán roimh Chúige Chonnacht anocht, smaoinigh ar na Muimhnigh bhochta atá ag imirt i gcoinne na Sharks in Durban na hAfraice Theas amárach. Níl aon leide le fáil ó thábla an chomórtais, áit a bhfuil Cúige Mumhan sa séú háit agus na Sharks san aonú háit déag, mar go mbíonn deacrachtaí ag foirne an limistéir seo agus iad san Afraic Theas. Ba bhreá linn é, ach is deacair bua a thuar do na cuairteoirí. Ach an oiread le Cúige Chonnacht, seans go gcaithfidh Cúige Mumhan a bheith sásta le pointe nó dhó.
Is cinnte gur i nGlaschú a bheas coimhlint na deireadh seachtaine, idir curaidh reatha an chomórtais, Cúige Laighean agus foireann na cathrach sin. Beidh an dá fhoireann ag tabhairt scíthe do na himreoirí a d’imir i gcoinne a chéile i gcluichí idirnáisiúnta an tSathairn seo caite, rud a fhágann gur tástáil imreoirí dara rogha nó imreoirí ó thíortha eile den chuid is mó a bheas ag dul chun páirce tráthnóna amárach. Is fiú a mheabhrú freisin gurb iad Glaschú atá ar bharr thábla an chomórtais, trí áit agus ceithre phointe chun cinn ar Chúige Laighean, tuilleadh léargais ar an dúshlán atá roimh na cuairteoirí.
Fág freagra ar 'Brú ar na Connachtaigh pointí a fháil in aghaidh Chúige Uladh'