‘Tús curtha le plean do bhád speisialta nua do sheirbhís farantóireachta Oileán Thoraí’ – McHugh

Léiríodh imní ag cruinniú le déanaí faoi chaighdeán an bháid a bheidh i mbun na seirbhíse ón Aibreán seo chugainn

‘Tús curtha le plean do bhád speisialta nua do sheirbhís farantóireachta Oileán Thoraí’ – McHugh

Tá ráite ag Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh go bhfuil faoi oifigigh a roinne plean a chur le chéile maidir le bád farantóireachta a thógáil a bheadh deartha go speisialta d’Oileán Thoraí.

Mar chuid den phlean céanna féachfar ar shíneadh a chur le Cé Mhachaire Rabhartaigh ionas go mbeadh sé in oiriúint don bhád nua.

Bhí cruinniú inniu ag an Aire Stáit McHugh le toscaireacht as Oileán Thoraí agus súil aige muintir an oileáin a chur “ar a suaimhneas “ gur “ar mhaithe” leo atá an próiseas maidir le cúrsaí farantóireachta.

Tá pobal Thoraí míshásta faoi chinneadh Roinn na Gaeltachta an conradh cúig bliana do sheirbhís farantóireachta an oileáin a bhronnadh ar chomhlacht Réalta na Maidine agus thuairiscigh Raidió na Gaeltachta gur léiríodh imní ag cruinniú le déanaí faoi chaighdeán an bháid a bheidh i mbun na seirbhíse ón Aibreán seo chugainn.

Dúirt an tAire Stáit Mc Hugh cheana go raibh obair athchóirithe á déanamh ar an mbád.

Dúirt an tAire i ndiaidh chruinniú an lae inniu go dtógfaí bád nua “sa mheántéarma”.

“Mar Aire na nOileán, tá sé fíorthábhachtach dom go mbeidh teacht ag muintir Thoraí ar an tír mhór ó cheann ceann na bliana.

“D’éist mé go cúramach leis na ceisteanna a ardaíodh inniu agus tá iarrtha agam anois ar mo chuid oifigigh pleananna a fhorbairt do bhád úr agus le bail a chur ar an ché.  Beifear ag oibriú ar na pleananna sin sa tréimhse amach romhainn agus táthar ag súil leis an bplean a chur i bhfeidhm sa mheántéarma,” a dúirt An tAire Stáit McHugh.

Fág freagra ar '‘Tús curtha le plean do bhád speisialta nua do sheirbhís farantóireachta Oileán Thoraí’ – McHugh'