Tráth na cinniúna don Ghaeltacht sa chóras pleanála agus pleananna forbartha á réiteach

Tá céim chun tosaigh á tabhairt an tseachtain seo maidir le plean forbartha nua a réiteach do chontae na Gaillimhe

Tráth na cinniúna don Ghaeltacht sa chóras pleanála agus pleananna forbartha á réiteach

Ina leabhar Ón Spidéal go Strasbourg déanann an t-iarfheisire Eorpach Seán Ó Neachtain cur síos ar an gconspóid pleanála a tharla sa Spidéal dhá scór bliain ó shin nuair a tugadh cead pleanála ar imeall an bhaile do scéim tithíochta.  Ag an am baisteadh ‘Luxury Homes’ ar an scéim a bhí le déanamh ag comhlacht tógála ó cheantar Thuama.

Cuireadh feachtas láidir ar bun in aghaidh na scéime mar gheall ar cheist na teanga go príomha agus an dochar a d’fhéadfadh scéim mar í a dhéanamh don chothromaíocht teanga sa Spidéal. Tugadh an cás chomh fada leis an mBord Pleanála agus bhí éisteacht phoiblí ann. Ní raibh aon mhaith ann. Ag an am ní fhéadfaí cúinsí teanga a chur san áireamh sa gcóras pleanála agus cead pleanála á dhiúltú. Is féidir anois de bharr an stocaireacht stuama a rinne Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ar an aire rialtais áitiúil, Noel Dempsey, nuair a bhí an Bille á réiteach. Faoi alt 10.2 (m) den Acht Pleanála agus Forbartha tá dualgas reachtúil ar gach údarás pleanála a bhfuil ceantar Gaeltachta faoina chúram, cosaint a thabhairt don Ghaeilge mar theanga phobail.

Tá céim chun tosaigh á tabhairt an tseachtain seo maidir le plean forbartha nua a réiteach do chontae na Gaillimhe, plean a thiocfadh i bhfeidhm in 2022 agus a mhairfidh sé bliana. Tá tús á chur an tseachtain seo le plé na gcomhairleoirí faoi na haighneachtaí atá faighte i dtaobh an phlean.

Ní hí Comhairle Chontae na Gaillimhe an chomhairle is measa ó thaobh cosaint a thabhairt don Ghaeilge sa chuid den Ghaeltacht ina bhfuil an teanga fós in úsáid. Tá iarracht mhaith déanta ag an gComhairle Contae sa Ghaillimh agus ag an Oifigeach Gaeilge na coinníollacha teanga a leagtar ar eastáit tithíochta a chur i bhfeidhm. Mar sin féin d’fhéadfadh Comhairle Contae iarracht níos fearr a dhéanamh. Tá an chontúirt i gcónaí ann go lagófar an chosaint a thugtar don Ghaeilge sa gcóras pleanála de bharr brú ó na forbróirí agus roinnt úinéirí talún.

Ach má chuireann eagraíochtaí pobail brú ar na comhairleoirí contae áitiúla d’fhéadfaí an chosaint a thugtar don Ghaeilge tríd an gcóras pleanála a neartú.

Cé gur faoi na comhairleoirí atá sé na polasaithe agus na cuspóirí sa phlean nua a shocrú, polasaithe i leith na Gaeltachta san áireamh, tá cuid mhaith de na cártaí ag na feidhmeannaigh. Tá monaplacht, geall leis, ag na feidhmeannaigh ar an saineolas a theastaíonn le plean mar seo a chur le chéile. Ar ndóigh ní bhíonn na feidhmeannaigh chéanna ag iarraidh mórán a athrú ach ag deireadh an lae is ag na comhairleoirí atá an chumhacht na forálacha faoi na cuspóirí agus polasaithe a shocrú sa phlean forbartha. Is í sin an chumhacht is mó agus is tábhachtaí atá ag na comhairleoirí tofa ach í a úsáid go stuama

I gcontae na Gaillimhe thosaigh an próiseas le plean nua a réiteach Meán Fómhair seo caite nuair a glacadh le haighneachtaí ó eagraíochtaí agus ón bpobal faoin bplean nua. Tháinig 148 aighneacht isteach in am. Tá tuairisc ón bPríomhfheidhmeannach, Kevin O’ Kelly, foilsithe anois ina liostáiltear na moltaí éagsúla sna haighneachtaí sin chomh maith le dearcadh an Phríomhfheidhmeannaigh ina leith.

Na príomh-mholtaí faoin nGaeltacht

Is fiú cuid de na moltaí a tháinig isteach maidir leis an nGaeltacht a lua.

