Deireadh na foighne caite ag lucht éilimh aifreann Gaeilge i nDún Laoghaire agus iad ag dul i mbun agóide

Tá agóid beartaithe ag Pobal Aifreann Gaeilge Pharóiste Naomh Micheál an tseachtain seo chun cur i gcoinne an chinnidh deireadh a chur le haifreann Gaeilge Dhún Laoghaire

Deireadh na foighne caite ag lucht éilimh aifreann Gaeilge i nDún Laoghaire agus iad ag dul i mbun agóide

Tá deireadh na foighne caite ag lucht éilimh aifreann Gaeilge i nDún Laoghaire agus iad ag dul i muinín na hagóidíochta.

Beidh agóid amárach, Déardaoin, ag Pobal Aifreann Gaeilge Pharóiste Naomh Micheál ag cur i gcoinne an chinnidh deireadh a chur leis an aifreann Gaeilge a bhíodh ar siúl i nDún Laoghaire le 50 bliain nó gur cuireadh deireadh tobann leis breis is bliain go leith ó shin.

Tá an agóid a bheidh ar siúl ag Coláiste na Croise Naofa i nDroim Conrach san oíche amárach á beartú toisc, a deir lucht an fheachtais, nár thug an sagart paróiste an tAthair Paul Kenny ná Ard-Easpag Bhaile Átha Cliath, an Dr Diarmuid Martin, aird ar bith ar na litreacha agus na hachainíocha go léir atá seolta acu chucu ó cuireadh stop leis an Aifreann Gaeilge ina mbíodh ceoltóirí agus cór páirteach.

Ba é buille maraithe na muice don ghrúpa feachtais, a deir siad, ná nuair a chonaic siad ainm an Athar Paul Kenny, a chuir deireadh leis an aifreann Gaeilge in 2017, luaite mar eagarthóir ar an bhfoilseachán Gaeilge nua Canaimis – Ceol don Aifreann. Tá an agóid ar siúl i nDroim Conrach ag an am céanna agus ag an láthair chéanna a mbeidh seoladh an tsaothair sin ar siúl oíche Déardaoin.

Thug stiúrthóir an chóir i nDún Laoghaire Pauline Uí Argáin le fios go bhfuil olc ar lucht an fheachtais go háirithe faoin té a chinn deireadh a chur leis an aifreann Gaeilge a bheith á lua le cur chun cinn na Gaeilge san eaglais agus gurbh é sin “a bhris ar fhoighne Phobal Aifreann Dhún Laoghaire ar deireadh”.

“Mothaímid go bhfuil cur i gcéill ar siúl le seoladh Canaimis, go bhfuil an eaglais agus an tAthair Paul Kenny ag tabhairt le fios go bhfuil siad ag cur chun cinn an Aifrinn i nGaeilge, nuair is a mhalairt atá fíor,” arsa Pauline Uí Argáin.

Dúirt stiúrthóir an chóir nárbh é an rogha ab ansa leo dul i muinín na hagóidíochta poiblí ach gur bhraith siad nach raibh aon dul as toisc an chluas bhodhar a bheith á tabhairt dóibh.

“Ní lucht agóide nádúrtha muid. Is lucht cór eaglasta muid! Tá dhá bhliain caite againn ag scríobh litreacha agus ag lorg cruinnithe go ciúin béasach gan dul chun cinn ar bith.

“Tá diúltaithe ag an sagart paróiste bualadh linn. Níl an tArdeaspag tar éis freagra a thabhairt ar ár litreacha. Táimid gortaithe ag an tslí a bhfuil an sagart paróiste agus Ard-Deoise Bhaile Átha Cliath tar éis caitheamh linn,” arsa Pauline Uí Argáin.

Dúirt Bríd Nic Shamhráin, ball de Phobal Aifreann Dhún Laoghaire gur “pobal bríomhar tuataí” a bhí i bpobal an aifrinn Ghaeilge agus go raibh ag dul di a thuiscint cén fáth nach mbeifí ag tacú leo.

“Bhí mo thuismitheoirí – atá ar shlí na fírinne – páirteach i mbunú an Aifrinn i nGaeilge i nDún Laoghaire leathchéad bliain ó shin agus bhí mo mháthair mar an dara stiúrthóir ar an gcór. An rud atá deacair a thuiscint ná go mbíonn an Pápa agus na hEaspaig de shíor ag caint faoi thuataí agus mná a bheith rannpháirteach san Eaglais. Is pobal bríomhar tuataí muid,” a dúirt Bríd Nic Shamhráin.

Fág freagra ar 'Deireadh na foighne caite ag lucht éilimh aifreann Gaeilge i nDún Laoghaire agus iad ag dul i mbun agóide'

  • Niall na Naoi bPiontaí

    An é seo paróiste Chríostóra Uí Fhloinn? Chuirfeadh sé iontas orm mura raibh rud éigin le rá ag an bhfile faoin gcúis….