Trí bliana ó gealladh bád nua d’oileán Thoraí níl cead faighte fós tús a chur leis an gcéad chéim

Trí bliana ó gealladh €4 milliún do bhád farantóireachta nua chun freastal ar oileán Thoraí, níl fiú cead tugtha comhairleoirí a cheapadh chun moltaí a dhéanamh faoi dhearadh an bháid

Trí bliana ó gealladh bád nua d’oileán Thoraí níl cead faighte fós tús a chur leis an gcéad chéim

Beagnach trí bliana ó gheall an t-iar-aire stáit Gaeltachta Joe McHugh €4 milliún chun bád farantóireachta nua a thógáil le freastal ar oileán Thoraí, níl cead faighte fós tabhairt faoin gcéad chéim den phlean.

Tá amhras mór anois ann faoina bhfuil i ndán don togra nach bhfuil tosaithe go fóill agus nach bhfuil maoiniú ar bith curtha ar fáil dó ag an Rialtas.

Agus í ag freagairt ceist Dála ón Teachta Dála Thomas Pringle, thug an tAire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta, Catherine Martin le fios nach é amháin nach raibh tús curtha leis an togra ach nach raibh cead faighte comhairleoirí a cheapadh chun dearadh an bháid nua a leagan amach.

Tá beagnach trí bliana ann ó d’fhógair iar-aire stáit na Gaeltachta Joe McHugh go raibh tús curtha le plean maidir le bád farantóireachta a thógáil a bheadh deartha go speisialta do Thoraigh.

Mar chuid den phlean céanna, bhí sé i gceist síneadh a chur le Cé Mhachaire Rabhartaigh chun í a chur in oiriúint don soitheach nua, togra nach bhfuil ach díreach tosaithe.

Dúirt an tAire Martin go raibh forbairt Ché Mhachaire Rabhartaigh agus bád nua Thoraí i measc na dtograí atá le forbairt mar chuid den Tionscadal Éire 2040 agus go raibh buanchoiste – Comhchoiste Rochtana Oileán Thoraí –bunaithe chun na tograí a bhrú chun cinn.

Ach thug sí le fios nach raibh cead faighte fós comhairle a lorg maidir le tógáil an bháid.

“Maidir leis an tsoitheach úr, ach an cead cuí bheith faighte, táthar chun dul i mbun próiseas tairisceana chun comhairleoirí le saineolas san earnáil mhuirí a fhostú le tabhairt faoi mholtaí a ullmhú do na féidearthachtaí maidir le soitheach úr a thógáil,” arsa an tAire Martin, a bhfuil cúram na n-oileán aistrithe anois óna roinn go dtí an Roinn Coimirce Sóisialaí.

“Agus na moltaí seo á n-ullmhú, tógfar san áireamh an t-oileán ar a mbeidh an bád nua ag freastal agus na dúshláin atá i gceist ó thaobh aimsir, foscadh, luas etc,” arsa Catherine Martin.

An tAire Catherine Martin

Maidir le forbairt Ché Mhachaire Rabhartaigh, dúradh go raibh Comhairle Contae Dhún na nGall tar éis próiseas tairisceana a reáchtáil d’fhonn suirbhé bataiméadrach agus geoifisiceach a chur i gcrích.

“Tabharfaidh an suirbhé léargas don Chomhairle Contae ar dhoimhneacht na farraige agus ar an saghas ábhair atá ar ghrinneall na farraige in aice leis an gcé,” a dúirt an tAire.

“Beidh an Chomhairle Contae ábalta an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na roghanna éagsúla forbartha a mheas nuair a bheidh an t-eolas seo acu. Beidh impleachtaí ag an fhorbairt ar an gcé seo, dar ndóigh, ar dhearadh aon bháid a bheidh le tógáil le freastal ar Thoraigh.”

Nuair a gealladh an togra nua, measadh gur €4 milliún a theastódh chun an bád a thógáil agus go mbeadh €2.5 milliún eile ag teastáil d’fhorbairt na cé.

Níor thug an tAire Martin aon ghealltanas go gcuirfí maoiniú ar fáil don dá thogra áfach agus dúirt go raibh siad “le breithniú ag an am cuí faoi théarmaí an Chóid Chaiteachais Phoiblí, ag cur san áireamh an soláthar airgid atá ar fáil le caitheamh ar thograí oileánda agus na héilimh éagsúla ar an soláthar sin”.

Gealladh an bád nua mar gheall ar chonspóid mhór faoi sheirbhís farantóireachta Thoraí in 2017.

Léirigh pobal Thoraí míshástacht faoi chinneadh Roinn na Gaeltachta an conradh cúig bliana do sheirbhís farantóireachta an oileáin a bhronnadh ar chomhlacht Réalta na Maidine agus imní ann faoi chaighdeán an bháid, an Queen of Aran, a bheadh i mbun na seirbhíse.

Chuir muintir an oileáin feachtas ar bun ag iarraidh go gcuirfí ar ceal an conradh ach, agus idirghabhálaí ceaptha idir an Roinn agus Comharchumann Thoraí, vótáil muintir an oileáin ar son glacadh leis an Queen of Aran mar bhád farantóireachta ach coinníollacha éagsúla a bheith curtha i bhfeidhm agus seirbhísí éagsúla eile a bheith curtha ar fáil go dtí go dtógfaí an bád nua.

Thug Joe McHugh le fios i mí Mheán Fómhair 2017 go raibh maoiniú €4 milliún á chur ar fáil aige do thógáil an bháid farantóireachta nua agus go raibh €2.5 milliún á chur ar fáil aige chun forbairt a dhéanamh ar ché Mhachaire Rabhartaigh.

An Teachta Joe McHugh

Ag deireadh na bliana sin mhaígh an Teachta Dála de chuid Shinn Féin Pearse Doherty nach raibh aon mhaoiniú ann don soitheach nua.

Shéan Joe McHugh sin agus dúirt sé go raibh airgead curtha ar leataobh ag Roinn na Gaeltachta do phleanáil an togra in 2018. Chaithfí comhairleoirí a fhostú ar dtús chun dearadh an bháid nua a leagan amach agus chun an próiseas tairisceana do thógáil an bháid a stiúradh, a dúirt McHugh.

Thug sé le fios an uair sin gur dócha nach mbeadh an fhorbairt ar ché Mhachaire Rabhartaigh, a bheadh riachtanach don bhád nua, críochnaithe go dtí lár 2020 ar a luaithe.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhine Gael ag deireadh 2017 go rabhthas ag súil go mbeadh an dá thogra – tógáil an bháid nua agus forbairt na cé – críochnaithe cothrom an ama chéanna, lár na bliana seo.

De réir tuairisc a foilsíodh ar an suíomh seo in 2018, cuireadh an gealltanas maidir le bád farantóireachta nua a thógáil d’Oileán Thoraí isteach sa Phlean Forbartha Náisiúnta ag an nóiméad deireanach ar an tuiscint nach mbeadh aon airgead breise ar fáil dá leithéid.

Fág freagra ar 'Trí bliana ó gealladh bád nua d’oileán Thoraí níl cead faighte fós tús a chur leis an gcéad chéim'