Triúr eile a raibh Covid-19 orthu básaithe agus rabhadh eile tugtha faoin taisteal thar lear

Sé chás nua den ghalar atá deimhnithe ó dheas agus breis is 31,000 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn

Triúr eile a raibh Covid-19 orthu básaithe agus rabhadh eile tugtha faoin taisteal thar lear

Tá sé fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil triúr eile a raibh an coróinvíreas tolgtha acu básaithe. Sé chás nua atá deimhnithe.

Fógraíodh na figiúirí is déanaí tráth a bhfuil rabhadh eile tugtha ag an bPríomh-Oifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan.

Dúirt an Dr Holohan tráthnóna go bhfuil an galar fós ag scaipeadh go treán ar fud an domhain agus gurb í comhairle na n-údarás sláinte i gcónaí ná gan taisteal thar lear mura bhfuil a leithéid riachtanach.

Ní raibh bás ar bith le fógairt ag Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu. Aon chás nua amháin a deimhníodh ó thuaidh.

2,289 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,738 duine ó dheas den teorainn agus 551 ó thuaidh di.

Duine amháin ó dheas ar tugadh an Covid-19 mar shiocair bháis dóibh roimhe seo, tá sé deimhnithe anois nárbh amhlaidh an scéal. 

31,238 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 25,477 cás ó dheas den teorainn agus 5,761 cás ó thuaidh di.

Thug an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí le fios tráthnóna gur bhain 31 de na cásanna nua den ghalar a deimhníodh i mí an Mheithimh leis an taisteal.

Dúirt an Leas-Phríomhoifigeach Leighis, Ronan Glynn, gur dúshlán mór a bheadh ann an chothromaíocht cheart a fháil idir an galar a choinneáil faoi chois agus an tír a athoscailt.

Idir an dá linn, dúirt Rúnaí Cúnta an Taoisigh ar ghnóthaí sóisialta Liz Canavan, ag preasócáid inniu go mbeadh marbhlanna sealadacha á réiteach le déileáil le haon líon mór daoine a bhásódh dá dtiocfadh maidhm eile den choróinvíreas.

Ghlac sí leis go raibh daoine trína chéile mar gheall ar chúrsaí taistil thar sáile ó thug an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte rabhadh go raibh an víreas ag scaipeadh go tréan ar fud na cruinne.  Mhol an Príomhoifigeach Leighis Tony Holohan do dhaoine cúpla lá ó shin aon saoire a bhí curtha in áirithe acu thar sáile a chur ar ceal ar bhonn sláinte.

Dúirt sí gurb í comhairle an Rialtais i gcónaí aon taisteal idirnáisiúnta “nach raibh riachtanach” a sheachaint. “Bígí foighneach linn,” a dúirt sí, “ach tá scéal an ghalair seo ag athrú ó lá go lá. Is gearr go mbeidh an plean atá á ullmhú ag an Rialtas don taisteal sábháilte thar sáile ullamh”.

Mhol sí do dhaoine aon áit atá “plódaithe” nó a bhraitheann siad “nach bhfuil sábháilte” a fhágáil agus an croí nó “do phutóga féin” a leanúint.

“Má cheapann tú go bhfuil ionad gnó éigin róphlódaithe nó nach bhfuil siad ag cloí leis na treoirlínte, ba chóir duit é a fhágáil. Mura mothaíonn tú sábháilte, ná téigh isteach ann nó fág an áit,” an chomhairle a bhí aici.

Ceaptar go mbeidh an ‘liosta glas’ de na tíortha a mbeidh sé sábháilte dul ar saoire iontu ullamh ag an Rialtas faoin 9 Iúil.

Dúirt Canavan chomh maith go raibh breis is 500 oifigeach ag an Údarás Sláinte agus Sábháilteachta ag déanamh cigireachta ar bhialanna agus tithe tábhairne lena chinntiú go bhfuil siad ag cloí leis na rialacha sláinte.

Dúirt an Rúnaí Cúnta go raibh freagracht ar gach duine againn ár ndícheall a dhéanamh “leis an víreas seo a chloí”.

“Tá go leor déanta againn. Ba mhaith linn a bheith ábalta leanúint leis an dul chun cinn sin. Ní theastaíonn uait dul ar gcúl,” a dúirt sí.

 

Fág freagra ar 'Triúr eile a raibh Covid-19 orthu básaithe agus rabhadh eile tugtha faoin taisteal thar lear'