Triúr a raibh Covid-19 orthu básaithe, 34 cás nua den ghalar deimhnithe

Deir an Dr Ronan Glynn gur ‘iompar gach aon duine againn’ a shocródh an dtabharfar nó nach dtabharfar ‘deis don víreas scaipeadh sa phobal’

Triúr a raibh Covid-19 orthu básaithe, 34 cás nua den ghalar deimhnithe

D’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil triúr eile a raibh Covid-19 orthu básaithe. 34 cás nua den ghalar atá deimhnithe.

Dúirt an Príomh-Oifigeach Leighis Gníomhach an Dr  Ronan Glynn gur “iompar gach aon duine againn” a shocródh anois cé acu an dtabharfar nó nach dtabharfar “deis don víreas scaipeadh sa phobal”.

Ní raibh bás ar bith le fógairt inniu ag Roinn Sláinte an Tuaiscirt ach deimhníodh go rabhthas tagtha ar 19 cás eile den ghalar ó thuaidh.

2,308 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,752 duine ó dheas den teorainn agus 556 ó thuaidh di.

31,564 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 25,730 cás ó dheas den teorainn agus 5,834 cás ó thuaidh di.

Tagann foilsiú na bhfigiúirí is déanaí sna sála ar rabhadh lom a thug Cillian De Gascun, Cathaoirleach na Seirbhíse Tagartha Náisiúnta maidir le Víris, faoi cad a tharlódh dá rachadh líon na gcásanna nua in airde. 

Dúirt De Gascun go gcaithfí cuimhneamh ar fhilleadh ar an dara céim den phlean díghlasála dá mbeadh 100 cás nua den ghalar sa lá ann.

Idir an dá linn, dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney inniu nach bhfuil aon seans ann go mbeidh Stáit Aontaithe Mheiriceá ar an ‘liosta glas’ taistil a fhoilseofar Dé Luain agus gur beag seans go mbeidh Sasana air.

Ní liosta fada a bheidh ann, a dúirt Simon Coveney.

Aon duine a thiocfaidh chun na hÉireann ó thír atá ar an liosta glas ní bheidh orthu féinleithlisiú coicíse a dhéanamh ach aon duine a thagann ó thír nach bhfuil ar an liosta tabharfar treoir dóibh fanacht glan ar dhaoine eile ar feadh 14 lá.

Dúirt Coveney go mbeadh an baol céanna ag baint le cuairt a thabhairt ar thíortha ar an liosta glas is a bheadh ag baint le cuairt a thabhairt ar Chiarraí, Conamara agus Dún na nGall.

Dúirt an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee inniu gurb é an “rogha dheiridh” a bheadh ann fios a chur ar na Gardaí sa chás nach mbeadh masc á chaitheamh ag duine nuair ba chóir. Tá reachtaíocht le tabhairt isteach chun go mbeadh sé éigeantach masc a chaitheamh i siopaí agus áiteanna eile taobh istigh.

Fág freagra ar 'Triúr a raibh Covid-19 orthu básaithe, 34 cás nua den ghalar deimhnithe'