  • Údarás na Gaeltachta ag moladh Plean Áitiúil Gaeltachta a réiteach, mar a réitíodh cheana.
  • Fóram Pleanála Teanga Chois Fharraige ag moladh stádas speisialta don Spidéal mar gurb é an t-aon sráidbhaile in aice chathair na Gaillimhe ina bhfuil an Ghaeilge in úsáid ag sciar suntasach den phobal mar gnáth-theanga laethúil.
  • Cumann Forbartha Chois Fharraige ag iarraidh polasaí ‘Neartú Gaeltachta’ a chur i bhfeidhm faoina dtabharfaí cead pleanála do dhuine nó teaghlach a bhí tiomanta don Ghaeilge agus ag iarraidh lonnú in áit ina raibh an Ghaeilge in úsáid.
  • Comharchumann Sailearna ag iarraidh tacaíocht d’eagraíochtaí a bheadh ag iarraidh tithíocht a chur ar fáil le freastal ar riachtanais na Gaeltachta.
  • An tOifigeach Pleanála Teanga sa gCeathrú Rua ag iarraidh aitheantas don Cheathrú Rua mar phríomhionad seirbhísí don Ghaeltacht.
  • Coiste Jabanna Iorras Aithneach ag iarraidh go gcuirfí tithíocht shóisialta agus tithe inacmhainne ar fáil i gceantar Charna/Chill Chiaráin.

Tá aighneacht chuimsitheach fada curtha isteach ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, mar a bhí uirthi ag an am, ach aisteach go leor níl aon cheo san aighneacht faoi oidhreacht teanga na Gaeltachta ná faoin ngá le cosaint a thabhairt don Ghaeilge sa nGaeltacht!

An Chéad Chéim Eile

Níl sa liosta thuas ach blaiseadh beag de na moltaí éagsúla atá tagtha isteach ón bpobal. Tabharfar deis an tseachtain seo do na comhairleoirí a gcuid a rá faoin tuairisc ón bPríomhfheidhmeannach ar na moltaí sna haighneachtaí.

Tabharfar deis ansin don Oifig Pleanála dréachtphlean a ullmhú, agus ba cheart go mbeadh sé réidh le cur os comhair an phobail faoi Lá Fhéile Pádraig. Tabharfar trí mhí don phobal aighneachtaí a chur isteach faoin dréachtphlean nuair a fhoilseofar é. Sin an uair is géire a bheas stocaireacht ag teastáil, lena chinntiú go mbeidh an Phlean Forbartha do Chontae na Gaillimhe ag freastal ar riachtanais na bpobal Gaeltachta.

Beidh deis ag na Comhairleoirí vótáil ar son na leasuithe a bheas molta agus ina dhiaidh sin déanfar an dréachtphlean leasaithe a fhoilsiú. Glacfar le haighneachtaí faoi na leasuithe ag an bpointe sin agus tiocfaidh na leasuithe ar ais os comhair cruinniú cinniúnach den Chomhairle Contae a thionólfar in earrach na bliana 2022. Is ag an gcruinniú sin a dhéanfar Plean Forbartha 2022-2028 do chontae na Gaillimhe a shocrú agus beidh ar an Oifig Pleanála iarratais phleanála a mheas de réir na bhforálacha sa bPlean Forbartha nua ó thart ar mhí Bealtaine 2022.

Contaetha eile

Tá an próiseas céanna ar bun faoi láthair ag roinnt comhairlí contae eile a bhfuil ceantair Ghaeltachta faoina gcúram. Tá dréachtphlean contae á réiteach faoi láthair ag Ciarraí, Port Láirge agus contae Chorcaí agus an t-amchlár don obair mórán mar a chéile le ceann chontae na Gaillimhe.  I gcontae na Mí tháinig plean nua i bhfeidhm anuraidh, 2020, agus mairfidh sé sin go ceann sé bliana eile. Tá dréachtphlean foilsithe ag Comhairle Chontae Maigh Eo a bheas le teacht i bhfeidhm níos deireanaí i mbliana agus ní bheidh Dún na nGall ag tosú ar an bpróiseas le plean nua a chur le chéile go dtí 2022.

Maidir le ‘Luxury Homes’ An Spidéil 40 bliain ó shin, níor éirigh le Coiste Pobail an Spidéil stop a chur leis an gcead pleanála a thug Comhairle Chontae na Gaillimhe le heastát tithíochta a thógáil ar imeall an bhaile, trasna ón trá.  Ach mar thoradh ar an achrann poiblí, rinne Údarás na Gaeltachta an suíomh a cheannach ó na forbróirí agus is ann a tógadh Ceardlann an Spidéil.

Fág freagra ar 'Tráth na cinniúna don Ghaeltacht sa chóras pleanála agus pleananna forbartha á réiteach'

  • Fion

    Coinnidh súil géar ar Comhairle Contae Chiarraí, bíonn siad ag obair in aghaidh an teanga go ró-mhinic. Ach b’fhéidir go mbeidh meon difriúl acu as seo amach… (Cuimhnidh an léirscrios a dhein forbairt na tithíochta ar an ceantar san aimsir chaite, i mBaile an Fheirtéaraigh agus áiteanna eile).

    Teastaíonn ar Gaeltachta cúpla tí le daoine as an áit a bhfuil Gaelainn acu, agus cead pleanála tugtha do dhaoine áitiúla a bhfuil gaelainn acu agus fonn tógáil ar a dtalamh féin.

    Ní theastaíonn ortha caoga títhe agus daoine gan Ghaelainn a mhealladh (arís)

  • Mairéad

    Braitheann go leor ar tithíocht a chur ar fáil do mhuintir na háite – an aos óg go háirid. Tá eagras náisiúnta carthanachta amháín i gCois Fharraige atá ag déanamh beag is fiú de go mbeadh tithe sóisialta á chur ar fáil do lucht labhartha na Gaeilge.