Tá cúigear ar a laghad, triúr leanaí atá ag freastal ar Ghaelscoil Choláiste Mhuire ina measc, gortaithe de bharr eachtra a tharla i lár na príomhchathrach tráthnóna. Meastar gur ionsaí scine a tharla.
Tugadh an cúigear chuig ospidéil i mBaile Átha Cliath agus meastar go bhfuil bean agus cailín gortaithe go dona. Tá an fear is mó a bhfuil amhras faoi as an ionsaí é féin leonta agus tá seisean faoi choinneáil.
Cuireadh fios ar an Garda Síochána agus na seirbhísí éigeandála go dtí láthair an ionsaithe ag Cearnóg Pharnell Thoir i lár Bhaile Áth Cliath tar éis 1.30pm inniu.
Tá sé tugtha le fios ag na Gardaí nach bhfuil aon duine eile á chuardach acu faoi láthair mar gheall ar an eachtra seo.
Ina ráiteas, dúirt an Garda Síochána: “Tá fear fásta, bean fhásta agus triúr leanaí óga gortaithe.
“Tá gortú tromchúiseach déanta ar leanbh amháin, cailín, agus tá cóir leighis á cur freisin ar an mbeirt leanaí eile nach bhfuil gortaithe chomh dona léi. Tá an Garda Síochána i dteagmháil le tuismitheoirí uile an triúr leanaí.
“Tá cóir leighis á cur ar an mbean atá gortaithe go dona agus ar an bhfear nach bhfuil a gchuid gortuithe chomh tromchúiseach céanna.”
Níl aon chead ag an bpobal dul isteach go dtí láthair an ionsaithe faoi láthair.
Dúirt an tAire Dlí agus Cirt, Helen McEntee gur bhain an eachtra “stangadh” aisti agus go raibh sí i dteagmháil rialta le Coimisinéir an Gharda Síochána.
“Tá mé an-suaite ag an ionsaí uafásach seo ar thriúr leanaí neamhurchóideacha agus ar bhean i mBaile Átha Cliath inniu.
“Táimid ar fad ag smaoineamh ar na daoine atá leonta, go háirithe na leanaí, a dtuismitheoirí agus a muintir ag an am fíordheacair seo.
“Chuir mé Coimisinéir an Gharda Síochána ar an eolas agus beidh mé i ndlúth-theagmháiI leis-sean agus le Gardaí sinsearacha.
“Tuigim go bhfuil gné chinnte den scéal á fhiosrú ag na Gardaí agus nach bhfuil aon duine eile á chuardach acu faoi láthair.
“Bhain an t-ionsaí seo stangadh asainn ar fad agus níl aon amhras orm ach go dtabharfar an té a rinne an t-ionsaí os comhair cúirte.
“Ar ndóigh is ar na leanaí neamhurchóideacha agus an bhean a ionsaíodh, a dteaghlaigh agus na daoine atá ag tabhairt aire dóibh is mó atáimid ag cuimhneamh inniu.”
Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar freisin gur mhór an t-iontas dó an eachtra a tharla i gCearnóg Pharnell.
“Tá stangadh bainte asainn ar fad ag an eachtra a tharla i gCearnóg Pharnell. Tá roinnt daoine leonta agus is leanaí cuid acu. Táimid ar fad ag smaoineamh orthu agus ag cur ár mbeannachtaí chucu féin agus a muintir.”
Fág freagra ar 'Triúr leanaí ar an gcúigear a gortaíodh in ionsaí i mBaile Átha Cliath'