‘Tromluí amach is amach is ea é’ – cáineadh eile déanta ar chóras dáileacháin na leabhar Gaeilge

‘Tá samhail analógach in úsáid acu i ndomhan digiteach,’ a dúirt Tomás Kenny ó Shiopa Leabhar Uí Chionnaith faoi ÁIS

‘Tromluí amach is amach is ea é’ – cáineadh eile déanta ar chóras dáileacháin na leabhar Gaeilge

Rinneadh tuilleadh plé ar fhadhb dháileacháin na leabhar Gaeilge ag cruinniú de chuid Chomhchoiste na Gaeilge i dTeach Laighean inné. Bhí bainisteoirí ón Siopa Leabhar agus ó Hodges Figgis i mBaile Átha Cliath agus ó Shiopa Leabhar Uí Chionnaith i nGaillimh i láthair ag an gcruinniú, agus iad ag labhairt ar chúrsaí foilsitheoireachta agus léitheoireachta Gaeilge.

Tharraing bainisteoir shiopa leabhar Hodges Figgis, Liam Donnelly, roinnt ceisteanna anuas maidir le ÁIS, an eagraíocht a bhíonn ag plé le dáileachán na leabhar Gaeilge, ceisteanna atá pléite go mion minic ag scríbhneoirí agus foilsitheoirí araon le roinnt seachtainí anuas.

“Ní féidir ordú a dhéanamh le ÁIS ach ar ríomhphost agus ar an teileafón,” a deir Donnelly. “Is é an caighdeán sa tionscal ná úsáid a bhaint as teilea-ordú, rud a fhágann gur féidir ordú leictreonach a dhéanamh ó dhíolacháin nó ó na bunachair shonraí a úsáideann siopaí leabhar. Mura n-úsáideann tú an córas seo, tógann sé am don siopa leabhar mar ní mór na sonraí a aistriú ón gcatalóg go ríomhphost nó fiú a léamh amach ar an bhfón. Níl suíomh gréasáin inchuardaithe ag ÁIS trínar féidir orduithe a dhéanamh.”

Tá sé ráite ag roinnt mhaith scríbhneoirí agus foilsitheoirí a tháinig os comhair an Chomhchoiste go bhfuil maoiniú ar leith ag teastáil ó Áis, agus tuilleadh infheistíochta de dhíth orthu.

Go deimhin, ag cruinniú na seachtaine seo caite, dúirt an scríbhneoir agus foilsitheoir Tadhg Mac Dhonnagáin ó Futa Fata agus Barzaz, gur tháinig sé féin mar fhoilsitheoir ar an tuairim go mbeadh sé an-deacair leanacht ar aghaidh ag foilsiú mar go raibh fadhbanna móra ag baint le cúrsaí díolaíochta agus cúrsaí dáileacháin.

“Shocraigh mo chomhlacht dáileoir eile a lorg agus ÁIS a fhágáil. Ó shin i leith, tá Gill Books ag feidhmiú mar dháileoir dúinn agus tá O’Brien Press Sales ag feidhmiú mar fhoireann díolaíochta,” a dúirt Mac Dhonnagáin.

Deir Mac Dhonnagáin go bhfuil córas beo ar líne ag Gill Books agus is féidir leis an bhfoilsitheoir a fheiceáil cé na leabhair atá ag dul amach ón stóras gach lá.

Bíonn a fhios againn go cruinn i gcónaí cé mhéad cóip de gach leabhar dár gcuid atá i gcló,” ar sé. “Cuidíonn an t-eolas seo linn pleanáil chun cinn maidir le hathchló a chur ar leabhair de réir mar is gá agus cuidíonn sé linn an ghné airgeadais den ghnó a riaradh ar bhonn éifeachtach go ginearálta.”

Dúirt Bainisteoir Ginearálta Shiopa Uí Chionnaith i nGaillimh, Tomás Kenny, gurb iad Futa fata an t-aon fhoilsitheoir Gaeilge nach mbaineann úsáid as ÁIS.

“Tá gach uile leabhar de chuid Futa Fata ar díol againn,” ar sé.

Dúirt sé gur fadhb ollmhór í fadhb an dáileacháin agus go bhfuil córas ÁIS ‘thar a bheith go dona’.

“Níl aon bhunachar nó suíomh gréasáin acu gur féidir cuardach a dhéanamh air,” ar sé. “Níl a fhios ag ÁIS féin céard atá sa stoc acu féin. Tromluí amach is amach is ea é. Ní féidir breathnú tríd liosta ÁIS. Tá 6,000 leabhar acu agus tá 1,500 de na leabhair sin againn ar ár suíomh gréasáin. B’in an méid is mó a bhí mé in ann a bhaint ón liosta atá acu, mar go bhfuil sé trína chéile. Tá samhail analógach in úsáid acu i ndomhan digiteach.”

Níor tháinig Bainisteoir An Siopa Leabhar ar Shráid Fhearchair, Gráinne Ní Mhuilneoir, lena raibh á rá ag cuid mhaith eile leis an gCoiste le tamall agus mhol sí obair ÁIS d’ainneoin na ndeacrachtaí atá acu.

“Ní miste liom tagairt a dhéanamh do chúrsaí dáileacháin, ó tá rudaí ráite os comhair an Chomhchoiste seo nach n-aontódh muidne leo mar gheall ar an taobh sin den ghnó,” a dúirt Ní Mhuilneoir. “Is éasca gan a bheith sásta faoin rud nach bhfuil baint agat féin leis.”

“Tá siad i ndiaidh forbairtí móra a chur i bhfeidhm le cúpla bliain anuas, in ainneoin foireann nach bhfuil mór go leor, acmhainní nach bhfuil fiúntach a ndóthain, agus ainneoin iad a bheith brúite amach go Dún Seachlainn ar an taobh eile den M50,” ar sí. “Fágann sin nach féidir leo rudaí a fháil chomh fada le siopaí na hardchathrach chomh tapa céanna agus is féidir le cuid de na dáileoirí i Sasana, fiú amháin.”

Dúirt sí gurb í an fhadhb is mó atá acu sa Siopa Leabhar ná eolas a fháil ó na foilsitheoirí Gaeilge faoi leabhair nua atá ag teacht amach nó atá ar fáil, agus bhí Liam Donnelly ó Hodges Figgis agus Tomás Kenny ó Shiopa Leabhar Uí Chionnaith ar aon intinn léi faoi sin.

Ag cruinniú eile de chuid an Chomhchoiste roinnt seachtainí ó shin, dúirt Deirdre Ní Thuathail, Stiúrthóir Chló Iar-Chonnacht, go raibh an cur chuige ó thaobh na teicneolaíochta atá ag ÁIS “go hiomlán as dáta” agus nach leor ar chor ar bith ionadaí díolacháin amháin a bheith “ar an mbóthar” ag an áisíneacht le freastal ar an tír ar fad.

Ceann de shraith cruinnithe a bhí i gceann an lae inné faoi chúrsaí foilsitheoireachta i nGaeilge atá á reáchtáil le tamall ag Coiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta, agus a bhfuil críoch tagtha leo anois.

Fág freagra ar '‘Tromluí amach is amach is ea é’ – cáineadh eile déanta ar chóras dáileacháin na leabhar Gaeilge'