Treoirleabhar don té nach bhfuil púicín air…

Sa mhír seo moltar leabhair Ghaeilge ar son do leasa agus d’aimhleasa. An babhta seo leabhar a léiríonn an éagsúlacht mhór fiadhúlra in aon cheantar beag amháin

Treoirleabhar don té nach bhfuil púicín air…

Is gnách mé ag siúl le ciumhais na habhann, nó áit ar bith eile le fírinne. Is breá liom coisíocht sa bhfiántas.  Ach tá fadhb mhór amháin agam. Táim dall. Ní daille Shéamais Dhaill ná Raiftearaí buíochas mór le Dia, ach an saghas caoiche sin nach bhfeiceann an rud in aice láimhe. Feicim luifearnach agus raingléis ach ní fhéadfainn an spairtíneach a aithint seachas an muiríneach agus maidir le fiailí, tuigim cad is neantóg ann toisc gur mhinic sin cealg dom phriocadh toisc gur cheapas gur duilleog chopóige a bhí ann. 

Aineolas an bhuachalla a tógadh le coincréit agus le tarramacadam.

 Agus sa chás is go n-ardóinn mo chloigeann ar éigean go n-aithneoinn an bhadhbh seachas an spideog, cé go dtuigim cad is ostrais ann ceart go leor ar a mhuineál. Is fusa colúr a aithint ar an bpláta sa bhialann seachas an cadhan aonair, agus maidir leis an lacha ghobaphlapach is blasta mar fhocal ná mar bhia é.

 Má tá tú ar aon tslí ar mo nós féin agus tú i ngar do chósta Bhaile Átha Cliath agus dúil agat dul ag siúl ar Oileán an Bhulla, is duitse an leabhar eolgaiseach seo: Fiadhúlra Oileán an Bhulla le Proinsias Mac an Bheatha agus le Seán Ó Coileáin (Coiscéim €7.50). Sa chás is nach é do chúram cóisir ceirtlise a bheith agat ar an trá, nó duine a chrochadh leat isteach i lár na ndúmhachanna ar son tamaill spraoi, nó cluiche leamh gailf a imirt ar cheann den dá fhaiche atá sa chomharsanacht, is maith an seans go bhfeicir an pocaire gaoithe ag éirí aníos as na fearnóga nó clais-sliogán piobarach ina shleasluí ar an ngaineamh.

 Nach iontach go léir a bhfuil inár dtimpeall, ach nach bhfeictear é?

 Leabhar é seo a léiríonn dúinn an éagsúlacht mhór fiadhúlra ‘idir phlandaí, éin, fheithidí, agus shliogáin’ atá in aon cheantar beag amháin. Mé ag déanamh gaineamh súraic slán de gur mar sin atá in mórán d’fhearainn theoranta eile timpeall orainn nach bhfuil loitithe ag an bhforbairt bhuile. Treoirleabhar, mar sin, don té nach bhfuil púicín air. Rabhadh, leis, é go bhfuil cuid mhór den fhiadhúlra seo i mbaol, go háirithe ón loisceoir sa phort nach foláir cigireacht dhian a dhéanamh ar na hastaíochtaí uaidh.

 Pointe eolais gan tábhacht dóibh siúd ar maith leo pubquizeanna agus a leithéid. Smaoinítear air seo, ar eagla go mbeifeá choíche ar Who Wants to be a Millionaire?.

Ba é an Captaen William Bligh (an fear céanna) a mhol go dtógfaí na fallaí ar dhá thaobh chuan na hardchathrach ar dá bharr atá Oileán an Bhulla ann inniu.

 Idir an dá linn, siúil leat agus bain taitneamh as an magairlín stuaice ag ardú a chloiginn san aer agus as gliogram an ghliográin le siosarnach na gaoithe agus as dathanna spiagúla an leamhain fhlanndeirg, as scread na geabhróige lasnairde, as dúire an róin ar an gcarraig, as brioscarnach na scine mara faoi do chosa, agus go háirithe as feithidí gan áireamh ag cigilt do chraicinn tar éis duit dul amach ag snámh…

Fág freagra ar 'Treoirleabhar don té nach bhfuil púicín air…'