Trí bhotún sa leagan Gaeilge den leabhrán eolais faoi reifrinn an Mhárta

Ní mar a chéile an leagan Gaeilge de na leasuithe atá molta don Bhunreacht a fhoilsítear sa leabhrán eolais agus an leagan Gaeilge a cuireadh trí Thithe an Oireachtais

Trí bhotún sa leagan Gaeilge den leabhrán eolais faoi reifrinn an Mhárta

Tá trí bhotún sa leagan Gaeilge den leabhrán eolais atá foilsithe ag an gCoimisiún Toghcháin faoi na reifrinn a bheidh ar siúl ar an 8 Márta. Ní mar a chéile an leagan Gaeilge de na leasuithe atá molta don Bhunreacht a fhoilsítear sa leabhrán eolais agus an leagan Gaeilge a cuireadh trí Thithe an Oireachtais.  

Fágann an botún sa leagan leasaithe d’Airteagal 41.3.1º nach bhfuil ciall leis an leagan Gaeilge a fheictear i leabhrán eolais an Choimisiúin Toghcháin: 

‘Ós ar an bPósadh atá atá an Teaghlach bunaithe gabhann an Stát air féin coimirce faoi leith a dhéanamh ar ord an phósta agus é a chosaint ar ionsaí.’  

Ní hionann an leagan sin agus an leagan a fheicfidh na vótálaithe ar an bpáipéar ballóide ar an 8 Márta:  

Gabhann an Stát air féin coimirce faoi leith a dhéanamh ar ord an phósta agus é a chosaint ar ionsaí.’ 

Tá botúin san eolas a thugtar faoin 4oú Leasú freisin. Is leagan atá iomlán difriúil leis an bhfoclaíocht a achtaíodh i dTithe an Oireachtais a fheictear ar an leabhrán eolais:  

‘Admhaíonn an Stát mar gheall ar an soláthar cúraim a thugann baill teaghlaigh dá chéile mar gheall ar na naisc atá eatarthu, go dtugtar cúnamh don tSochaí, cúnamh nach bhféadfaí leas an phobail a ghnóthú dá éagmais, agus déanfaidh iarracht tacú leis an soláthar sin’. 

Is é an leagan a cuireadh trí Thithe an Oireachtais ná:  

Admhaíonn an Stát go dtugtar taca don Chomhdhaonnacht, ar taca é nach bhféadfaí leas an phobail a ghnóthú dá éagmais, de bhíthin cúram a bheith á thabhairt ag daoine de theaghlach dá chéile toisc na snaidhmeanna atá eatarthu, agus beidh an Stát ag dréim le tacú leis an gcúram sin a thabhairt.  

Ar deireadh, ní hionann an Ghaeilge a thug an Rialtas ar ‘durable relationships’ sa Bhille agus an leagan Gaeilge atá le feiceáil ar an leabhrán eolais.  

‘Bíodh sé bunaithe ar an bpósadh nó ar chóngais bhuanfasacha eile’ an líne a chuirfí isteach dá rithfí an rún.  

Bíodh sé bunaithe ar phósadh nó ar chaidreamh marthanach eile’ an líne atá ar an leabhrán eolais.  

Tá chuile chosúlacht ar an scéal gur aistríodh an leabhrán eolais a chuir an Coimisiún Toghcháin amach ó bhunleagan Béarla go Gaeilge gan na Billí a bhaineann leis an dá reifreann a sheiceáil. Ó tharla gur leagan iomlán difriúil atá i gceist leis an 40ú Leasú, tá gach seans ann gur chum an duine a d’aistrigh an leabhrán eolais a leagan féin de na leasuithe atá ar fáil sna cáipéisí atá foilsithe ag an Rialtas.

Sheol an Coimisiún Toghcháin feachtas eolais i mBaile Átha Cliath inné a bhfuil sé mar aidhm aige “eolas neamhspleách neamhchlaonta atá éasca a theacht air” a chur ar fáil don phobal.  

Ba é an Coimisiún Reifreann a dhéanadh an cúram sin go dtí gur bunaíodh an Coimisiún Toghcháin an bhliain seo caite. Is é an feachtas seo faoin dá reifreann a bheidh á reáchtáil ar an 8 Márta an chéad fheachtas eolais atá déanta ag an gCoimisiún Toghcháin.  

Seoladh an feachtas in Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath inné agus beidh cathaoirleach an Choimisiúin, an Breitheamh Marie Baker, ag dul ar camchuairt timpeall na hÉireann sna seachtainí amach romhainn le “bualadh le hoibrithe monarchan, grúpaí spóirt pobail, grúpaí ealaíon, agus an Lucht Siúil” le heolas a scaipeadh faoi na reifrinn. Beidh fógraí de chuid an Choimisiúin i nGaeilge agus i mBéarla ar an teilifís, ar an raidió, ar nuachtáin, agus ar líne freisin.  

Fág freagra ar 'Trí bhotún sa leagan Gaeilge den leabhrán eolais faoi reifrinn an Mhárta'

  • Colmcille Ó Monacháin

    Ó, bhal! Tá sabotage breá déanta ag an Rialtas ar a mbeartas féin, ar a mbeartas reifrinn. Sampla eile den chontúirt a ghabhann leis an Státseirbhís a bheith neamhinniúil ar phríomhtheanga oifigiúil an Stáit. I dtaca leis na botúin de, (1) thuigfeadh aistritheoir inniúil gur gá dlí nó dréacht dlí a bhaint díreach as an fhoinse bharántúil, (2) cliant a mbeadh fios a ghnó aige, chinnteodh sé go mbeadh treoir shainráite faoi thábhacht na barántúlachta sin sa tsonraíocht a thabharfadh sé don tsaoraistritheoir, agus 3) dhéanfadh an cliant féin athbhreithiú ar chuid oibre an tsaoraistritheora. Fiasco!

  • jpmorley0@gmail.com

    Fear ‘an tAE’ ar ais ar a bhogstróc aríst?
    ‘Fear an tae.’